Bhí rún daingean agam nach mbéarfadh na cultacha Samhna orm arís i mbliana

Thuig ár gcolúnaí go gcaithfeadh sí ceannaireacht, misneach agus ceannródaíocht a léiriú…

Bhí rún daingean agam nach mbéarfadh na cultacha Samhna  orm arís i mbliana

Shíl mé anuraidh go raibh mé ag déanamh go maith ar na cultacha Samhna nuair a thug mé na gasúir go dtí an siopa á dtóraíocht agus coicís fágtha go hOíche Shamhna.

‘Is dóigh go bhfuil mé i mo shaineolaí anois ar an rud seo ar a dtugtar a bheith i do mháthair,’ a chuimhnigh mé is mé ag páirceáil sa gcarrchlós faoi thalamh ag Dunnes Stores. ‘Seo linn!’ a deir mé agus ar aghaidh linn go dtí an siopa.

Cheapfá gur púca nó taibhse a bhainfeadh geit asat faoi Shamhain, ach an gheit is mó a baineadh asamsa ná go raibh na cultacha Samhna uilig imithe cheana féin is ní raibh le feiceáil i Dunnes uilig ach maisiúcháin na Nollag. Bhreathnaigh mé síos le mo thaobh ar na trí éadan beaga gealgháireacha a bhí ar mo chomrádaithe.

Bhí a fhios agam go raibh mé ag nóiméad cinniúnach i mo shaol. Ceann de na nóiméid sin ina raibh orm ceannaireacht, misneach agus ceannródaíocht a léiriú.

‘Ná cailligí bhur misneach,’ a deir mé, agus rug mé ar lámha orthu, ‘chaithfeadh go bhfuil puimcín nó hata caillí i bhfolach in áit éicint acu.’

Chonaic mé bean óg ghléigeal i bhfad uaim agus í ag siúl go mall idir na crainnte Nollag, ribíní dearga ina cuid gruaige aici.

‘Meas tú an bhfuil sí ag obair anseo?’ a dúirt mé is thosaigh muid ag rith ina treo. Rith muid trí ghleannta spleodracha is soilse lonracha, trí shluaite eilfeanna is cloigíní gligíneacha, rith muid agus rith muid nó gur tháinig muid chomh fada léi.

‘Dia dhuit a bhean óg aoibhinn aerach,’ a dúirt mé léi, nó rud éicint mar sin.

‘Íosa Críost!’ a dúirt sí agus an chuma uirthi go raibh sí dúisithe as codladh céad bliain, nó gur shlánaigh muid í as túr ard uaigneach.

‘Cén taobh as ar tháinig sibh? Bhain sibh geit aisteach asam.’

Bhreathnaigh an Cailín Mór Beag siar thar a gualainn ar na críocha a bhí fágtha inár ndiaidh againn, rannóg éadaí na bpáistí, talamh na mbraillíní agus gort na n-earraí tí. ‘Thall ansin,’ a deir sí agus d’ardaigh a lámh ag pointeáil ina threo.

‘An bhfuil aon chulaith Samhna agat?’ a d’fhiafraigh sí ansin den ógbhean agus dóchas ina glór.

‘Níl,’ a deir sí. ‘Tá brón orm.’

Chrom an Cailín Mór Beag a cloigeann. ‘Go raibh maith agat ar aon nós,’ a dúirt sí agus chas muid thart agus d’imigh ar ais an bealach ar tháinig muid.

‘Céard a dhéanfaidh muid anois?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga de chuile dhuine againn, de dhuine ar bith.

‘Níl a fhios agam a leainín,’ a d’fhreagair mé.

‘B’fhéidir go mbeadh tú in ann rud éicint a dhéanamh Mamaí,’ a deir sí agus dóchas ina glór.

‘Errrr,’ a dúirt mé agus mo shúil agam ar an doras éalaithe.

‘Mamaí an mbeadh tú in ann sciatháin a dhéanamh amach as an mála dubh seo,’ a d’fhiafraigh an Babaí díom seachtain níos deireanaí agus iad ag réiteach do chóisir na Samhna ag an scoil lá arna mhárach.

‘Emmm,’ a dúirt mé agus geit maith bainte asam arís, ‘b’fhéidir go mbeinn, fág liom é.’

Bhí rún daingean agam nach mbéarfaí orm arís i mbliana. Cén t-iontas gur mé an chéad duine isteach an doras chomh luath is a tháinig bileog na Samhna isteach an bosca litreach. Ar fhaitíos go mbeadh orm cultacha a dhéanamh arís i mbliana.

‘Seo libh,’ a dúirt mé leo, ‘gabhfaidh muid ag an siopa ag iarraidh na gcultacha Samhna.’

‘Ach déanfaidh tusa na sciatháin arís i mbliana, nach ndéanfaidh?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom.

‘Emmm,’ a dúirt mé agus súil agam ar an doras éalaithe.

Fág freagra ar 'Bhí rún daingean agam nach mbéarfadh na cultacha Samhna orm arís i mbliana'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith ar fad! :-)