‘Bhí goddamn Covid-19 foghlamtha de ghlanmheabhair agam don scrúdú cainte’

Tá dúnadh na scoileanna agus an phaindéim Covid-19 ag cur isteach go mór ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair a bhí ar bun do scrúdú Gaeilge na hArdteiste

‘Bhí goddamn Covid-19 foghlamtha de ghlanmheabhair agam don scrúdú cainte’

‘Más amhlaidh gur chuir mé an spiel sin faoi mo chaitheamh aimsire agus Covid-19 de ghlanmheabhair agus gan aon ghá leis, tachtfaidh mé duine éigin.’

B’in a bhí le rá ag dalta ardteiste le Ar Son na Cúise tráthnóna inné agus é ag tagairt don scéala go bhfuil scrúdú cainte na hArdteistiméireachta 2020 curtha ar athlá.

Tuigtear do Ar Son na Cúise gur fhoghlaim an dalta ardteiste agus a rang go léir píosa casta cainte a dhein ceangal caolchúiseach idir cúrsaí caitheamh aimsire, cúrsaí clainne agus cúrsaí coróinvíris.

Ach d’fhéadfadh nach mbeadh aon deis anois acu an píosa cainte sin a chur os ard do scrúdaitheoir toisc gur cuireadh an bhéaltriail ar athlá.

Ní mó ná sásta a bhí an dalta ardteiste agus é ag ullmhú do dhúnadh na scoileanna inniu.

“Ba chuma liom ach bhí Breatimeacht agus An Ghéarchéim Tithíochta foghlamtha againn sular thug an múinteoir orainn An Coróinvíreas a fhoghlaim. Tá mé ar buile. Agus sin gan trácht ar an bhfocain sraith pictiúr,” arsa an dalta ardteiste.

Cé go raibh fearg ar an dalta ardteiste áirithe seo, bhí dalta eile a labhair linn ag ullmhú cheana féin don lá a n-osclódh na scoileanna arís.

“Is dóigh liom gur anois an t-am a bheith ag foghlaim de ghlanmheabhair ‘Ní neart go cur le chéile’ agus ‘Is fearr an tsláinte ná an táinte’ agus topaicí eile dá leithéid,” a dúirt an dalta eile.

Idir an dá linn, ní raibh na scrúduithe ag cur isteach ná amach ar Aindí na hArdteiste.

“Níl aon tinteán mar do thinteán féin, agus is fearr é seo ná aon sraith pictiúir,” a dúirt Aindí agus é ag breathnú go cíocrach ar shraith nua ar Netflix.

Fág freagra ar '‘Bhí goddamn Covid-19 foghlamtha de ghlanmheabhair agam don scrúdú cainte’'

  • Gabriel Rosenstock

    Filíocht amháin is cóir a chur de ghlanmheabhair.

  • Seosaimhin Ni Bheaglaoich

    Ná tuigeann tú stealladh mhagadh a fhile chóir?

  • Sean

    Is feidir an t ábhar sin fós a úsáid, a dhaoine uaisle. Ní gá ach ceist amháin casta a chur chun an script foghlamtha a chur in aimhréidh

  • Poraic o'hEipicín

    Níl aon tóin tinn, mar do thóin tinn féin.