Bhí m’éadan is mo ghruaig fliuch báite, ‘Bainne,’ ar sé, ag síneadh na gloine foilmhe chugam

AG TÓGÁIL CLAINNE: Cheap ár gcolúnaí nach raibh le déanamh aici ach imeacht deas réidh gan aon chorraí tobann a dhéanamh agus bheadh sí slán…

Dhúisigh mé de phreab is racht tachta. D’airigh mé cos an bhabaí agus é brúite suas aige faoi mo ghiall, an chos eile sáite isteach aige sna heasnachaí orm. É ina chodladh go sámh. Cuma aingilín air sa mbreacsholas.

spilt-water

Ba mhór an pheaca é a chorraí.

Agus dá gcorróinn b’fhéidir go ndúiseodh sé. Nó níos measa, go mbeadh orm éirí as an leaba. Fiú agus cos ar mo phíobán bhí an leaba te, teolaí. B’fhearr písín eile sa leaba.

Mar a deir an seanfhocal, is fearr cos ar ghiall ná tóin fuar. D’fhan mé socair. Mearbhall, seans, a bhí orm ón easpa ocsaigine agus mo phíobán leathdhúnta ag sáil bheag, tomhas 5.

Rinne sé searradh beag. Ó a Thiarna na glóire, tá sé le dúiseacht. Ná corraigh, ná tarraing anáil féin, a dúirt mé. Chonaic mé réaltógaí ag casadh san aer. D’airigh mé an seomra ag luascadh.

Ansin chuala mé méanfach beag agus bhí suan tite arís air. Bhí a chos brúite isteach faoi mo smig tuilleadh aige. Murach go raibh sé ina chodladh, agus go ndeirtear liom gur babaí beag soineanta atá ann, déarfainn gur le teann spochadh a rinne sé é.

Chaithfinn éalú. Tharraing mé mo mhisneach chugam. Foighid agus smacht a theastaigh. Mheabhraigh mé na cluichí Oilimpeacha agus gleacaithe na Rúise agus na Síne dom féin.

Ní raibh orm ach imeacht deas réidh, gan aon chorraí tobann a dhéanamh agus bheinn slán. D’fhéadfainn néal a fháil ar chor na leapan. Ba leor an trí orlach a bhí fágtha ar an mbruach. Rud ar bith ach éirí.

D’éirigh liom éalú. Dhamhsaigh mo chroí le háthas. Bheir mé greim daingean ar choirnéal an bhraillín le faitíos go dtitfinn as an leaba, dhún mé mo chuid súile is ní fada nó go raibh an codladh breá ag filleadh chugam ina bhrat álainn.

Dhúisigh mé de phreab is racht tachta. Bhí m’éadan is mo ghruaig fliuch báite, uisce thuas i mo shrón agus mo bhéal lán leis. Céard sa diabhail? D’airigh mé mo chroí ag preabadh i mo chliabhrach, siod é an deireadh chugam siúráilte cinnte, a chuimhnigh mé.

‘Bainne,’ a chuala mé. Bhí sé dúisithe agus rud eicínt ina lámh aige. Gloine. Mé féin a d’fhág deoch uisce le taobh na leapan an oíche roimhe.

‘Bainne,’ a dúirt sé, agus é ag síneadh na gloine foilmhe chugam.  ‘Seo leat, mar sin,’ a dúirt mé leis. Bhí sé chomh maith agam éirí. ‘Bhfuil tú sásta anois?’

‘Hurraí,’ a dúirt sé, is thug muid aghaidh ar an lá.

Fág freagra ar 'Bhí m’éadan is mo ghruaig fliuch báite, ‘Bainne,’ ar sé, ag síneadh na gloine foilmhe chugam'