B’fhéidir nach é córas an chuóta an bealach is fearr le cur le líon na mban sa pholaitíocht

Táthar níos gaire den chothroime ionadaíochta ó thuaidh ná mar atáthar ó dheas. Cén fáth?

B’fhéidir nach é córas an chuóta an bealach is fearr le cur le líon na mban sa pholaitíocht

Mary Lou McDonald agus Michelle O'Neill. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Triúr ceannairí ar pháirtithe polaitíochta ar comhchéim i dTeach Laighean agus den chéad uair is bean duine de na ceannairí sin. Tá seans, b’fhéidir, ag Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin a bheith ina Taoiseach.

Cor stairiúil ar an-chuid cúiseanna, ach ní cheileann sé a ghainne is ionadaithe ban i nDáil Éireann.

Ba é an t-olltoghchán ar an 8 Feabhra an dara ceann ina raibh sé riachtanach, de réir na reachtaíochta go mbeadh 30% d’iarrthóirí gach páirtí ina mná. Mura sroichfeadh páirtí an cuóta sin ní bheadh sé i dteideal iomlán na gcostas. In 2016 tháinig méadú 40% ar líon na mban a toghadh ina dTeachtaí Dála, a bhuíochas don ardú ar líon na n-iarrthóirí i ngeall ar an gcuóta.

Ba é comórtas na míosa seo an chéad cheann ina raibh bean mar iarrthóir i ngach ceann de na 39 toghcheantair. 160 bean ar fad a bhí ina n-iarrthóirí san olltoghchán agus súil ag daoine dá réir go mbeadh méadú arís ar an ionadaíocht. Níor toghadh aon bhean i 10 dtoghcheantar, áfach agus san iomlán ní raibh ach 36 bean i measc an 160 Teachta Dála a toghadh chun an 33ú Dáil. B’in duine amháin sa bhreis ar an toghchán deiridh nuair a bhí 158 Teachta Dála ann. Maidir le céatadán na mban sa Dáil nua, ní raibh ach oiread na fríde de mhéadú i gceist, ó 22.2% go 22.5%.

Is mór idir é sin agus an 30% a bhí mar aidhm ag an gcuóta, gan trácht ar an 40% d’iarrthóirí a bheidh riachtanach ó 2023 ar aghaidh. Is cosúil gur i bhfad uainn an chothroime ionadaíochta.

Tá Stormont i bhfad chun tosaigh ach níl sé i ngar ná i ngaobhar don chothroime. Mná ab ea 30% de na Teachtaí Tionóil a toghadh sa toghchán obann in 2017, 27 as 90. Tá líon na mban méadaithe go 34 anois agus seachtar ban eile comhthofa in ionad daoine a d’éirigh as.

Ina theannta sin is mná iad an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, Arlene Foster, ceannaire an DUP, agus Michelle O’Neill, leasuachtarán Shinn Féin. Mná atá ina gceannairí ar pháirtí an Alliance agus an Comhaontas Glas chomh maith, Naomi Long agus Clare Bailey, agus ó d’imigh Colum Eastwood go Westminster is í Nicola Mallon ceannaire an SDLP in Stormont. Is é an seisiún reatha den Tionól an chéad deis a bhí ag na mná sin mar ghrúpa ceannairí chun lorg a lámh a leagan ar shaol poiblí an Tuaiscirt.

Beidh le feiceáil cé mar a éireos leo; mionlach cumhachtach is ea iad.

Conas a d’éirigh le Tuaisceart Éireann, áit nach bhfuil cuóta, a bheith níos gaire don chothroime ionadaíochta ná mar atá an Phoblacht? Níl na seisiúin Tionóil chomh fada ná chomh líonmhar leis na seisiúin Dála agus seans go bhfuil Stormont níos oiriúnaí do theaghlaigh agus do mháithreacha, go speisialta. Seanscéal é nach amhlaidh an scéal i dTeach Laighean. Thairis sin an gá do na páirtithe móra, Fianna Fáil agus Fine Gael, a dhul i ngleic le claontacht inscne? An é nach mbíonn i gceist nuair a roghnaítear roinnt de na hiarrthóirí mná ach an cuóta a shásamh ar mhaithe le hairgead poiblí a fháil?

Nílim ag rá go mbeadh mná níos fearr na fir i mbun rialtais ná gur cheart iad a bheith ina móramh. Ach tá a mhalairt fíor freisin. Is í an fhadhb le gann-ionadaíocht ar mhná (nó fir dá dtarlódh sé) go bhfuil tréithe, tuiscint, taithí saoil agus éagsúlacht leath an daonra á gcur amú. Ta an obair chomh deacair cheana féin gur seafóideach an mhaise é neamart a dhéanamh sna hacmhainní luachmhara daonna sin.

B’fhiú anailís uileghabhálach a dhéanamh ar éifeacht agus ar fheidhmiú na gcuótaí féachaint an é an cur chuige reatha an modh is éifeachtaí chun lánpháirtíocht na mban ar bhonn comhionannais a chinntiú.

Fág freagra ar 'B’fhéidir nach é córas an chuóta an bealach is fearr le cur le líon na mban sa pholaitíocht'