‘B’fhéidir gurbh é an t-amhránaí ba bhinne dá gcuala riamh é’ – Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne

Bhí Séamus Ó Beaglaoich, ó Bhaile na bPoc i gCorca Dhuibhne, ar dhuine de phearsana móra na Gaeltachta agus ar dhuine de mhórcheoltóirí traidisiúnta a linne

‘B’fhéidir gurbh é an t-amhránaí ba bhinne dá gcuala riamh é’ – Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne

Tá Séamus Ó Beaglaoich, ceoltóir, amhránaí agus feirmeoir aitheanta ó Bhaile na bPoc i gCorca Dhuibhne, ar shlí na fírinne.

Bhí sé 73 bliain d’aois.

Bhí Séamus Ó Beaglaoich, ar dhuine de phearsana móra na Gaeltachta agus ar dhuine de mhórcheoltóirí traidisiúnta a linne.

Bhí sé ar dhuine de naonúr clainne i gceann de theaghlaigh mhóra an cheoil in Éirinn – muintir Bheaglaoich Bhaile na bPoc. Bhíodh halla rince ar an Muiríg ag muintir Bheaglaoich agus é ina chomórtas idir ógánaigh Bhaile na bPoc féachaint cé leis a thitfeadh an gradam – a bheith ag seinm ag na céilithe sa halla.

Bhí dúchas an cheoil agus na teanga go smior i Séamus Ó Beaglaoich agus thosaigh sé ag seinm ceoil in Halla na Muirí agus é 14 bliain d’aois. Ba iad leithéidí Joe Burke, Paddy O’Brien agus Finbarr Dwyer na boscadóirí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag teacht chun coinlíochta.

Le spreagadh Riobaird Mhic Góráin Ghael Linn, ba lena dheirfiúr Máire a chuir Séamus amach a chéad albam, An Ciarraíoch Mallaithe, 50 bliain ó shin, i 1973. Chuir sé albam eile amach le Máire i 1989, Planxtaí Bhaile na bPoc.

As a chumas diamhair ar an mbosca ceoil is mó a thuill sé aitheantas agus bhain a chleamhnas ceoil leis an ngiotáraí Steve Cooney suaitheadh maith as saol an cheoil thraidisiúnta tar éis dóibh bualadh lena chéile ar dtúis i dtábhairne an Bhreathnaigh ar an mBóthar i 1984.

Cé go raibh fealsúnacht saoil ana-éagsúil acu, bhaineadar beirt ana-cheart dá chéile sna blianta a lean.

Bhí cur chuige suaithinseach lán fuinnimh acu agus is mó duine a bhí meallta ag a n-albam Meitheal agus ag a gceolchoirmeacha spleodracha a mbíodh fiántas agus anam as an ngnáth ag baint leo. Mar “Guns N’ Roses Bhaile na bPoc” a chuir an craoltóir Ailbhe Ó Monacháin i láthair iad ar oíche oscailte TG4 i 1996.

Bhí oícheanta san Olympia i mBaile Átha Cliath acu agus bhíodar ar an stáitse leis an ngrúpa iomráiteach na Waterboys in Glastonbury.

Ag é ag tabhairt ómóis aréir dó, dúirt Mike Scott, amhránaí an ghrúpa sin, gur scoth cheoltóra é Séamus agus go mb’fhéidir “gurbh é an t-amhránaí ba bhinne dá gcuala riamh”.

“Cara, rí agus dia beag ab ea James,” a dúirt Scott, agus é ag guí cúrsa glan chun na síoraíochta air.

Agus í ag tabhairt ómóis aréir dó, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin go raibh a chuid ceoil préamhaithe go domhain in ithir an dúchais agus i dtraidisiúin Chorca Dhuibhne.

Bhí an-rath chomh maith ar an gcomhpháirtíocht cheoil idir Ó Beaglaoich agus Jim Murray agus bhuaigh a saothar Ragairne duaiseanna d’albam traidisiúnta na bliana ó Hot Press agus The Irish Times. Fuair a n-albam Éirí go Lá ardmholadh chomh maith.

De bharr an éilimh a bhíodh chun rince ar an gceol i gCorca Dhuibhne i gcaitheamh a óige, b’fhuraist leithcheal a dhéanamh ar a chuid amhránaíochta.

Bhí sé de cháil ar Shéamus go n-éiríodh leis dul go croí an amhráin i gcónaí agus taibhsíodh do scata go mba thríd agus leis agus ann a deirtí an t-amhrán.

Bhí sé le rá ag a chara, an t-amhránaí clúiteach, Mary Black, gur macallaí an rógaire agus an aingil a bhí le clos ina ghuth agus go meallfadh sé idir deora goirte is gáirí geala uait in aon véarsa amháin.

Deireadh sé féin go mba bhreá an lá dó ag Oireachtas na bliana 1969 ach a ndúirt an moltóir Seán Óg Ó Tuama leis an mBeaglaoch óg go raibh a ghuth róbhinn don sean-nós.

Dála a mhuintire roimis, níorbh aon fhear é Séamus a dhein idirdhealú ná rangú ar genres éagsúla ceoil, bídís i mBéarla nó i nGaolainn.

Bronnadh gradam Amhránaí na Bliana air ag Gradaim Cheoil TG4 in 2013.

Ina pharóiste dúchais, Paróiste Mórdhach, bhí Ó Beaglaoich aitheanta mar shárchainteoir agus é ar dhuine de na daoine ab fhearr sa Ghaeltacht chun scéal a insint agus ba é a bhí deas, chomh maith, ar chaint ghonta, líonmhar, lúthfhoclach, nuair a bhí an greann ina theas i mbundún dearg na hoíche.

As an naonúr clainne de mhuintir Bheaglaoich, ba é Séamus a d’fhan aige baile ag tindeáil ar an mbreis is céad acra de thalamh na hÉireann a bhí ina seilbh.

Bhí meas air mar fheirmeoir agus cé go ndeireadh sé féin gur mhinic go raibh dícheall déanta is faic dá bharra, bhí stráice maith talún tugtha chun míntíreachais aige i gcaitheamh na mblianta.

Thug sé tamall mar chonraitheoir sadhlais agus tá cuimhní sa pharóiste inniu air mar dhuine a léimfeadh anuas den dtarracóir idir deasca lae is oíche shamhraidh chun seinimt sna tábhairní agus é éirithe le giolcadh an ghealbhain chun tabhairt faoin móinéar athuair.

Fear tíriúil, cuileachtúil, deisbhéalach, seoigh ba ea é a raibh féith na rógaireachta go láidir ann.

“Cá mbeimis gan an ceol?” a deireadh Séamus Ó Beaglaoich féin go minic agus ba dheacair dó a shaol a shamhlú gan na polcaí, na sleamhnáin agus na hamhráin dála ‘Bruach na Carraige Báine’, ‘Maidin Luan Cincíse’, ‘An Droighneán Donn’ agus ‘A Mháire Bhán Óig’.

Is deacair do lucht an cheoil is na n-amhrán an saol a shamhlú gan a láimh chlé ag scuabadh na nótaí chun siúil agus an “béilín ba bhinne ná an druid nuair a labhrann” ina thost.

Méala agus púir mhór a bhás dá bhean Mary, dá chlann Breandán, Eoin, Niall agus Méabh, dá chlann cheolmhar deartháireacha is deirfiúracha, dá gclann siúd arís, dá ghaolta, dá chomhcheoltóirí agus don uile dhuine go bhfuil meas acu ar an gceol agus ar an amhrán.

Fág freagra ar '‘B’fhéidir gurbh é an t-amhránaí ba bhinne dá gcuala riamh é’ – Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne'

  • Pat

    Laoch ar lár

  • Síle

    Ceol níos binne sna Flaithis inniu 💧

  • Bríd Ní Chonchubhair

    Laoch ar lár in Iarthar Dhuibhneach 🙏🏻Beidh cuileachta thar na bearta ‘sna flaithis anois.
    Cé a scríobh an t-alt aoibhinn seo in omós do Shéamas?

  • Gabriel Rosenstock

    Beannacht Dé leis.

  • Mártan Ó Ciardha

    Is boichte muid uilig d’uireasa an laoich. Beidh fáil againn ar a chuid ceoil. Imithe uainn beidh a chuid grinn, a ghnaíúlacht, a láíocht agus an dóigh a bhain leis féin. Ár mbrón & ár mbuíochas a James.

  • Breathnóir1

    Go raibh leaba aige i measc naoimh (eile) an cheoil…

  • alan titley

    guth na meala, méireanta draíochta, pearsantacht spleodrach

  • Ana Ní Shúilleabháin

    An t-amhránaí ab fhearr a bhí Ann, sonas síoraí ort a Shéamais.

  • Eimear

    Suaimhneas síoraí do Shéamus. Oidhreacht fágtha aige agus nach orainne atá an t-ádh.

  • An Teanga Bheo

    Cumasaach den scoth a bhí ann Beannacht Dé leis.