Bhí Clay ar a chosa ar an toirt, níor chorraigh Liston den stól…

Bhí daoine chomh cinnte go mbuafadh Sonny Liston Cassius Clay go raibh caint ann an troid a chaitheamh in aer cheal suime…

Bhí Clay ar a chosa ar an toirt, níor chorraigh Liston den stól…

SSonny Liston agus Cassius Clay (Muhammad Ali) in 1964. Pictiúr:INPHO/Allsport

Cassius Clay a bhí fós mar ainm air nuair a thug an dornálaí trom-mheáchain ab fhearr dá raibh ann Craobh an Domhain leis in aois a 22 bliain cothrom na seachtaine seo ag teacht i 1964. Go gairid ina dhiaidh thug sé Muhammad X ar féin in ómós do Malcolm X – ministir Moslamach Meiriceánach Afracach a raibh a sheasamh ar an gcaoi ab fhearr le cearta a bhaint amach dá chine níos radacaí ná go leor. Nuair a d’éirigh seisean diomúch le ceannasaí na heagraíochta Náisiún Islam rinne sé iarracht Clay a mhealladh leis ach d’fhan seisean dílis do cheannaireacht Elijah Muhammad a bhronn an t-ainm Muhammad Ali air coicís tar éis na troda.

Ag an tráth sin bhí 19 troid as a chéile buaite ag Clay ó chuaigh sé ag plé leis an dornálaíocht go gairmiúil sé ach nuair a sheas sé féin agus Sonny Liston sa gcró sa Convention Centre i Miami Beach ar an 25ú Feabhra ba dheacair a theacht ar dhuine a cheap go mba ag an bhfear óg a bheadh an choróin ag deireadh na hiomaíochta.

Beithíoch fir ag ab ea Liston a mba aige a bhí an iarraidh ba thréine a facthas riamh, de réir a thraenálaí Willie Reddish. Rinne sé faiteachán de Floyd Patterson nuair a leag sé amach é dhá bhliain roimhe sin agus arís nuair a rinne sé cosaint ar a choróin ina choinne an bhliain dár gcionn.

Ar an láimh eile cuireadh Clay ar a thóin an uair ba dheireanaí a bhí sé féin sa gcró sé mhí roimhe – in aghaidh Henry Cooper in Wembley – agus murach gur cuireadh moill ar atosú na troda mar go raibh miotóg dá chuid stróicthe, bhí an seans ann go mbuafaí air.

Chomh maith leis sin ba dheacair a áitiú ar shaineolaithe go mbainfeadh an stíl troda a bhí ag Clay Craobh Dhomhanda amach do dhuine. Don stáitse agus ní don chró dornálaíochta a d’fheil an damhsa agus an gheáitsíocht, a cheapadar. Ó aimsir John L. Sullivan anall ba ghnách go mb’fhathach fir a bhí ar bheagán focal agus ar mhórán brúidiúlachta a chaith crios an tseaimpín. B’in an fáth a gcaithfeá $80 a chur ar Liston le $10 a bhuachan.

Ba bheag nach bhféadfá a rá freisin go raibh sé chomh deacair céanna a theacht ar dhuine arbh é a mian go mba ag Clay a bheadh an bua.

Níor facthas trodaí a bhí chomh sotalach leis riamh roimhe. Ba bheag cleachtadh ná glacadh a bhí ag an bpobal le duine a bhí go síoraí á mholadh féin ó thaobh slachta agus cumais agus ba lú ná sin a thaitin sé leo go mbíodh sé síoraí ag caitheamh dímheasa ar a chéilí comhraic.

Agus é in Las Vegas an t-am a raibh Liston agus Patterson ag troid den dara huair seacht mí roimhe sin lean Clay an seaimpín isteach i gceann de na casinos agus thug oiread sin spídiúlachta dó os comhair a raibh i láthair gur chaill Liston an cloigeann agus gur bhagair do dtarraingeodh sé an teanga amach as pluic Clay agus go sáfadh sé suas ina thóin í.

Faoin am a dtáinig an t-am a raibh an bheirt le dhul i ngleic lena chéile agus na miotóga orthu bhí an pobal chomh cinnte sin gur ag Liston a bheadh an bua agus chomh corraithe faoin gceangal a bhí ag Clay leis an Moslamachas go raibh caint ann an troid a chaitheamh in aer cheal suime.

D’áitigh an príomh-eagraí, milliúnaí darbh ainm William P. McDonald, ar Malcolm X, a bhíodh le taobh Clay ó mhaidin go faoithin, cúl a thabhairt do Miami ar feadh tamaill, rud a rinne sé. Bhí suas le $250 ar na ticéid, an praghas ba mhó riamh ar throid trom-mheáchain, ach de réir a chéile tháinig éileamh orthu.

Lean Cassius den chleasaíocht nuair a meádh na hiomaitheoirí maidin na troda – ag tabhairt ‘chump’ agus ‘sucker’ ar a chéile comhraic agus ag tabhairt áladh faoi anois agus arís. Gearradh fíneáil $2,500 air as a chuid ealaíne.

Nuair a thosaigh an troid níos deireanaí an tráthnóna sin bhí 46 tuairisceoir nuachtáin timpeall an chró – bhí sé tuartha ag 43 acu go mba ag Liston a bheadh an bua.

Má chuir an fuilibiliú ar fad aon bhlas as dó siúd ní raibh sin le n-aithneachtáil air, cé nár chroith sé féin ná Clay lámha lena chéile nuair a d’iarr an réiteoir orthu sin a dhéanamh. Ar bhualadh an chloig ceart go leor tháinig sé amach faoi luas, cé nár éirigh le formhór na mbuillí a tharraing Liston sa gcéad bhabhta sin ceann cúrsa a shroichint – as 45 níor theagmhaigh le Clay ach leathdhosaen.

Agus ceithre bhabhta déanta bhí an sprioc aimsithe ag 58 buille a tharraing an seaimpín – 3 cinn dhamanta san áireamh – ach bhí sin déanta 69 uair ag Clay , smitíní den chuid ba mhó, ach cinn a d’fhág rian fola ar shrón a chéile comhraic agus ar shúil leis.

Le linn an tsosa idir sin agus an cúigiú babhta ba ar shúile Clay a bhí an aird – é ag béiceach ar fhir a chúinne go raibh an t-amharc imithe uaidh agus nach mba léir dó tada. D’iarr sé na miotóga a bhaint de ar fad agus deireadh a chur leis an troid. Bhí an réiteoir Barney Felix ag cuimhneamh é a dhícháiliú nó gur chuir fir a chúinne, Angelo Dundee agus Bundini Brown an trodaí amach arís.

Go dtí an lá atá inniu ann níl a fhios céard ba chúis leis an eachtra a d’fhág go mba ag lúbarnaíl a chaith Clay an cúigiú babhta go bhfuair sé amharc na súl ar ais. Ach, faoin séú ceann bhíothas fillte ar phatrún na gcinn a chur tús leis an gcoimhlint. An difríocht ba mhó a bhí le tabhairt faoi deara go raibh an seaimpín i bhfad níos tuirsí agus níos támáilte ná a bhí sé ar thosaí dó.

Nuair a bhuail an clog a chuir tús leis an seachtú babhta bhí Clay ar a chosa ar an toirt. Níor chorraigh Liston den stól.

Thóg sé soicind nó dhó ar chuile dhuine a thuiscint céard a bhí tite amach. Bhí Cassius ar dhuine díobh siúd ba thúisce a rinne amhlaidh agus thosaigh ag léimneach agus preabadh timpeall na háite.

Bhí driseacha cosáin go leor amach roimhe i gcónaí sna blianta a lean ach is dóigh liom nach bréag a rá ón bpointe sin amach gur thosaigh laghdú leanúnach ag teacht ar líon na ndaoine ar mhór leo a chuid pocléimní, a chuid leiciméireachta agus a rogha creidimh.

Fág freagra ar 'Bhí Clay ar a chosa ar an toirt, níor chorraigh Liston den stól…'