‘Bhí sé an-deacair an cinneadh a dhéanamh filleadh ar an Astráil’ – réalta óg Chiarraí meallta arís ag blaiseadh beag peile

D’fhill Mark O’Connor ar shaol na peile san Astráil le Geelong Cats an tseachtain seo ach d’admhaigh fear óg an Daingin go ndeachaigh an pheil Ghaelach i bhfeidhm go mór air arís tar éis dó imirt do Dhaingean Uí Chúis agus é seal sa bhaile

‘Bhí sé an-deacair an cinneadh a dhéanamh filleadh ar an Astráil’ – réalta óg Chiarraí meallta arís ag blaiseadh beag peile

Níor imir réalta óg an Daingin Mark O’Connor ach 45 nóiméad peile agus é sa bhaile ón Astráil i rith an fhómhair ach ba é a dhóthain é le cathú a chur air fanacht sa bhaile.

Tá dhá bhliain anois caite ag O’Connor ag imirt leis na Geelong Cats san AFL agus áit bainte amach aige ar an gcéad fhoireann ansin. Tháinig deireadh le séasúr Geelong Cats mí Mheán Fómhair. Níor thúisce an fear óg, a bhí ina chaptaen ar fhoireann mhionúir Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2015, sa bhaile go raibh sé thíos ag traenáil ar Pháirc an Ághasaigh.

Agus Daingean Uí Chúis i lár a bhfeachtais i gCraobh Shinsir Chiarraí, tugadh O’Connor isteach ag imirt.  Rinne sé cur síos ar an seal a chaith sé sa bhaile agus é ag labhairt ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Bhí sé an-taitneamhach, caithfidh mé é a rá. Ní bhíonn na mothúcháin chéanna [ag baint leis an bpeil Astrálach] agus atá anseo.

“Ní raibh sé pleanáilte agam go mbeadh mé ag imirt ach nuair a tháinig mé thar n-ais, chuaigh mé díreach isteach sa ‘bubble’ peile agus bhí orm imirt ansin! Bhí an ‘buzz’ thar n-ais.”

Chuaigh O’Connor chun páirce don Daingean sa bhabhta ceathrú ceannais i gcoinne Aibhistín de Staic agus chaith sé cuid mhaith den chluiche sin i mbun coimhlinte le Kieran Donaghy.

Cé go ndeachaigh foireann an Daingin chomh fada le cluiche ceannais an chontae, níor imir O’Connor dóibh arís. Tháinig rabhadh ó Geelong nach raibh cead imeartha aige agus é sa bhaile, rud a d’fhág go raibh O’Connor ina shuí ar an taobhlíne don chluiche mór in aghaidh na gCrócach.

“Ní rabhadar róshásta thall. Bhí sé an-dheachair féachaint ar an gcluiche. Is fuath liom féachaint ar chluichí. Ceapann tú nach féidir leat aon rud a dhéanamh,” a deir sé.

Agus é chomh gafa sin leis an bpeil agus é sa bhaile, d’admhaigh O’Connor gur rith sé leis fanacht timpeall níos faide.

“Cinnte. Bhí sé an-deacair cinneadh a dhéanamh nuair a bhíos anseo. Tá an cinneadh déanta agam dul thar n-ais ach ní raibh sé ró-éasca.”

Beidh ar bhainisteoir nua na Ríochta Peter Keane fanacht tamall eile sula n-éireoidh leis O’Connor a mhealladh ar ais mar sin, ach níor chuir an fear óg as an áireamh é go mbeadh sé le feiceáil i ngeansaí Chiarraí amach anseo.

“Lá éigin, b’fhéidir. Lá éigin.”

Fág freagra ar '‘Bhí sé an-deacair an cinneadh a dhéanamh filleadh ar an Astráil’ – réalta óg Chiarraí meallta arís ag blaiseadh beag peile'