Bhí na ‘pórlínte’ go maith ag an sármharcach Lester Piggott

Ní raibh Lester Piggott ach 12 bliain d’aois nuair a bhuaigh sé rás den chéad uair agus sé bliana lena chois sin nuair a bhuaigh sé an Derby i 1954

Bhí na ‘pórlínte’ go maith ag an sármharcach Lester Piggott

Is mór i gceist na pórlínte ag lucht rásaíochta capall. Is iad na hainmnithe féin is minice a bhíonn á lua ina leithéid de chomhrá, ach féach go bhfuil siad le feiceáil freisin iontu siúd a bhíonn i mbun traenála agus sa diallait.

Leis na glúnta, tá Maolánaigh, Taafes, Breathnaigh, Cairbrigh, Draoparaigh agus tuilleadh nach iad chun cinn sa spórt anseo. Is amhlaidh cás ar thalamh Sheáin Bhuí, Baldings, Hannons, Hills, Tinklers agus Days ina measc.

Ba as líne na Days sin a tháinig an sármharcach Lester Piggott a bhásaigh a tseachtain seo caite. Sa mbliain 1793 a saolaíodh a shin-sin-seanathair (ó thaobh a mháthar) John Barham Day a bhuaigh 12 rás Clasaiceach mar mharcach agus seacht gcinn mar thraenálaí idir 1838 agus 1854.

Bhí a shliocht ón taobh eile beagnach chomh cáiliúil céanna – stáblaí ag a athair mór Ernie Piggott (1878-1967) in Oxfordshire agus ag athair Lester, Keith, in Lambourn.

Leis an léimrásaíocht ba mhó a bhíodh an bheirt sin luaite. Trí huaire a bhí Ernie ar mhuing capaill a bhuaigh an Grand National. Bhuaigh Keith Piggott Champion Hurdle mar mharcach i 1939 agus ba é a thraenáil Ayala, buaiteoir an National i 1963.

Ní raibh Lester Piggott ach 12 bliain d’aois nuair a bhuaigh sé rás den chéad uair agus sé bliana lena chois sin nuair a bhuaigh sé an Derby i 1954. Timpeall na haoise sin go hiondúil a bhuaileann ráig fáis déagóirí – ráig a fhágann nach mór do go leor marcach óg a ghabháil ag plé leis an léimrásaíocht, rud atá siad in ann a dhéanamh agus na 10 gclocha (63.5kg) sáraithe acu.

5’ 8” (1.73m) ar airde a bhí Piggott agus ní gan dua a d’éirigh leis an bóthar sin a sheachaint, cé gur chaith sé an chuid eile dá shaol marcaíochta ag troscadh agus ag seargadh.

Bhí máchail bheag éisteachta air ón am a dtáinig sé ar an saol agus iarraidh bheag de stad ina chuid cainte. Dá bharr sin ba dhuine é nach raibh an oiread sin le rá aige ná mórán dúil aige sa gcuideachta.

Bhí a stíl féin aige agus é sa diallait, a thóin níos airde san aer ná mórán chuile mharcach eile. Dá bharr b’fhurasta é a aithint le linn na hiomaíochta, fiú nuair nach raibh ceamaraí teilifíse chomh héifeachtacht agus atá siad inniu. Bhí na geallghlacadóirí líonraithe roimhe mar gur mhinic leo siúd nach gcuireadh geall ach amháin uair nó dhó sa mbliain, go háirithe ar na rásaí móra, cur ar Piggott.

A shliocht orthu. Ba mhinic a laghdaigh an 5,300 rás a bhuaigh Piggott idir 1948 agus 1995 an meáchan a bhí ina gcuid málaí. Bhíodar siúd thar a bheith éadrom ar na hócáidí sin ar bhuaigh sé an Epsom Derby (9 -n-uaire), an Oaks (6), Rásaí na nGiní (7) agus an St. Leger (8).

Sprionlóir amach agus amach ab ea é, tréith ar íoc sé go daor as nuair a chaith sé bliain i bpríosún siocair nach raibh a chuid cánach íoctha aige mar ba chóir.

Más fíor scéal, bhí uair ann nuair a d’iarr oibrí stábla £5 ar Lester tar éis don chapall a bhí faoina chúram rás a bhuachaint. ‘Triáil an chluas eile,’ a deir an marcach. Nuair a rinne bhí ardú ar an éileamh a rinne an lad óg, a d’iarr £10 an babhta seo. ‘Téigh ar ais chuig an gcluais eile arís,’ a deir an Piogóideach!

Chaith sé blianta ina mharcach-stábla ag Vincent O’Brien i mBaile Dúill i gcontae Thiobraid Árann, san áit a bhfuil Aidan O’Brien anois. Ba é an Brianach a thraenáil cuid mhaith de na capaill a bhuaigh rásaí móra Shasana do Lester mar aon le cúíg Derby agus na déaga de rásaí clasaiceacha de chuid na tíre seo.

Bhí oiread sin tóir ar Lester Pigott agus go dtugtaí cuireadh (agus íocaíocht fhiúntach freisin, bí cinnte) a theacht ag iomaíocht chuig traiceanna beaga in Éirinn.

In Iúil na bliana 1991 bhuaigh sé 3 rás i gCill Airne ar chapaill de chuid an Bhrianaigh. Coicís dár gcionn thuirling sé féin agus a chara Barney Curley in Aerfort Chnoc Mhuire agus bhuaigh ceann de na ceithre rás ina raibh sé páirteach ar thraic Bhaile an Róba an tráthnóna sin. Bhí 4,500 duine i láthair, an líon ba mhó riamh go dtí sin.

I gCaisleán Cheapach Corcóige a chaith sé an oíche. Níl aon tuairisc agam céard a d’ith sé. Glac leis gurbh é an beagán é!

An bhliain dár gcionn bhí sé ar ais i mBaile an Róba arís, áit a raibh sé ag marcaíocht ar dhá chapall. Tharraing sé clampar nuair nár fhill sé ar ais go meáfaí é agus an chéad iomaíocht déanta. Mar sin féin fuair sé cead a dhul sa diallait arís.

Ní bheinn siúráilte den síneadh láimhe a fuair Piggott ó mhuintir Mhala, Bhaile an Róba agus Dhún Phádraig, áit a raibh sé freisin, ach tá a fhios agam gur thug fear ar m’aithne £5,000 dó timpeall an ama sin le dhul sa diallait ar chapall a bhí aige agus a bhí ag rith i Sasana.

Tábhairneoir is ea mo chara. Bhí mé ar an láthair lá arna mhárach nuair a shiúil sé isteach agus gan ann ach go raibh an baile bainte amach aige.

‘Cén saghas duine é Piggott?’ a d’fhiafraigh custaiméir de. ‘Corp an duine uasail. Thug sé Mister ormsa,’ a deir fear an tí.

‘Agus tuige nach dtabharfadh? Phógfainnse do thóin ar cheathrú cuid den mhéid a thug tú dó,’ a deir glór as ceann thall an chuntair!

Fág freagra ar 'Bhí na ‘pórlínte’ go maith ag an sármharcach Lester Piggott'