Beirt as gach triúr ar son leasuithe a dhéanamh ar an gcóras oideachais ar mhaithe leis an nGaeilge – pobalbhreith

D’aontaigh 65% de dhaoine idir 15-24 bliain d’aois leis an áiteamh gur chóir leasú a dhéanamh ar an gcóras le cinntiú go mbíonn labhairt na Gaeilge go maith ag gach dalta ar fhágáil na scoile dóibh

Beirt as gach triúr ar son leasuithe a dhéanamh ar an gcóras oideachais ar mhaithe leis an nGaeilge – pobalbhreith

Tá beirt as gach triúr den tuairim gur chóir leasú a dhéanamh ar an gcóras oideachais in Éirinn le cinntiú go mbíonn labhairt na Gaeilge go maith ag gach dalta ar fhágáil na scoile dóibh.

De réir pobalbhreith nua a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge, 64% den phobal a chreideann gur chóir an córas oideachais a leasú ar mhaithe leis an nGaeilge.

 

32% díobh siúd a ceistíodh a d’aontaigh go láidir leis an áiteamh gur chóir an córas a athrú le cinntiú go mbíonn labhairt na Gaeilge go maith ag gach dalta agus iad á fhágáil.

D’aontaigh 65% de dhaoine idir 15-24 bliain d’aois leis an áiteamh sin.

De réir na pobalbhreithe creideann 63% gur cheart polasaí náisiúnta nua a thabhairt isteach do theagasc na Gaeilge a cheanglódh le chéile gach leibhéal den chóras, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

Tá a leithéid de pholasaí ar cheann de na móréilimh atá ag Conradh na Gaeilge.

Dhiúltaigh an tAire Oideachais Joe McHugh mí Eanáir don phlean sin.

Dúirt sé sa Dáil gur leor a bhfuil faoi chúrsaí oideachais sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais agus nach gá plean náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge dá réir.

Fág freagra ar 'Beirt as gach triúr ar son leasuithe a dhéanamh ar an gcóras oideachais ar mhaithe leis an nGaeilge – pobalbhreith'

  • Tash

    “Dúirt sé sa Dáil gur leor a bhfuil faoi chúrsaí oideachais sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais agus nach gá plean náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge dá réir”

    Dáiríre?
    An bhfuil sé dall agus bodhar, nú an bhfuil sé ag magadh fúainn?