Beirt chomhaltaí nua ar Bhord TG4 le roghnú ag Coiste Gaeilge an Oireachtais

Tá triúr comhaltaí eile le roghnú ag TG4, cathaoirleach nua an bhoird ina measc, agus an próiseas roghnúcháin ar bun ag an stáisiún i láthair na huaire

Beirt chomhaltaí nua ar Bhord TG4 le roghnú ag Coiste Gaeilge an Oireachtais

Tá iarratais á lorg ag Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir le dhá fholúntas ar Bhord TG4 atá le líonadh.

Tá cúigear comhaltaí nua le ceapadh ar an mbord sna míonna amach romhainn agus is é Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a dhéanfaidh beirt acu a mholadh.

Tá triúr comhaltaí eile le roghnú ag TG4, cathaoirleach nua an bhoird ina measc, agus tá an próiseas roghnúcháin ar bun ag an stáisiún i láthair na huaire.

Tá fógartha ag an gCoiste Gaeilge go bhfuil léirithe spéise á lorg aige ó dhaoine ar mhian leo go gcuirfí san áireamh iad chun an dá fholúntas a líonadh.

Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag gach aon iarrthóir agus deir an Coiste go mbeadh sé ina bhuntáiste ag duine aon taithí atá acu sna réimsí seo a leanas a léiriú: an teicneolaíocht, an nuálaíocht, an eagarthóireacht; nó aon saineolas atá acu ar  ábhair iomchuí ar leith – cúrsaí óige, spóirt, cultúir, ceol, oideachais, srl.

Molfaidh an Coiste beirt iarratasóirí agus déanfaidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán iad a cheapadh ar an mbord.

Caithfidh iarratasóirí a spéis a chur in iúl don Choiste roimh Dé Luain, an 15 Lúnasa, más leo a bheith san áireamh. D’fhéadfadh go mbeadh agallamh ar líne ina chuid den phróiseas roghnúcháin.

Déanfaidh an Coiste Gaeilge iad siúd atá le roghnú a fhógairt ag cruinniú de chuid an Choiste i dTeach Laighean mí Mheán Fómhair.

Tá na cúig fholúntas ar Bhord TG4 ann toisc a dtréimhse ar na mbord a bheith curtha isteach ag cúigear, an cathaoirleach Siún Ní Raghallaigh, Des Geraghty, Michelle Ní Chróinín, Mairéad Ní Cheoinín agus Micheál Seoighe.

Chaith na comhaltaí dhá théarma cúig bliana ar an mbord.

11 comhalta a bhíonn ar Bhord TG4 in éineacht leis an Ardstiúrthóir agus ionadaí foirne. An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a dhéanann na ceapacháin.

Athcheapadh na comhaltaí Frank Reidy agus Bríd Ní Fhachtna ar an mbord in 2020. Is iad na comhaltaí eile atá ar an bord faoi láthair – Mairéad Ní Nuadháin, colúnaí le Tuairisc, Siobhán Ní Ghadhra, Acadamh an Atlantaigh, Darach Ó Tuairisg, Fíbín, agus ionadaí fhoireann TG4, Seán Ó Domhnaill.

Fág freagra ar 'Beirt chomhaltaí nua ar Bhord TG4 le roghnú ag Coiste Gaeilge an Oireachtais'