‘Bhí géarchúis, gaois agus tuiscint ag baint leis’ – Paddy O’Toole, iar-aire na Gaeltachta, ar shlí na fírinne

Dhá thréimhse a chaith Paddy O’Toole as Iorras i Maigh Eo ina aire Gaeltachta, idir 1981-1982 agus arís idir 1982-1987

‘Bhí géarchúis, gaois agus tuiscint ag baint leis’ – Paddy O’Toole, iar-aire na Gaeltachta, ar shlí na fírinne

Tá an t-iar-aire Gaeltachta Paddy O’Toole tar éis bháis.

Ba as Gaoth Sáile in Iorras i Maigh Eo do Paddy O’Toole a bhí ina Theachta Dála d’Fhine Gael idir 1977-1987.

Dhá thréimhse a chaith sé ina aire Gaeltachta, idir 1981-1982 agus arís idir 1982-1987.

Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary gur “eiseamláir” a bhí i Paddy O’Toole mar ionadaí poiblí agus gur shaothraigh sé ag an leibhéal is sinsearaí sa rialtas nuair a bhí an saol crua sa tír.

“I ngach ról a bhí aige bhí géarchúis, gaois agus tuiscint ag baint leis. Ba chéilí comhraic ó thaobh na polaitíochta é féin agus m’athair Seán, nach maireann, ach ba dhlúthchairde i gcónaí iad. Fear uasal ab ea i ngach cuid dá shaol. Suaimhneas síoraí dá anam mánla.

Dúirt a chara agus iar-chomhghleacaí dá chuid, an t-iar-aire Stáit Gaeltachta Dinny McGinley gur oibrí crua a bhí i Paddy O’Toole a raibh an-tuiscint aige ar chás mhuintir na Gaeltachta.

“Ní raibh seachtain ann nach raibh mé ina oifig aige, go dtí a deich a chlog san oíche uaireanta, ag dul trí na cáipéisí uilig a bhíonn ag airí. Bhí tuiscint agus tuigbheáil aige ar mhuintir na Gaeltachta, fear uasal a bhí ann, bhí cairdeas maith eadrainn.

“Chuir sé go mór le forbairt tionsclaíochta sa Ghaeltacht ag an am, chuir sé dlús leis sin, choinnigh sé an fhostaíocht ar siúl ag am an-deacair.

“Ní raibh airgead mór ann ag an am, ach thug sé airgead d’fhorbairtí Gaeltachta. Bhí deontais tithíochta ann an t-am sin fosta. Bhí sé ina chuairteoir rialta ar na Gaeltachtaí ar fad.”

“Tá mé buartha an scéal a chloisteáil. Is minic a bhí cupán tae agam leis i mBóthar na Sop i mBéal an Átha nuair a d’fhág sé Teach Laighean. Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá theaghlach agus dá bhean Jackie. Fear uasal a bhí ann, an áit sin i Maigh Eo as a dtáinig sé, tháinig go leor seaimpíní amach as.”

Bhí Paddy O’Toole ina mhúinteoir scoile i Scoil Náisiúnta Chnoc an Éaló gar do Bhéal an Átha, mar a raibh cónaí air formhór a shaoil.

D’ainmnigh an t-iarThaoiseach Liam Cosgrave ina sheanadóir i Seanad Éireann é i 1973.

Chomh maith le bheith ina aire Gaeltachta chaith sé tamall chomh  maith ina aire cosanta agus ina aire iascaigh agus foraoiseachta.

Dúirt an Tánaiste agus ceannaire Fhine Gael, Simon Harris gur údar bróin a bhí i mbás Phaddy O’Toole.

“Fear pobail a bhí i Paddy a bhí fréamhaithe sa cheantar ar thug sé seirbhís dó.”

Rinne an Tánaiste comhbhrón le bean an iar-aire Gaeltachta, Jacqueline, a gclann Jacqueline, John, Pádraig agus Helen, a chairde agus le muintir Mhaigh Eo. “Ar dheis Dé go raibh a anam,” arsa an Tánaiste Simon Harris.

Déanfar Paddy O’Toole a thórramh i dteach tórraimh mhuintir McGowan i mBéal an Átha amárach Dé Céadaoin idir 5.30-7.30pm.

Déanfar a chorp a aistriú go dtí Ardeaglais Naomh Muiredach i mBéal an Átha. Beidh Aifreann a shochraide ann maidin Déardaoin, an 15 Bealtaine, ag 11.30am, agus cuirfear ina dhiaidh i gcré na cille é i Reilig na Léige i mBéal an Átha.

Fág freagra ar '‘Bhí géarchúis, gaois agus tuiscint ag baint leis’ – Paddy O’Toole, iar-aire na Gaeltachta, ar shlí na fírinne'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal, suaimhneas síoraí deonaigh Dó a Thiarna,