Bille a chosnódh cearta traidisiúnta bainte feamainne le teacht slán i dtír sa Dáil

Agus reachtaíocht feamainne á plé sa Dáil, tá sé ina chogadh praghsanna idir comhlachtaí atá ag fiach ar fheamainn san iarthar

Bille a chosnódh cearta traidisiúnta bainte feamainne le teacht slán i dtír sa Dáil

Is cosúil go gcuirfear cor eile i nDáil Éireann inniu sa gconspóid a bhaineann le ceist na gceart bainte feamainne, agus é i gceist ag Fianna Fáil tacú le reachtaíocht nua.

D’fhógair an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív sa Dáil tráthnóna inné go mbeadh a pháirtí ag tacú leis an mBille atá curtha chun cinn ag na Teachtaí Dála Neamhspleácha, Catherine Connolly agus Thomas Pringle, bille a bhfuil sé mar aidhm leis go gcoinneodh daoine áitiúla cois cósta na cearta traidisiúnta bainte feamainne mar a leagadh amach iad i bhfad siar sa stair.

Thabharfadh tacaíocht Fhianna Fáil an Bille i dtír slán. Táthar ag éileamh sa mBille freisin nach dtabharfadh an Stát ceadúnais bainte feamainne ar fud stráicí móra den chladach do chomhlachtaí móra.

Idir an dá linn, tá sé ina chogadh praghsanna idir comhlachtaí atá ag fiach ar fheamainn san iarthar.  Chuir an comhlacht is mó acu, Arramara Teo, a bhfuil a n-ionad acu i gCill Chiaráin i gConamara, an praghas suas go dtí €53 an tonna an lá cheana.  B’in ardú de bheagnach leath scór euro de léim.

Bhí comhlachtaí i Maigh Eo agus san iarthuaisceart dá mbualadh amach go mór lena gcuid praghsanna féin agus bhí feamainn as Conamara agus iarthar Mhaigh Eo caillte ag Arramara Teo. 

Ach ní túisce an praghas a bheith ardaithe ag Arramara Teo ná gur tháinig na comhlachtaí eile aniar aduaidh orthu. Cé go bhfuil drogall ar na comhlachtaí eile – seachas Arramara – labhairt leis na meáin chumarsáide tuigtear go bhfuil ceann acu gafa níos airde arís na Arramara le praghsanna.

Ní scéal maith í an chorraíl seo do Arramara Teo atá anois i seilbh an chomhlachta as Nova Scotia i gCeanada, sin é Acadian Sea Plants.  Siadsan a cheannaigh Arramara Teo ó Údarás na Gaeltachta – níor insíodh ariamh ó shin cén praghas a íocadh – agus plean acu leis an lear tonnaí sa mhonarcha a mhéadú go dtí 35,000 agus tuilleadh sa mbliain.  Níl sé sin ag tarlú fós.  Thart ar 23,000-25,000 tonna atá ag dul tríd an monarcha i gCill Chiaráin i gcónaí. 

Tuigtear nach bhfuil sé i gceist ag Acadian Sea Plants aon infheistíocht mhór eile a dhéanamh in Arramara Teo nó go mbeidh siad cinnte faoin lear feamainne a bheidh ar fáil acu.  Ach is cosúil go gceapann siadsan gurb é an córas ceadúnais an bealach is fearr le soláthar feamainne a chinntiú.

Pé socrú a dhéanfar, tá luí láidir ag dreamanna cois cósta leis na bealaí traidisiúnta agus tá tábhacht leis an díospóireacht atá ar bun sa Dáil na laethanta seo dóibh dá bharr.  Bua suntasach a bheadh ann dóibh siúd atá ag iarraidh coinneáil le seanchóras na gceart áitiúil dá n-éireodh le Bille Catherine Connolly agus Thomas Pringle sa Dáil. 

Ceist eile ná an mbeadh dlí na tíre ar a dtaobh.

’Sé leagan amach an chórais Stáit ná go bhfuil na coinníollacha a bhaineann le chuile shórt atá sa gcladach, taobh thíos den snáth mara, leagtha síos in Acht na bliana 1933 agus sna leasuithe a rinneadh air ó shin.  Ciallóidh sin go dteastódh ceadúnas le feamainn bhuí a bhaint agus tá iarratais istigh ag ceithre dhream ar cheadúnais faoi láthair. 

Tá an t-iarratas atá istigh leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ag Arramara Teo ar an gceann is mó a bhfuil aird lucht na feamainne air. Tá Arramara ag iarraidh ceadúnas de cheart ar thuaisceart chontae an Chláir ó thuaidh go cósta Chonamara agus amach go tuaisceart Mhaigh Eo.

Dúirt an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil inné go bhfuarthas amach go bhfuil cearta áirithe bainte feamainne ann cheana féin.  Tá, a dúradh, an Roinn agus an tArd-Aighne i mbun scrúdú ar na cearta traidisiúnta seo agus na hiarratais ar cheadúnais á meas faoi láthair acu.  Lena chois sin dúradh:

“These applications, most of which are by companies, are effectively on hold until such time as this Department is in a position to bring clarity to the regulatory regime applying to the harvesting of wild seaweed.

“At that point the applications on hand will come before the Minister for determination. Work on this complex legal issue is continuing and it is hoped to have made substantial progress on the matter in the coming weeks”. 

Tá ceisteanna móra mar sin le réiteach sa gcladach, i nDáil Éireann agus ag comhlachtaí.  Ach an oiread le hobair na feamainne féin, ní ribín réidh cuid ar bith acu.

Fág freagra ar 'Bille a chosnódh cearta traidisiúnta bainte feamainne le teacht slán i dtír sa Dáil'