Biden v Trump – is beag díospóireacht riamh a bhí chomh cinniúnach…

Tá a gcuid cúiseanna féin ag an dá pháirtí i Stáit Aontaithe Mheiriceá le tabhairt faoi dhíospóireacht teilifíse chomh luath seo sa bhfeachtas uachtaránachta

Biden v Trump – is beag díospóireacht riamh a bhí chomh cinniúnach…

D’fhéadfadh an botún is fánaí a bheith cinniúnach sa gcéad díospóireacht i bhfeachtas toghcháin uachtaránachta na Stát Aontaithe in Georgia anocht. Tá Donald Trump agus Joe Biden ag réiteach le roinnt laethanta le haghaidh a thabhairt ar a chéile.

Tá a gcuid cúiseanna féin ag an dá pháirtí le tabhairt faoi dhíospóireacht chomh luath seo sa bhfeachtas. Seo an chéad uair riamh gur thug Uachtarán reatha agus iarUachtarán aghaidh ar a chéile i dtoghchán. Tá an díospóireacht seo ar siúl i bhfad níos luaithe san fheachtas ná mar a bhíonn de ghnáth agus brisfear nós eile sa mhéad is nach mbeidh aon lucht féachana i láthair.

Tá go leor eile faoin bhfeachtas seo atá eisceachtúil. Tá an bheirt fhear amach sna blianta. Níl an aois chomh lárnach i bhfeachtas Trump agus atá i gceann Biden. Tá a lucht feachtais ar a míle dícheall ag iarraidh a chruthú go bhfuil sé in ann ag an obair. Teastaíonn uathu a léiriú go bhfuil a intinn soiléir agus grinn. Luaitear an óráid State of the Union a thug sé níos túisce i mbliana mar shampla de chomh bríomhar, éirimiúil agus is féidir leis a bheith. Mar a bheifeá ag súil leis is mó aird a thugann lucht a cháinte ar na botúin a dhéanann sé agus ar chomh cróilí agus a bhreathnaíonn sé go minic. Tá siad diongbháilte de go gcaithfear na nithe sin a bhréagnú.

I gcás na bpoblachtánach teastaíonn uathu a léiriú nach aon ainsprid é Donald Trump, ainneoin breithiúnais éagsúla i gcúirteanna na tíre inar ciontaíodh é in ionsaithe gnéis, caimiléireacht agus calaois. Ní athrófar intinn na ndaoine sin a chreideann i Trump. Ní orthu sin a bheidh lucht straitéise an pháirtí dírithe ach orthu siúd atá idir dhá chomhairle nó atá ag brath ar fhanacht sa mbaile ar fad. Teastóidh uathu beag is fiú a dhéanamh de na cásanna cúirte ar fad agus déanfaidh siad iarracht a chur i gcionn air a bheith ciúin ar feadh tréimhsí sa díospóireacht seo seachas a bheith ag síorthafann mar a bhí sé sna díospóireachtaí ceithre bliana ó shin.

Tá na rialacha don chomhrac seo neamhghnách. Ní bheidh lucht féachana ann le bheith ag béicíl. Beidh na micreafóin dúnta seachas nuair a bheidh fear amháin nó an fear eile ag caint. Tá an bheirt acu le bheith ina seasamh ar feadh uair go leith. Beirt chraoltóirí de chuid CNN a bheidh i bhfeighil ar an bplé, Jake Tapper agus Dana Bash. Tá foireann Trump tosaithe cheana féin ag iarraidh dochar a dhéanamh do chlú na beirte ar mhaithe le cuidiú lena gcás féin.

Tá sé i gceist ag Biden díriú ar cheist an ghinmhillte, an daonlathas agus cúrsaí gnóthaí eachtracha, a deir lucht a fheachtais. Chuaigh sé go Camp David ag an deireadh seachtaine le tabhairt faoin ullmhúchán.

Tá sé i gceist ag Trump díriú ar aois Biden agus ar chumas an uachtaráin, idir choisíocht agus éirim, cúraimí móra an Tí Bháin a sheasamh go ceann ceithre bliana eile.

Ní maith le sciar mór den phobal ceachtar iarrthóir – tá deis acu beirt é sin a athrú anocht. Má theipeann orthu? Tá caint cheana féin ar iarrthóirí eile. Is beag díospóireacht riamh a bhí chomh cinniúnach.

Fág freagra ar 'Biden v Trump – is beag díospóireacht riamh a bhí chomh cinniúnach…'