Tá mo lúidín briste.
Timpiste rothaíochta.
Ar chomhairle baile an bhaile ina bhfuil mo mháthair ina cónaí atá an milleán.
Drochleagan amach ar T-acomhal.
Cead tugtha do mhilliúnaí éigin balla ard a thógáil timpeall ar phálás de theach, balla a cheileann an radharc ar thaobh-bhóthar. Bóithrín fánach. Ach ceart slí ag an trácht a thagann amach as.
Chonaic mé an carr ag an mbomaite deireanach. D’fháisc mé na coscáin láimhe le fórsa. Fórsa chomh láidir sin gur teilgeadh suas san aer mé. Cuimhne shoiléir agam ar an millimeandar sin go raibh mé san aer, mar a bheadh carachtar i mbeochan os cionn aillte. Cac, a shíl mé liom féin.
Níl rud ar bith cearr le frithluaileacha mo cholainne. Shín mé amach romham mo dhá lámh agus ar an gcaoi sin, níor bhuail mo smig an talamh. (Sula dtosaíonn tú ar an ‘Ach an raibh clogad á chaitheamh agat?’: ní thabharfadh clogad aon chosaint dom; mo ghiall agus mo chuid fiacla a bheadh briste agam seachas mo bhlaosc.)
Ach bhí cuma Z ar lúidín mo láimhe deise. Thit mo rothar anuas orm agus thit an stiúir anuas ar mo lámh.
Rith beirt bhan amach as an gcarr, a bhí tar éis stopadh i mbéal an bhóithrín. Lánúin leispiach, an chéad rud a rith liom. Aisteach an chaoi a ndéanann an intinn catagóiriú ar chlaonadh gnéis na ndaoine timpeall orainn ar an bpointe boise, fiú nuair a bhíonn rothar tar éis titim anuas ort.
‘Ach ní raibh gá ar bith leis!’ a scairt an tiománaí. ‘Bhí mé chun ceart na slí a ghéilleadh duit!’
Ach ní raibh mise chun talamh slán a dhéanamh de go ngéillfeadh carr a raibh ceart slí aige ceart slí do rothaí, a shíl mé liom féin.
‘Ááá,’ a dúirt mé, d’éirigh, agus tharraing ar mo lúidín go dtí go raibh na falaing i líne dhíreach arís. (‘M’anam,’ a déarfadh banaltra ar ball, ‘bhí do mhéar as alt in dhá áit agus chuir tú féin ar ais in alt í.’ Bhí an mhéar briste freisin, ach in áit eile, gar don lámh. In dhá áit le bheith cruinn, briseadh casta mar bharr ar an donas, agus cloisfidh mé inniu an mbeidh obráid de dhíth.)
‘An féidir linn rud éigin a dhéanamh duit?’ a d’fhiafraigh an tiománaí. ‘Tú a thabhairt áit éigin?’
‘Ceapaim gurbh fhearr dom dul go dtí an t-ospidéal. Mura miste libh …’
‘Ba mhaith liom caitheamh leat mar ba mhaith liom go gcaithfí liomsa,’ a dúirt an tiománaí agus tá mo shúile ag fliuchadh rud beag fiú amháin anois, dhá lá níos déanaí, agus an líne sin á cló isteach agam le méar amháin.
Agus an domhan sa riocht ina bhfuil sé, ar éigean a bheifeá ag súil na laethanta seo lena leithéid de dhaonnacht. Gan trácht ar a leithéid de dheisbhéalaí.
Is minic a chloiseann tú faoi thimpistí buille is teitheadh. Cuireann scéalta mar sin alltacht ar dhaoine agus díolann alltacht nuacht agus cliceanna. Go hannamh a bhaineann cineáltas agus grá dearthár na ceannlínte amach. Ach fianaise a bhí san eachtra a tharla domsa go bhfuil bunús le nath cainte nua atá tar éis teacht chun cinn anseo san Ísiltír le tamall de bhlianta anuas: de meeste mensen deugen*, daoine córa iad mórchuid na ndaoine.
* Bunteideal Ísiltírise an leabhair mhórdhíola neamhfhicsin Humankind: A Hopeful History le Rutger Bregman a spreag an nath cainte sin.
Steve
Bíodh sin mar atá, is iad an dream eile, ‘na drochghéaga’, is mó a fhágann iomard ar an saol agus is iad is mó a bhfuil an svae acu ar an aimsir seo freisin is cosúil.