Reachtaíocht oideachais don Bhreatnais ag an gcéim dheireanach

Tá isteach is amach le 23% de dhaltaí scoile na Breataine Bige i scoil lán-Bhreatnaise agus táthar ag iarraidh an céatadán sin a mhéadú le reachtaíocht nua

Reachtaíocht oideachais don Bhreatnais ag an gcéim dheireanach

Táthar ag súil go ngabhfaidh bille a bhfuil sé mar aidhm aige cur le líon na gcainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bheag tríd an gcéim dheireanach i Senedd na Breataine Bige an tseachtain seo.

Bhí Bille na Breatnaise agus an Oideachais á phlé ag polaiteoirí na Breataine Bige sa Senedd an tseachtain seo caite agus táthar ag súil go n-éireoidh leis an vóta deireanach an tseachtain seo.

Níor glacadh le rún a mhol an feisire de chuid Plaid Cymru Cefin Campbell a bhí ag iarraidh mír a chur sa reachtaíocht a chinnteodh go mbeadh 50% de pháistí scoile na Breataine Bige ag freastal ar scoileanna lán-Bhreatnaise faoin mbliain 2050. Thacaigh Cymdeithas yr Iaith leis an rún ach dúirt nár leor é. Vótáil 39 feisire ina aghaidh agus 12 ar a shon.

Tá isteach is amach le 23% de dhaltaí scoile na Breataine Bige i scoil lán-Bhreatnaise agus is í an sprioc atá leagtha amach sa reachtaíocht nua ná go mbeadh 30% i scoileanna lán-Bhreatnaise in 2030 agus 40% in 2050.

Dá rithfí an reachtaíocht an tseachtain seo, chuirfí ceangal ar scoileanna Béarla na Breataine Bige a chinntiú gur sa Bhreatnais a dhéanfaí dhá uair an chloig go leith den teagasc gach seachtain.

Beidh cead ag scoileanna an ceangal sin a chur siar ar feadh suas le sé bliana ach sa deireadh thiar thall beidh ar gach scoil sa tír cloí leis an sprioc sin.

Bheadh dhá chatagóir eile scoile ann faoin reachtaíocht nua – scoileanna lán-Bhreatnaise agus scoileanna dátheangacha. Tá spriocanna luaite sa reachtaíocht don dá chatagóir eile agus an mhórsprioc atá ann go mbeadh gach dalta scoile ina chainteoir cumasach Breatnaise faoi dheireadh a chuid scolaíochta.

Tá sprioc i bhfeidhm ag an Senedd go mbeadh aon mhilliún cainteoir Breatnaise sa Bhreatain Bheag faoin mbliain 2050 – 25 bliain amach romhainn. Dúirt Rúnaí Airgeadais agus Breatnaise na Breataine Bige, Mark Drake gur “láidrigh” an sprioc seo na hiarrachtaí atá ar bun ag eagraíochtaí agus daoine aonair ar fud na tíre an teanga a thabhairt slán. Luaitear sa reachtaíocht freisin go mbunófaí Institiúid Náisiúnta Foghlama Breatnaise.

Fág freagra ar 'Reachtaíocht oideachais don Bhreatnais ag an gcéim dheireanach'