Beirt chainteoirí Gaeilge le suíochán a fháil I ndeisceart Bhaile Átha Cliath, tabharfaidh aire na Gaeltachta na cosa léi 

Sa tsraith seo, caitear súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugtar tuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo in Olltoghchán an 29 Samhain. An babhta seo, tá dáilcheantair dheisceart Bhaile Átha Cliath againn

Baile Átha Cliath Theas-Lár

Líon na suíochán 4

Tá roinnt athruithe déanta ar an toghcheantar seo ó 2020 ach níl aon athrú ar an líon suíochán.

Ceithre shuíochán atá le líonadh agus tá ochtar déag (18) iarrthóirí ag seasamh, ina measc triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Aengus Ó Snodaigh (SF) ó Shinn Féin; Joan Collins (R2Ch) ón ngrúpa Right to Change agus Patrick Costello (CG) ón gComhaontas Glas. Níl Bríd Smith (PsB), a toghadh cúig bliana ó shin, san iomaíocht: ina háit tá Hazel de Nortúin (PsB).

Bhí Aengus Ó Snodaigh (SF), urlabhraí Gaeilge a pháirtí, ar bharr an chomhairimh in 2020 le 17,015 vóta, beagnach dhá chuóta, ach ní raibh ag Sinn Féin ach an t-aon iarrthóir amháin. Bríd Smith (PsB) agus Joan Collins (R2Ch) is mó a fuair vótaí aistrithe uaidh agus toghadh an bheirt acu, a bhuíochas do Shinn Féin. An uair seo tá triúr iarrthóirí ag Sinn Féin: an Comhairleoir Máire Devine (SF) a fuair 457 vóta sna toghcháin áitiúla agus an Comhairleoir Daithí Doolan (SF) a bhí ar bharr an chomhairimh i mBaile Formaid – Droimeanach le 1,849 vóta. Ach bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an vóta, tá gach seans ag Sinn Féin dhá shuíochán a fháil an uair seo.

Sna toghcháin áitiúla ní mórán tacaíochta a bhí ag iarrthóirí Fhianna Fáil (8%) ná ag iarrthóirí Fhine Gael (4%) sa gceantar i gcomparáid le 18% ag iarrthóirí ó Shinn Féin; 5% araon ag an Lucht Oibre agus 8% ag an gComhaontas Glas. Bhí 22% ag iarrthóirí eile ar an eite chlé.

San iomaíocht d’Fhianna Fáil tá an Seanadóir Catherine Ardagh (FF) a fuair 4,782 vóta in 2020. Bhíodh suíochán ag a hathair, Seán Ardagh, roimpi. D’éirigh sé as in 2011 agus ní raibh suíochán ag Fianna Fáil sa Dáilcheantar seo ó shin.

San iomaíocht d’Fhine Gael tá an Seanadóir Mary Seery Kearney (FG). Fuair Fine Gael 11.7% den vóta in 2020 ach is beag vótaí aistrithe a fuair a n-iarrthóir, Catherine Byrne (FG), agus chaill sí a suíochán le 347 vóta.

Tá beirt iarrthóirí láidre ó ghrúpaí ar an eite chlé: Joan Collins (R2Ch) ó Right to Change a choinnigh a suíochán in 2020 agus an Comhairleoir Hazel de Nortúin (PsB) ó Phobal seachas Brabús a fuair 1,304 vóta sna toghcháin áitiúla i mBaile Formaid-Droimeanach. Is cainteoir líofa Gaeilge í Hazel de Nortúin a chloistear ar Raidió na Gaeltachta anois is arís. Tá sí gníomhach i bhfeachtas le Gaelscoil nua a bhunú i mBaile Formaid.

Beidh sé sách deacair ag an gComhaontas Glas an suíochán a fuair Patrick Costello (CG) in 2020 a choinneáil. Bhí 8% ag iarrthóirí ón gComhaontas Glas sna toghcháin áitiúla, mar a chéile le Fianna Fáil. Dá mbeadh sé chun cinn ar Catherine Ardagh (FF) agus ar Mary Seery Kearney (FG) d’fhéadfadh sé a bheith san iomaíocht ag an deireadh. Bheadh roinnt vótaí aistrithe le fáil ag Patrick Costello (CG) ó John Paul Murphy (Rabharta).

San iomaíocht do Pháirtí an Lucht Oibre tá an Comhairleoir Darragh Moriarty (LO) a fuair 1,013 vóta sna toghcháin áitiúla. Fuair iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta sa dáilcheantar seo, Jen Cummins (DS), 903 vóta sna toghcháin áitiúla. Drochsheans go mbeidh ceachtar den bheirt sin san iomaíocht ag an deireadh ach d’fhéadfadh aistriú a gcuid vótaí bheith tábhachtach do sheansanna Patrick Costello (CG).

Beidh an Comhairleoir Philip Sutcliffe (Nspl) thíos ar an bpáipéar ballóide mar iarrthóir de chuid Independent Ireland, ach tá sé tar éis briseadh le Independent Ireland de bharr míshástacht sa bpáirtí nua leis faoina chairdeas le Conor McGregor, atá go mór sa nuacht le roinnt seachtainí. Tá tacaíocht ag Philip Sutcliffe (Nspl) i mBaile Formaid. Seans nach ndéanfaidh an phoiblíocht aon dochar dó. Tá iarrthóir eile san iomaíocht do Independent Ireland, Rebecca Hendrick (Ind Ire). San iomaíocht d’Aontú tá Aisling Considine (Aon).

Tá beirt iarrthóirí ó ghrúpaí ar an eite dheis san iomaíocht: Jim Aherne (IP) ón Irish People agus Barry Ward (IFP) ón Irish Freedom Party.

Chomh maith leis na comhairleoirí Philip Sutcliffe (Nspl), tá beirt iarrthóirí neamhspleácha eile ar an bpáipéar ballóide: Richard Murray (Nspl) agus Dolores Webster (Nspl).

Is é mo bharúil go dtógfaidh Sinn Féin dhá shuíochán, Aengus Ó Snodaigh (SF) agus Daithí Doolan (SF); go mbeidh suíochán ag Hazel de Nortúin (PsB) agus go mbeidh an suíochán deireanach idir Patrick Costello (CG); Joan Collins (R2Ch) agus Catherine Ardagh (FF).

Tuar Tuairisc: SF 2; CG 1; PsB 1

Baile Átha Cliath Thiar Theas

Líon na suíochán 5

Tá roinnt athruithe déanta ó 2020. An t-athrú is mó go bhfuil thart ar 7,500 vóta i dTamhlacht caillte ag an dáilcheantar ach tá an líon suíochán mar a chéile.

Tá seisear déag (16) iarrthóirí ag seasamh, ina measc an cúigear Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Seán Crowe (SF) ó Shinn Féin; Paul Murphy (PsB) ón ngrúpa Pobal seachas Brabús; Noel Francis Duffy (CG) ón gComhaontas Glas; John Lahart (FF) ó Fhianna Fáil agus Colm Brophy (FG) ó Fhine Gael.

Bhí Seán Crowe (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 20,077 vóta, dóthain vótaí le beirt a thoghadh ach ní raibh ach iarrthóir amháin ar an bpáipéar ballóide ag Sinn Féin. Fuair Paul Murphy (PsB) 3,444 vóta aistrithe ó fharasbarr Sheán Crowe agus thóg sé an dara suíochán.

An uair seo tá beirt iarrthóirí ag Sinn Féin: an comhairleoir Niamh Whelan (SF) a fuair 567 vóta sna toghcháin áitiúla i dTamhlacht. Is deacair dhá shuíochán a fheiceáil sa dáilcheantar do Shinn Féin, go speisialta agus cuid de Thamhlacht bainte as. Ní raibh ach 13% den vóta sa gceantar seo ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla, níos ísle ná Fine Gael ar 18%; Fianna Fáil ar 14%. Bhí 8% ag an Lucht Oibre

Iarrthóir amháin atá san iomaíocht d’Fhianna Fáil, John Lahart (FF) a toghadh in 2020 le 5,503 vóta céadrogha. Ba cheart go gcoinneodh sé a shuíochán.

San iomaíocht d’Fhine Gael tá beirt iarrthóirí: an tAire Stáit Colm Brophy (FG) a chloistear go minic ar na meáin ag cosaint an rialtais agus an Comhairleoir Sarah Barnes (FG), a fuair 1,000 vóta sna toghcháin áitiúla. Is iníon í Sarah leis an iarTheachta Dála de chuid Fhine Gael, Monica Barnes. Iarrthóir láidir í ach suíochán amháin atá anseo d’Fhine Gael.

Tá Paul Murphy (PsB) san iomaíocht do Phobal seachas Brabús. Mura bhfuil dhá shuíochán le fáil ag Sinn Féin, ba cheart go mbeadh vótaí aistrithe go leor le fáil ag Paul Murphy (PsB) ó Shinn Féin. Tá próifíl ard Murphy sna meáin, rud a chabhróidh leis vótaí aistrithe a chruinniú.

Beidh sé sách deacair ag an gComhaontas Glas an suíochán a fuair Francis Noel Duffy (CG) in 2020 a choinneáil. Ní raibh ach 4% ag iarrthóirí ón gComhaontas Glas sna toghcháin áitiúla sa gceantar seo. Anuas air sin, fuair Duffy (CG) drochphoiblíocht le gairid mar gur chuir sé in aghaidh forbairt tithíochta a bhí beartaithe a thógáil gar dá theach féin.

San iomaíocht do Pháirtí an Lucht Oibre tá an Comhairleoir Ciarán Ahern (LO) a fuair 2,023 vóta sna toghcháin áitiúla, i gceantar Ráth Fearnáin. Nuair a sheas sé in 2020 fuair sé 3,603 vóta agus bhí sé san iomaíocht go dtí an 10ú comhaireamh. Fuair Francis Noel Duffy (CG) beagnach leath de vótaí aistrithe Ahern. An babhta seo tá seans maith ann gurb é Ahern (LO) a bheidh ag fáil vótaí aistrithe ó Duffy (CG).

Beidh riar maith vótaí le haistriú ag Ross O’Mullane (DS), iarrthóir na nDaonlathaithe Sóisialta, a ghabhfaidh chun sochair d’Ahern (LO). Tá an Lucht Oibre níos láidre ná na Daonlathaithe Sóisialta sa dáilcheantar seo.

Ní féidir an comhairleoir Alan Edge (Nspl) a chur as an áireamh. Fuair sé 2,578 vóta sna toghcháin áitiúla agus toghadh é ar bharr an chomhairimh. Cuireann sé béim láidir ar cúrsaí timpeallachta agus ar áiseanna poiblí a chur ar fáil don phobal. Dá mbeadh os cionn 4,000 vóta aige, bheadh seans aige ar shuíochán, má fhaigheann sé a dhóthain vótaí aistrithe.

Tá iarrthóir amháin ó ghrúpa ar an eite dheis san iomaíocht: Yan Mac Oireachtaigh (NP) ón National Party [an Páirtí Náisiúnta]. Sheas sé i dtrí thoghcheantar sna toghcháin áitiúla, níor toghadh é i gceachtar acu. Idir na trí áit fuair sé 1,266 vóta san iomlán.

Chomh maith leis an gComhairleoir Alan Edge (Nspl), tá comhairleoir neamhspleách eile san iomaíocht, An Comhairleoir Paddy Houlihan (Nspl), fear conspóideach a toghadh in dhá cheantar i dTamhlacht le 967 vóta in áit amháin agus 1,643 vóta in áit eile. Is iarthrodaí MMA é. Toghadh é ar an gComhairle Contae an céad uair in 2019 agus é ag seasamh mar iarrthóir de chuid Shinn Féin ach caitheadh amach as Sinn Féin é faoi dhó, mar gheall ar ábhar conspóideach a chuir sé suas ar na meáin shóisialta.

Sé mo bharúil go dtógfaidh Fianna Fáil agus Fine Gael suíochán amháin an pháirtí, Seans go mbeidh Seán Crowe (SF) ar bharr an chomhairimh agus go dtógfaidh sé suíochán amháin do Shinn Féin agus beidh cúigear san iomaíocht don dá shuíochán eile: Paul Murphy (PsB); Niamh Whelan (SF); Ciarán Ahern (LO); Alan Edge (Nspl) agus Francis Noel Duffy (CG).

Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; LO 1; SF 1; Nspl 1

Baile Átha Cliath – Ráth an Dúin

Líon na suíochán: 4

Tá ceantracha meánaicmeacha aistrithe ó Dhún Laoghaire isteach sa toghcheantar ó 2020 agus suíochán breise le líonadh dá bharr.

Cúigear déag iarrthóirí (15) atá san iomaíocht, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: an tAire Catherine Martin (CG) ón gComhaontas Glas agus Neale Richmond (FG). Níl Josepha Madigan (FG) a toghadh cúig bliana ó shin san iomaíocht ach tá iarrthóir láidir eile ag Fine Gael ag seasamh ina háit, an Comhairleoir Maeve O’Connell (FG).

Fine Gael an páirtí is láidre sa dáilcheantar meánaicmeach seo. Sna toghcháin áitiúla déanaim amach go raibh 31% den vóta ag iarrthóirí Fhine Gael agus 12% ag iarrthóirí Fhianna Fáil; 10% ag an Lucht Oibre agus 9% ag an gComhaontas Glas. Níl mórán tacaíochta ag Sinn Féin sa Dáilcheantar, 5% sna toghcháin áitiúla.

Bhí Catherine Martin (CG) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 8,958 vóta, agus ba ise an chéad duine a toghadh. Thóg Fine Gael dhá shuíochán le 31.2% den vóta.

Tá an Comhairleoir Shay Brennan (FF) san iomaíocht d’Fhianna Fáil. Fuair sé 4,549 vóta san olltoghchán in 2020 agus chaill sé amach ar suíochán le 400 vóta. Bhíodh suóchán Dála ag a athair roimhe, an t-iar-aire Séamas Brennan. Toghadh é ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire sna toghcháin áitiúla le 1,612 vóta. Ag seasamh in éindí leis tá Elaine Dunne (FF).

San iomaíocht d’Fhine Gael tá an tAire Stáit Neale Richmond (FG) agus an Comhairleoir Maeve O’Connell (FG). Fuair Fine Gael dhá shuíochán le 31.2% den vóta in 2020 i ndáilcheantar 3 shuíochán ag an am. Tá sé beagnach cinnte go dtógfaidh Fine Gael dhá shuíochán aríst. Fuair Maeve O’Connell (FG) 1,907 vóta i Stigh Lorgan sna toghcháin áitiúla.

Ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách tá Alan Shatter (Nspl) a bhí ina aire rialtais le Fine Gael nó gur cuireadh iachall air éirí as. Tá nimh sa bhfeoil aige don pháirtí ó shin. Tá sé san iomaíocht ag iarraidh go gcuirfí deireadh le cáin oidhreachta, éileamh a bheadh an-tarraingteach sa dáilcheantar ina bhfuil sé ag seasamh. Bainfidh sé roinnt vótaí céadrogha ó Fhine Gael ach drochsheans go mbeidh sé san iomaíocht ag an deireadh.

Tá iarrthóir láidir ag seasamh don Lucht Oibre, An Comhairleoir Lettie McCarthy (LO) a fuair 1,869 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Ghleann Cuilinn – Áth an Ghainimh, an ceantar céanna leis an gComhairleoir Michael Fleming. Beidh an bheirt acu san iomaíocht go dtí an deireadh.

Ag seasamh do na Daonlathaithe Sóísialta tá Sinéad Gibney (DS), an t-iarrthóir a bhí ag an bpáirtí sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa nuair a fuair sí beagán le cois 4% den vóta. Beidh vóta maith aici ach caithfidh sí a beith chun tosaigh ar Lettie McCarthy (LO) le seans a bheith aici ar shuíochán.

Iarrthóir neamhspleách eile nach féidir a chur as an áireamh is ea an Comhairleoir Michael Fleming (Nspl) a fuair 3,687 vóta i dtoghcheantar Ghleann Cuilinn -Áth an Ghainimh sa Mheitheamh.

Chomh maith le Michael Fleming (Nspl) agus Alan Shatter (Nspl) tá beirt eile ag seasamh mar iarrthóirí neamhspleácha: an Comhairleoir Kevin Daly (Nspl) a fuair 410 vóta sna toghcháin áitiúla agus Conor Murphy (Nspl).

Iarrthóir amháin ó ghrúpaí ar an eite dheis atá san iomaíocht: Garret McCafferty (NP) ón National Party.

Beidh sé sách deacair ag an Aire Catherine Martin (CG) ón gComhaontas Glas a suíochán a choinneáil. Is cinnte go bhfuil roinnt mhaith vótaí caillte aici ó 2020. Níl sí le cloisteáil ná le feiceáil mórán ar na meáin náisiúnta ó thosaigh an feachtas toghchánaíochta. Beidh sí ag brath ar vótaí aistrithe a fháil ón Lucht Oibre agus ó na Daonlathaithe Sóisialta len í a choinneáil sa rás.

Tá dóthain tacaíochta ag Fine Gael sa Dáilcheantar seo le dhá shuíochán a thógáil. Creidim go mbeidh suíochán ag Shay Brennan (FF) ó Fhianna Fáil. Beidh an ceathrú suíochán idir an tAire Catherine Martin (CG) ón gComhaontas Glas; an Comhairleoir Lettie McCarthy (LO) agus an Comhairleoir neamhspleách Michael Fleming (Nspl) ach tógfaidh Catherine Martin an suíochán ag deireadh an lae má éiríonn léi a bheith chun cinn ar Lettie McCarthy (LO),

Tuar Tuairisc: FF 1; FG 2; CG 1

Fág freagra ar 'Beirt chainteoirí Gaeilge le suíochán a fháil I ndeisceart Bhaile Átha Cliath, tabharfaidh aire na Gaeltachta na cosa léi '