‘Bhí Tohill ina laoch, ní raibh aithne ar bith ormsa’ – Seán Ó Domhnaill

Bhí fear na Ceathrún Rua, Seán Ó Domhnaill, ina chuid d’fhoirne na Gaillimhe le linn na ré órga sin nuair a bhuadar faoi dhó ar Dhoire i gcluichí leathcheannais na hÉireann, i 1998 agus 2001

‘Bhí Tohill ina laoch, ní raibh aithne ar bith ormsa’ –  Seán Ó Domhnaill

Galway v Derry Anthony Tohill agus Sean O'Domhnaill i 1998. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Ní fada siar a théann stair na gcoimhlintí idir foirne peile na Gaillimhe agus Dhoire – is i 1998 a imríodh an chéad cheann de na trí chluiche craoibhe a imríodh eatarthu – ach tá péire de na cluichí sin ina gcuid thábhachtach de stair pheil na Gaillimhe mar sin féin.

Seans go bhfuil an cluiche cáilithe a bhuaigh Gaillimh in aghaidh Dhoire in 2015 dearmadta fiú ag na himreoirí a d’imir an lá sin ach tá dea-chuimhní ag lucht peile na Gaillimhe ar na cluichí idir na foirne i 1998 agus in 2001. 

Bhí fear na Ceathrún Rua, Seán Ó Domhnaill, ina chuid d’fhoirne na Gaillimhe le linn na ré órga sin agus deir sé go bhfuil cosúlachtaí idir na foirne a bheidh ag dul chun páirce i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus na cinn a d’imir breis is scór bliain ó shin.

Mar atá anois, foireann óg a bhí ag Gaillimh i 1998 agus cé go raibh siad tar éis Craobh Chonnacht a bhuachan, bhí amhras ann go fóill maidir le cé chomh maith agus a bhí siad i ndáiríre.

“Bhuail muid Maigh Eo, a bhí sa gcluiche ceannais i ’96 agus arís i ’97, sa gcéad bhabhta agus thug sé sin muinín dúinn. Bhí muid mar rogha na coitiantachta ag dul isteach sa gcluiche ceannais ansin ach thóg sé dhá uair go leith [athimirt agus am breise] orainn Ros Comáin a chuir de dhroim seoil.”

Ar an taobh eile, bhí an-thaithí ag foireann Dhoire. Bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 1993 agus bhí an-chuid de na himreoirí ón bhfoireann sin fós ar an bhfód cúig bliana ina dhiaidh sin.

“Bhí Doire láidir go maith ag an am. Bhí laoch Bhaile Átha Cliath, Brian Mullins, mar bhainisteoir orthu ag an tráth sin agus bhí laochra ar fud na páirce acu – Anthony Tohill, McKeever, Coleman, Muldoon, bhí siad uile ann. Bhí Doire ina ‘hot favourites’ ceart, mar a déarfá.”

Má bhí foireann Dhoire lán le taithí, a mhalairt a bhí fíor i gcás na Gaillimhe. Bhí roinnt d’imreoirí John O’Mahony ar an mbóthar le tamall, leithéidí Tomás Mannion, Kevin Walsh agus Ja Fallon, ach ógánaigh a bhí i gcuid mhaith acu. D’fhág sin nach raibh an oiread sin cleachtaidh acu ar chluichí móra i mBaile Átha Cliath.

“Ba í an chéad uair riamh ag an gcuid is mó againn a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh,” an chuimhne atá Ó Domhnaill. “Bhí leaids fágtha fós ó ’95 [nuair a chaill Gaillimh in aghaidh Thír Eoghain i gcluiche leathcheannais na hÉireann] ach ní raibh go leor againn théis imirt ann roimhe sin.”

Bhí de cháil ar bhainisteoir na Gaillimhe gur fear é a chinnteodh go raibh gach rud ullmhaithe i gceart, agus rinne John O’Mahony gach iarracht a dheimhniú nach gcuirfeadh an lá mór i bPáirc an Chrócaigh aon mhearbhall ná scáth ar a chuid imreoirí.

“Thug Johnno suas muid an tseachtain roimhe agus chuaigh muid chuig cluiche leathcheannais iomána. Shiúil muid ar an bpáirc, chonaic muid na seomraí feistis, d’fhan muid san óstán céanna. Nuair a chuaigh muid suas an tseachtain ina dhiaidh don chluiche in aghaidh Dhoire, ní raibh rud ar bith nua ann dúinn.”

Nuair a tháinig an lá mór, cuireadh de chúram ar Ó Domhnaill fathach Dhoire Anthony Tohill a mharcáil, fear a raibh trí cinn de ghradaim All Star buaite aige faoin am sin agus seal caite aige freisin ag imirt pheil na hAstráile.

“Mé féin a bhí ag marcáil Tohill agus ba í an chéad uair go raibh laoch mór i mo choinne,” a deir fear na Ceathrún Rua. “Cuireadh mise i gcónaí ar na fir mhóra. Bhí mé le [Liam] McHale in aghaidh Mhaigh Eo agus le Tom Ryan in aghaidh Ros Comáin. In aghaidh Dhoire, b’fhéidir gur ceapadh go mbeadh na cosa agam do Tohill in áit Kevin [Walsh], b’fhéidir.”

D’oibrigh an tseift agus bhí rith an ráis le Gaillimh ó thús an chluiche i ndáiríre. Scóráil Ó Domhnaill pointe ag deireadh an chéad leatha chun Gaillimh a chur 0-10 in aghaidh 0-4 chun cinn. Dúirt John Divilly sa scannán faisnéise  A Year ‘til Sunday, go raibh a fhios ag na Gaillimhigh an uair sin go mbeadh an lá leo. Chríochnaigh an cluiche  0-16 in aghaidh 1-8 ach bhí an bua níos cuimsithí ná mar a léirigh an bhearna cúig phointe sin.

“Bhuail muid go maith iad. Fuair Doire cúl ag deireadh an chluiche ach bhí sé buaite an uair sin againn,” a deir Ó Domhnaill. “Thaispeáin an cluiche sin dúinn go raibh muid ar an mbóthar ceart.”

Chuaigh Gaillimh ar aghaidh chun Cill Dara a bhualadh i gcluiche ceannais na hÉireann agus bhuadar an dara craobh trí bliana ina dhiaidh sin, tar éis dóibh a bheith le Doire arís sna babhtaí leathcheannais.

Phós sé an lá sular imir Gaillimh in aghaidh Chorcaí i mBabhta 4 na gcluichí cáilithe, ach bhí á áit ar an bhfoireann caillte ag Ó Domhnaill faoin am ar tháinig an cluiche leathcheannais. Má bhí, bhí tionchar mór aige ar an gcluiche mar sin féin.

Chuir Gaillimh tús réasúnta maith leis an gcluiche ach bhí roinnt de laochra ‘93 bailithe leo faoin am seo agus ghlac Doire ceannas ar chúrsaí ina dhiaidh sin. 

“Thit an tóin asainn, tá sé chomh maith dhuit a rá,” a deir Ó Domhnaill. Agus ceathrú uaire fágtha, bhí Gaillimh cúig phointe chun deiridh nuair tugadh Ó Domhnaill agus an tosach óg Matthew Clancy chun páirce.

“Cuireadh mé féin isteach chun iarracht a dhéanamh greim a fháil i lár na páirce mar bhí Doire ag déanamh scrios faoin tráth sin. Bhí muid in ann Michael Donnellan a bhrú suas sna leatosaithe ansin agus tugadh isteach Matthew Clancy freisin. Fuair sé cúl iontach ag an deireadh, cúl a bhuafadh aon chluiche.

“Thug muid na cosa linn. Ghoid muid an cluiche sin, i ndáiríre. Bhí Doire ag imirt an-stuif. Bhí an taithí againn is dócha ó Chraobh na hÉireann a bhuachan in ’98 agus an cluiche ceannais a bhaint amach in 2000.”

Tabharfaidh na foirne aghaidh ar a chéile arís i gcluiche leathcheannais an lae inniu agus na Gaillimhigh ag súil nach dtiocfaidh deireadh lena gceannas sa choimhlint. Beidh muintir Dhoire ag súil go gcuirfear deireadh le forlámhas na Gaillimhe.

Tabharfaidh sé muinín do na hUltaigh go bhfeiceann Ó Domhnaill cosúlachtaí idir foireann Rory Gallagher agus an fhoireann ar imir sé fhéin léi.

“Tá Doire beagáinín ar nós muid féin i ’98. Tá a fhios ag chuile dhuine cén ról atá acu. Tá siad ag imirt don bhainisteoir. Tá’s acu nuair a chaithfidh siad scóráil, tá’s acu nuair a chaithfidh siad titim siar,” a deir Ó Domhnaill.

Tá foireann Dhoire imithe i bhfeidhm air go dtí seo sa chraobh agus an ceann is fearr faighte acu ar bhoic mhóra Uladh – Tír Eoghain, Muineachán agus Dún na nGall.

“Tá Shane McGuigan dochreidte uilig. Bheadh sé gar do bharr an liosta agat taobh le Shane Walsh ó thaobh tosaithe de. Tá Conor Glass ag imirt thar cionn mar atá [Chrissy] McKaigue agus [Brendan Rogers] agus cosantóirí chomh maith.”

Mar sin féin, ceapann Ó Domhnaill go seasfaidh an cluiche crua a bhí ag Gaillimh in aghaidh Ard Mhacha dóibh, chomh maith leis an ngreadadh a bhuaileadar ar Dhoire i rith na sraithe.

“Tugann sé an-mhuinín dom nuair a fheicim leithéidí Cillian McDaid agus imreoirí eile ag teacht chun cinn. Ní raibh Paul Conroy i mbarr a mhaitheasa an lá cheana ach tháinig McDaid isteach go láidir san imirt. Foireann óg atá againn ach foireann í a bhfuil taithí aici ag an am céanna, foireann gan faitíos.”

“Beidh an chéad 10-15 nóiméad an-tábhachtach,” a deir Ó Domhnaill agus é ag tabhairt faoi thuar. “Tá an taithí ag Gaillimh agus tá na himreoirí againn chun cluiche a athrú. Má bhíonn Gaillimh i mbarr a réime agus Doire i mbarr a réime, feicim go mbuafaidh Gaillimh é.”

Fág freagra ar '‘Bhí Tohill ina laoch, ní raibh aithne ar bith ormsa’ – Seán Ó Domhnaill'