B’fhiú do gach Teachta Dála agus Seanadóir ‘Time To Think’ a léamh

Tá ábhar dianmhachnaimh i scéal Tavistock agus i gcur síos cúramach ar an dochar a rinne síorsheachaint na fírinne

B’fhiú do gach Teachta Dála agus Seanadóir ‘Time To Think’ a léamh

Tá iniúchadh domhain déanta ag an iriseoir Sasanach Hannah Barnes ar sheirbhís a thairg comhairle do dhaoine óga ón mBreatain agus ón tír seo ach atá le dúnadh tar éis d’fhiosrú neamhspleách cur chuige na seirbhíse a cháineadh go láidir.

Níos luaithe i mbliana, a foilsíodh a leabhar Time to Think – The Inside Story of the Collapse of the Tavistock’s Gender Service for Children ach tá tábhacht fós lena saothar mar gheall ar an bhfianaise a bhailigh Barnes faoin dochar d’othair a rinne neamhthoil na n-údarás déileáil le cúiseanna imní a chuir saineolaithe éagsúla faoina mbráid le breis agus deich mbliana anuas.

Tháinig fás as cuimse ó 2011 ar aghaidh ar líon na n-othar a cuireadh chuig clinic Tavistock i Londain – clinic a thairg cabhair do dhaoine óga a raibh diosfóiria inscne ag cur as dóibh. De réir an fhoclóra, is ionann diosfóiria agus imní, míshásamh nó míchompord.

Mhol seirbhísí meabhairshláinte áitiúla do na mílte tuismitheoir a bpáistí nó a ndéagóirí a bhí míshásta lena n-inscne, dar leo, comhairle a fháil ó shaineolaithe Tavistock. D’iarr a bhformhór mór drugaí a bhlocálfadh a dteacht chun caithrithe (nó ‘puberty blockers’).

De réir a chéile mhol na saineolaithe go dtabharfaí drugaí blocála do bheagnach gach duine a d’iarr a leithéid. Thug comhaltaí áirithe den fhoireann le fios do na bainisteoirí, áfach, nach raibh iniúchadh sách cuimsitheach á dhéanamh cheal ama ar chúlra agus ar mheon na n-othar, ná ar fhadhbanna a chuirfeadh as dá gcumas a míshásamh inscne a mheá. Níor tugadh aird ar a dtuairimí go dtí go ndearna an péidiatraí aitheanta Hilary Cass athbhreithniú neamhspleách ar an tseirbhís anuraidh.

Is mar gheall ar na lochtanna tromchúiseacha sa tseirbhís a d’aimsigh Cass a shocraigh seirbhís sláinte na Breataine (an NHS mar a thugtar air de ghnáth) go ndúnfaí clinic Tavistock an bhliain seo chugainn. Bunófar seirbhísí comhairle nua réigiúnacha ina ionad.

Tá mionchur síos i leabhar Hannah Barnes ar na hagallaimh a chuir sí ar chomhaltaí d’fhoireann Tavistock agus ar shaineolaithe eile agus ar dhaoine óga bhí míshásta agus sásta leis an gcomhairle a thug an tseirbhís dóibh. Is léir ó thús go deireadh a leabhair go raibh sé mar aidhm aici scéal Tavistock a inseacht go cothrom agus go cuimsitheach.

Ní scéal é a bhaineann leis an mBreatain amháin toisc gur chuir ospidéal na bpáistí i gCromghlinn 238 duine óg ar aghaidh go clinic Tavistock idir 2011 agus 2021. Ní foláir a rá nach raibh sainchlinic inscne do dhaoine óga in Éirinn sa tréimhse sin agus nár bunaíodh clinic dá leithéid abhus fós – cheal foirne a deirtear.

I measc na mór-ábhar imní a chíortar sa leabhar, is fiú suntas ar lieth a thabhairt do na cinn seo.

Ní raibh taighde ceart ar fáil ar thionchar sláinte na mblocálaithe caithreachais a d’iarr agus a fuair daoine óga a chuaigh go Tavistock.

I measc na dtionchar a chuir as d’othair a thóg drugaí blocála bhí dúlagar trom, mífheidhmiú gnéis, oistéapóróis (cnámha laga nó briste) agus bac ar fhás.

De réir mar a chuaigh líon na ndaoine óga a d’iarr comhairle Tavistock i líonmhaire, chuaigh an méid ama a chaith an fhoireann ag cur agallaimh orthu i laghad.

Mhol foireann Tavistock tógáil drugaí blocála d’fhormhór na n-othar a chuaigh chun cainte leo gan lántuscint acu ar a gcúlra pearsanta, síceolaíochta, teaghlaigh agus sóisialta.

Dúradh le daoine óga go raibh tionchar na ndrugaí blocála iniompaithe agus nach raibh cúisíocht ná ceangal ar bith idir an cinneadh iad a thógáil agus hormóin thrasghnéasacha a thógáil níos deireanaí. Ní raibh ceachtar ráiteas fírinneach.

Nuair a dúirt comhairleoirí éagsúla ar fhoireann Tavistock le bainisteoirí gur chuir cleachtais agus brú oibre na seirbhíse imní orthu rinneadh neamhaird nó beag is fiú dá dtuairimí, nó dúradh leo gur trasfhóibe a thug orthu cúiseanna imní a nochtadh.

D’fhógair an NHS sa Bhreatain i mí an Mheithimh go mbeadh cosc feasta ar oidis i gcomhair drugaí a chuirfeadh bac ar chaithriú, taobh amuigh de thograí taighde. Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios ina dhiaidh sin go raibh ‘athbhreithniú’ á dhéanamh ar úsáid na ndrugaí blocála.

Dúradh freisin go n-iarrfaí ar ghrúpa saineolaithe polasaí nua cóireála do dhaoine le diosfóiria inscne a leagan amach.

Níl aon chosúlacht ann, áfach, go mbunófar fiosrúchán neamhspleách mar a bunaíodh sa Bhreatain chun cás na ndaoine óga ón stát seo (238 san iomlán) a cuireadh go Tavistock a iniúchadh. Tá fiosrú dá leithéid molta ag an iar-aire Charlie Flanagan a dúirt le gairid nach raibh fiosrú inmheánach an HSE sásúil.

Tá cur síos i leabhar Hannah Barnes ar an míshuaimhneas a chuir beirt dochtúirí sa tseirbhís náisiúnta inscne do dhaoine fásta, Paul Moran agus Donal O’Shea, in iúl ó 2018 ar aghaidh agus ar an gcluas bhodhar a tugadh dóibh.

Ní mar léirmheas ar leabhar ach mar mholadh léitheoireachta a scríobhadh an colún seo. Tá sárchur síos déanta ag Hannah Barnes ar an díobháil as cuimse a rinneadh nuair nár tugadh aird ar chúiseanna réasúnta imní, ach is amach anseo a neosfar lántionchar na ndrugaí a chuir bac ar fhás nádúrtha na ndéagóirí a thóg iad.

Ní leigheas neamhaird ar fhadhb ar bith, ach a mhalairt. B’fhearr le go leor polaiteoirí, iriseoirí, craoltóirí agus mórán daoine eile cruacheisteanna a bhaineann le cúrsaí inscne a sheachaint. Go háirithe toisc nach tearc an dream a chuireann míchineáltacht, fuath, trasfhóibe, Naitsíochas agus a leithéid ina leith

Tá sampla scanrúil den dochar leanúnach a rinne meon dá leithéid i leabhar tomhaiste Hannah Barnes. Ní leabhar tuairimíochta é ach éacht iriseoireachta a bhunaigh sí ar thaighde fada chúramach.

B’fhiú do gach Teachta Dála agus Seanadóir é a léamh, fiú mura léann siad ach an chaibidil sa leabhar a bhaineann le páistí na hÉireann.

Tá cineáltacht tuillte ag gach páiste agus ag gach duine trasinscneach ach tá ciall, cóireáil chúramach agus cothroime tuillte acu freisin, agus ag gach duine eile.

Time to Think – The Inside Story of the Collapse of the Tavistock’s Gender Service for Children, le Hannah Barnes, Swift Press a d’fhoilsigh, £20 sterling a luach.

Fág freagra ar 'B’fhiú do gach Teachta Dála agus Seanadóir ‘Time To Think’ a léamh'

  • Pádraig Maca’tsaoir

    An ceart ar fad agat a Chathail, ach is beag polaiteoir ná iriseoir atá misniúil go leor chun na gnoithe seo a phlé. Ní comhartha maith é don tsaoirse chainte sa tír seo

  • Seán

    Tá an díomá orm go bhfuil gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil an colúnaí seo gafa leis an gceist seo ar bhealach atá thar a bheith cúng. Ní fheicim é ag scríobh faoi na deacrachtaí atá ag an bpobal Tras (mionlach laistigh de mhionlach) ach caitheann sé an-chuid ama ar an “uisce faoi thalamh” seo.

    Bhí fadhbanna le Tavistock, cinnte, ach tá an tuiscint atá ar chúrsaí inscne ag forbairt an t-am ar fad agus tá mé den tuairim nach bhfuil an colúnaí iomlán ar a chompord leis an bhforbairt seo – gné atá ag dul i bhfeidhm ar na tuairimí atá aige ar an ábhar.

    Freisin, is rud é trasfóibe agus má tá sé curtha i do leith, is fiú smaoineamh ar an gciall taobh thiar den lipéad.

  • Sorcha

    Alt eile ar an ábhar seo. Tá mo chroí dubh aige ar fad, agus tá imní faoin méid atá i ndán do ghrúpaí mionlacha in Éirinn. Ba dheas dá labhródh an colúnaí le duine éigin ón bpobal tras faoin méid atá á fhulaingt acu faoi láthair. Tagaim leis an méid a dúirt Seán.