‘Bheadh seachtain faoin ngrian sa Spáinn agam ar an méid a chosain trí lá orm i gConamara,’ a dúirt fear Phort Láirge

Tá lorg na gcos laghdaithe ar chosán na gcuairteoirí i gConamara an samhradh seo agus daoine curtha ó dhoras ag praghsanna arda agus aimsir dhorcha

‘Bheadh seachtain faoin ngrian sa Spáinn agam ar an méid a chosain trí lá orm i gConamara,’ a dúirt fear Phort Láirge

Fear a bhí tinn, tuirseach de phraghsanna arda.  Amach an taobh ó thuaidh de Chonamara a bhí sé.  Fear as Port Láirge.  ‘Breathnaigh,’ arsa seisean go cantalach, ‘bheadh seachtain agam sa Spáinn, aimsir bhreá, taisteal anonn agus anall, lóistín agus mo dhóthain pórtair agam ar an méid a chosain Conamara orm ar feadh trí lá.’

Chuir sé na cúiseanna atá tugtha leis an titim i dtionscal na turasóireachta i gConamara, agus ar fud na tíre, in aon abairt amháin.

Bhí an claonadh tugtha faoi deara ag Fáilte Éireann luath go maith sa mbliain.  Ina dtuarascáil go dtí mí na Bealtaine, dúirt an eagraíocht náisiúnta turasóireachta go raibh cúlú tugtha faoi deara ag 42% de na hionaid turasóireachta in aghaidh méadú a bhí ag 30% eile.  Ach níos measa ná sin, bhí lagan 50% tugtha faoi deara ag lucht na n-óstán agus tithe lóistín.  Bhí an lagan tarlaithe ar an líon turasóirí Éireannacha agus ar an líon eachtrannach araon.

Níl na sonraí a bhain leis an samhradh seo feicthe againn fós ó Fháilte Éireann.  Ach de réir na dtuairiscí, níor tháinig mórán de bhorradh faoi thionscal na turasóireachta í míonna an Mheithimh, Iúil ná Lúnasa.

Creideann Fáilte Éireann gur easpa airgid sna pócaí, praghsanna arda, ganntan lóistín in áiteacha (óstáin agus áiteacha ligthe amach le daoine as an Úcráin agus daoine atá ar thóir dídine) agus gan mórán ratha a bheith ar an aimsir is cúis leis an gcúlú.

Mórán mar sin a labhair fear Phort Láirge i gConamara freisin; tá a mhacasamhail de scéal ar fud fhormhór na tíre.

Tionscal atá sa turasóireacht a dteastaíonn neart oibrithe inti agus luaigh lucht óstán agus bialann le Fáilte Éireann go bhfuil costas breise pá ag cur brú trom orthu – é sin agus costais eile.

Tá sin tugtha faoi deara ag John Sweeney, fear gnó, óstóir agus cathaoirleach Chumann Tráchtála Chonamara.   “Níl de rogha ag lucht óstán agus bialann ach costais bhreise a chur anonn ar an gcustaiméara,” a deir an tUasal Sweeney.  “Ní maith le duine ar bith é sin a dhéanamh ach níl aon bhealach réadúil eile ann.”

Creideann John Sweeney go raibh an lear imeachtaí a bhí ar bun ar fud na tíre ar cheann de na cúiseanna leis an gcúlú ar an turasóireacht i gceantar Chonamara.  Dúirt an tUasal Sweeney go bhfuil costais arda ag breith ar dhaoine ar an iliomad bealaí.

Luaigh sé imeachtaí ar nós cheolchoirmeacha Taylor Swift agus cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais na hÉireann sa bpeil agus san iománaíocht i mí Iúil, ar chuid de na himeachtaí sin.

Mar shampla amháin, a deir Sweeney, tá an costas ar theaghlach atá ag caitheamh lá i mBaile Átha Cliath ag cluiche peile nó iománaíochta, nó ag ceolchoirm nó féile, níos troime ná mar a bhíodh sé.

Fágann caiteachas mar sin, agus an t-ardú ar chostas maireachtála, go bhfuil roinnt den airgead a chaithfí ar laethanta saoire ídithe.

Tá a fhios sin ag fear Phort Láirge.

B’fhéidir gur bliain eisceachtúil atá againn sa turasóireacht nó b’fhéidir go bhfuil turasóirí curtha ó dhoras de bharr arduithe ar phraghsanna, gan trácht ar an aimsir dhorcha.

Nó an bhfuil léas dóchais ann agus an féidir leithéidí fhear Phort Láirge a mhealladh chuig ceantair, cúinní agus bailte ar fud na tíre?

Beifear á phlé sin i gColáiste na nGael i Leuven ón 14 go dtí an 18 Deireadh Fómhair.  ‘Dúiche’ an teideal atá ar chomhdháil a bheidh ansin.  Beifear ag plé bealaí le theacht i dtír ar an gcultúr agus buachtáil a bhaint as féiniúlacht áite.  “Why and how place matters” a deirtear ar an mbileog eolais.

Beidh iar-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh – comhairleoir fiontraíochta agus forbartha atá ina bhall de Bhord Stiúrtha Choláiste Leuven – i measc na gcainteoirí.

Beidh Fionnbarra Ó Brolcháin, iar-ollamh le hairgeadais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ina theannta, mar a bheidh James J Kennelly, Ollamh le Gnó Idirnáisiúnta in Ollscoil Skidmore i Saratoga i Nua-Eabhrac.

Creideann Micheál Ó hÉanaigh go bhfuil “tacaíocht ón lár fíorthábhachtach d’fhorbairtí áitiúla turasóireachta”.  Tá Ó hÉanaigh den bharúil go mbeadh spéis ag cuimse cuairteoirí i ngnéithe logánta agus i saol, i sprid agus i gcroí na gceantar tuaithe.

“Sílim,” arsa seisean “gur tráthúil go bhfuil an t-ábhar seo á phlé i measc Éireannach i gColáiste Leuven, áit atá daingnithe i stair agus i scéal na hÉireann le 400 bliain.”

Níos túisce ná comhdháil Leuven, beidh ócáid in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna i gConamara a bheidh bunaithe ar an saol áitiúil.  Labhróidh Cóilín Ó hIarnáin faoi na báid ar a dtugtaí na Nobbies; pléifidh Ciarán Ó Maoláin iarsmaí seandálaíochta Chonamara Láir agus beidh trácht ann ar an imirce as Conamara go Oregon agus Idaho i Meiriceá.  Ar an 11ú Meán Fómhair a bheidh an ócáid sin i gCarna.  Seo sampla agus blaiseadh de shaol ceantair idir stair, chultúr agus oidhreacht agus tá fáilte roimh an saol mór ann.

Tá an samhradh ag críochnú agus tá lorg na gcos ag laghdú ar chosán na gcuairteoirí.  An dá ócáid atá luaite, tádar i bhfad ó chéile agus ar scálaí difriúla, ach tá an cuspóir céanna leo – cuairteoirí a thabhairt chuig na bólaí atá i bhfad ó lár an tsaoil mhóir.

An dtiocfaidh fear Phort Láirge?

Fág freagra ar '‘Bheadh seachtain faoin ngrian sa Spáinn agam ar an méid a chosain trí lá orm i gConamara,’ a dúirt fear Phort Láirge'

  • Pádraig D'Arcy

    Chuir óstán i gCarna mo thuismithroirí amach gan rabhadh mar gheall na teifigí lonnaithe ann in ionad. Tá fadhbanna níos measa ná praghsanna againn.

  • Lillis Ó Laoire

    Leathscéal gan leithscéal é seo. Cé hiad coiste eagraithe na comhdhála seo i Lobháin? Arbh fhéidir nasc chuig an chlár a chur san alt?

  • Carraig

    Bíonn sainiúlacht áite, chultúir & teanga á lorg ag cuairteoirí ó thíortha eile anois.
    Agus níl siad sin ar fáil sa chuid is mó den tír seo.
    Bíodh an Spáinn ag fear Phort Láirge, meas tú an bhfuil aon fhocal Spáinnise aige, nó aon teanga eile?

  • Seán Mag Leannáin

    Ócáid ar an téama céanna níos gaire do bhaile ag deireadh na míosa seo.
    ‘Beidh an Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn, 27-28 Meán Fómhair 2024 ag Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.
    Ómós Áite
    “… is beag cnoc agus is beag fód den talamh nár móradh, nach raibh scéal le haithris ina thaobh, nach raibh dia nó bandia nó laoch nasctha leis, agus ainm an loig sin le buanú dá réir.”
    – Seán Ó Tuama, ‘Ómós Áite: A rian ar scríbhneoirí in Éirinn’ in Comhar, 51(5), lch. 179.

    Déanfar plé ag Comhdháil na bliana seo ar an ómós áite i litríocht agus i gcultúr na Gaeilge, idir shean agus nua, idir léannta agus ealaíonta. I measc na bpáipéar a léifear, déanfar trácht ar an ómós áite mar a léirítear é sna réimsí seo a leanas: an t-ómós áite sa litríocht mheánaoiseach; feidhm an logainm san fhilíocht; ról na léarscáile san úrscéal stairiúil; tábhacht an cheoil agus na n-amhrán i ngearrscéalta Uí Chadhain; an t-ómós áite uirbeach agus gnásanna ainmnithe sráidainmneacha; an áit sa seanchas pearsanta, agus go leor eile.’