Bhí mé lá sa gcarr le Jimmy Magee nuair a thosaigh sé ag roghnú foirne as na peileadóirí ba shalaí

Ní raibh foireann ab fhearr le Jimmy Magee a roghnú ná ‘Na Saighdiúirí Cróga’ nó ‘The Lionhearts’ mar a thugadh sé féin orthu

Bhí mé lá sa gcarr le Jimmy Magee nuair a thosaigh sé ag roghnú foirne as na peileadóirí ba shalaí

Fad a mhairfeas muid agus iad, beidh laochta spóirt ann a bhfuil idir ghean agus ghráin ag an lucht féachana orthu. Tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil idirdhealú déanta agam ansin idir ‘lucht féachana’ agus ‘lucht leanta’.

Chomh fada agus a bhaineann sé le mórán chuile dhuine, bíonn laochra a bhfoirne féin chomh soineanta le páiste an chliabháin – de thimpiste glan a tharlaíonn aon choir dá ndéanann siad.

Bailiúchán bithiúnach ar ndóigh a bhíonn sa bhfreasúra. Bhainfeadh an té is neamhurchóidí díobh an cloigeann glan de dhuine ar iompú do bhoise agus an chuid is measa acu ina mbithiúnaigh chomh cruthanta leo siúd a chas ar James Bond.

Is minic a chloiseann tú cur síos déanta ar an crème de la crème díobh siúd. Na himreoirí ba shalaí a chonaic tú ariamh.

Bhíodh an-tóir ag an gcraoltóir Jimmy Magee ar a bheith ag roghnú foirne mar sin agus níorbh iad lucht na mbuillí amháin a bhíodh i gceist aige. Tharlódh gurbh í an fhoireann peile ab fhearr ar feilméaraí iad a bheadh i gceist, nó an fhoireann iomána a bhí lán le ciotóga, foireann Gardaí, nó foireann sacair nach i mBleá Cliath a saolaíodh aon duine acu.

Bhí mé lá sa gcarr le Jimmy agus thosaigh sé ag roghnú foirne as na peileadóirí ab fhealltaí a bhí feicthe aige. Dhá mheandar a thóg sé ar dul chomh fada le lár na páirce. Thug sé faoi deara ansin go raibh triúr nó ceathrar dochtúirí leighis ar an liosta. “Tá sé seo i bhfad ró-éasca. Tá sé in am bualadh faoi chúram nua – an fhoireann dochtúirí ba shalaí ariamh!” a d’fhógair sé.

B’in Jimmy Magee agat. Lán le rógaireacht.

Ní raibh foireann ab fhearr le Jimmy a roghnú ná ‘Na Saighdiúirí Cróga’ nó ‘The Lionhearts’ mar a thugadh sé féin orthu.

I dteideal áit a fháil ar na foirne sin bhí lúthchleasaithe nach mbeadh aon tóir acu ar an mbuille ná ar an ngníomh fealltach. Daoine a bheadh crua, láidir agus a bhí in ann cniogaide maith a thabhairt dá gcéilí comhraic. Cáilíocht a bhí chomh tábhachtach céanna ab ea nach dtiocfadh siad chun talún agus cniogaide chomh fíochmhar céanna faighte acu féin.

Thugtaí marcanna breise don ‘Saighdiúir Cróga’ nach ndéanfadh ach searradh a bhaint as a chuid guaillí agus leanacht air amhail is nár tharla tada agus iarraidh dhamanta faighte aige féin. Laghdú ómóis a bhí ag dul dóibh siúd a chuaigh ar thóir an díoltais lom láithreach – bhíodh na saighdiúirí in ann fanacht go foighdeach leis an deis tuairt níos tréine arís a thabhairt uathu.

Thug mé faoi deara freisin go mbíodh gean ar leith ag Jimmy ar an ‘Saighdiúir’ nach raibh an airde ná an téagar damanta ann.  Níor admhaigh sé féin ariamh é, ach bhraith mé i gcónaí go bhfaigheadh a leithéid tús áite. Ní haon iontas sin is dóigh. Bhíodar faoi mhíbhuntáiste.

D’fhéadfadh sé go raibh cúis eile leis freisin mar nárbh aon fhathach é Magee féin. Tar éis dó cuairt a thabhairt ar an dochtúir geábh, d’fhógair sé gur dhúirt sé siúd go raibh sláinte an bhradáin aige – cnámha, croí, brú fola, colaistéaról agus mar sin de. Nuair a ceistíodh é ar déanadh aon tagairt dá mheáchan, ba é an freagra a frítheadh. “Dúirt sé go raibh sé sin foirfe freisin, ach nár mhór cúig nó sé orlaí eile fáis a theacht orm.”

Beag seans go dtarlódh sin d’fhear a bhí ag tarraingt ar na trí scór ag an am.

Tagann sin ar fad leis an dá ainm ba thúisce a thagadh le Jimmy agus é ag roghnú foirne ‘saighdiúirí’ na hiomána agus na peile Gaelaí.

Ainm Phil ‘Fan Larkin’ an chéad cheann a chuirtí síos ar fhoireann na fuinseoige. Ar feadh na 19 séasúr a chaith sé ag imirt i gcosaint Chill Chainnigh, ní móide gur chas tosach a bhí níos lú ná é féin ar an Lorcánach nach raibh ach 5’ 4” (1.63m) ar airde.

I gcúinne an líne lánchúil a d’imir ‘Fan’ formhór na mblianta sin – Pa Dillon nó Nicky Orr lena ais sna cúig Chluiche Ceannais a d’imir Cill Chainnigh idir 1971 agus 1975.

Bhí chaon duine acu sin éirithe as faoin am ar shroich Cill Chainnigh Cluiche Ceannais na hÉireann in aghaidh Chorcaí i 1978 agus shocraigh roghnóirí Chill Chainnigh go mba é an Lorcánach a bheadh ar imeall na cearnóige. Bhí troigh d’airde ag a chéile comhraic, Ray Cummins, air ach choinnigh Larkin taobh leis an aon chúilín amháin é.

Bhíodh ainm Pat Collier ar cheann de na cinn ba thúisce ar a labhraíodh Jimmy Magee agus é ag roghnú na foirne peile.

Fiú sa mbaile i Steach Maoilín i gContae na Mí ní móide ach gurbh í a mháthair amháin a thugadh sin air a maicín – ‘Red’ Collier a tugadh air de bharr a chuid gruaige. Bhí sí sin féin ag tosaí ag imeacht de agus é ag imirt dá chontae dúchais sna 1960idí.

Dhá orlach a bheadh le spáráil ag an Red ar Phil Larkin. Bhí sé níos crua fós ná fear Chill Chainnigh, ar choinnigh a phost gar go maith don chearnóg é. Mar leathchúlaí bhíodh Collier síos agus aníos an pháirc mar a bheadh brocaire ann.

Tá sé beagán le cois sé bliana anois ó bhásaigh Jimmy Magee. Fear níos deise ní chasfadh ort i do shiúl lae agus fear a raibh oiread scéalta aige agus nach n-aireofá an t-am ag imeacht.

B’iomaí sin bua a bhí aige lasmuigh dá chuid craoltóireachta. Cumadóir amhrán ab ea é freisin. Ar cheann de na cinn a chum sé bhí My Connemara Rose a sheinntear minic go maith i gcónaí. Cuimhním ar Jimmy chuile uair a gcloisim é. Meangadh gáire a thagann ansin orm. Gan teip.

Fág freagra ar 'Bhí mé lá sa gcarr le Jimmy Magee nuair a thosaigh sé ag roghnú foirne as na peileadóirí ba shalaí'

  • jpmorley0@gmail.com

    Grma. Meangadh orm féin leis á léamh! Is iomaí scéal cloiste agamsa freisin faoi Fan & Christy Ring and an spallaíocht a bhíodh eatorthu.