Diúltaithe ag McHugh do phlean náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge agus do dheontas ábhar oidí

Cé go bhfuil dhá mhóréileamh de chuid Chonradh na Gaeilge curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais tá an eagraíocht dóchasach go dtiocfaidh athrú intinne air ach deis a bheith acu an scéal a phlé leis

Diúltaithe ag McHugh do phlean náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge agus do dheontas ábhar oidí

Tá an dá mhór-éileamh atá ag Conradh na Gaeilge i dtaobh cúrsaí oideachais curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais Joe McHugh.

Nuair a tugadh ardú céime do Joe McHugh an fómhar seo caite, dúirt Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí teanga agus oideachais gur údar mór dóchais a bhí ann go mbeadh iar-aire stáit Gaeltachta ina aire oideachais feasta.

Ach tá diúltaithe ag an Aire McHugh do dhá éileamh i dtaobh an oideachais Ghaeilge le seachtain anuas – go gceapfaí plean náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge agus go dtabharfaí ar ais an deontas a d’íoctaí le hábhar oidí dá dtréimhse sa Ghaeltacht.

Agus ceist Dála a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh á freagairt ag an Aire, thug sé le fios gur leor a bhfuil faoi chúrsaí oideachais sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais agus nach gá plean náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge dá réir.

“Sa phlean cuimsitheach seo [An Plean Gníomhaíochta] tá bearta comhaontaithe faoi cheangal ama chun polasaí an Stáit i leith theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais a chur chun tosaigh ar gach leibhéal ón mbunscolaíocht go dtí an tríú leibhéal,” a dúirt Joe McHugh.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh gur cosúil, de réir tuairiscí, go raibh ag éirí go maith leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, 2017-22 agus “gur léir dá réir” go bhfuil gá le polasaí náisiúnta “maidir le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ag gach leibhéal, ó na naíscoileanna go dtí na coláistí tríú leibhéal”. 

Maidir le ceist an deontais Ghaeltachta a d’íoctaí leis na hábhair oidí, dúirt Joe McHugh, agus ceist Dála ó Catherine Martin ón gComhaontas Glas á freagairt aige, nach raibh aon soláthar i mbuiséad a Roinne faoi láthair don deontas sin ná aon chuid de.

Fágann sin gurb é McHugh an tríú aire Oideachais ó cuireadh deireadh leis an deontas in 2011 de bharr na géarchéime eacnamaíochta a dúirt nach acmhainn don Rialtas go fóill na híocaíochtaí a thabhairt ar ais.

€1.8 milliún a chosnódh sé in aghaidh na bliana an deontas d’ábhar oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais don 1,200 mac léinn a bheadh i gceist.

Cé gur chuir an tAire an dá éileamh as an áireamh, tá dóchas ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go dtiocfaidh athrú intinne ar McHugh ach deis a bheith ag an eagraíocht an scéal a phlé leis.

Ní raibh cruinniú ag Conradh na Gaeilge le Joe McHugh ó ceapadh é ina aire oideachais i mí Dheireadh Fómhair seo caite, ach tá súil acu a leithéid a bheith acu go luath.

“Ní raibh deis againn labhairt leis an Aire Oideachais agus Scileanna fós agus ní chuireann sé aon iontas orainn, mar sin, go mbeadh an scéal céanna ag teacht ón Roinn mar a bhí le tamall de bhlianta. “Faoi láthair táimid ag forbairt an mholadh do pholasaí oideachais do mhúineadh na Gaeilge trí chéile agus beimid ag lorg tacaíocht ó ghrúpaí Gaeilge agus ó ghrúpaí oideachais sara i bhfad.

“Tá cruinniú á lorg againn leis an Aire Oideachais agus Scileanna chomh maith. Ní haon áibhéil é  a rá go bhféadfadh a leithéid de pholasaí a bheith mar réiteach ar an-chuid de na fadhbanna leanúnacha atá ag teacht chun cinn maidir le múineadh na Gaeilge agus tá deis faoi leith ag an Aire a bheith mar cheannródaí ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de inár scoileanna,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag McHugh do phlean náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge agus do dheontas ábhar oidí'

  • Con

    Níl cumhacht ar bith ag an Aire faraor…oigifigh shinsireacha sa Roinn Oid. agus Airí na ranna móra a dhéanann na cinntí sin

  • Seán de Brún

    Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht – íocann an Stát na taillí teagaisc ar son na mac léinn don chéim B.Oid. Is modúil iad na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht ar an gclár B.Oid. atá ar chomhsheasamh le haon mhodúl eile sa chlár agus tá ar mhic léinn B.Oid. íoc as na taillí teagaisc do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. An bhfuil a leithéid cothrom?

  • Pól Ó Braoin

    Tá sé sách éasca le tuiscint gur tháinig deireadh le Roinn na Gaeltachta agus leis an Aire sinsearach a ghabhadh léi fadó. Caitear an seanchloch linn faoin Stráitéis 20 Bliain má osclaíonn muid ár mbéal faoi chearta teangan…. agus a fhios go maith ag madaí na sráide cá bhfuil an stráitéis chéanna ag imeacht… Má tá sé i gceist an teanga a choinneáil beo, caithfidh muid a dhéanamh muid féin beag beann ar ár gcóras rialtais. Fágaimís an rogha ag na gasúir an teanga a choinneáil suas nó a chaitheamh ar leataobh faoin rud a labhairt leo sa teach… Má dhéanann chuile mháthair agus chuile athair a bhfuil an Ghaeilge acu sin ón lá seo amach, tiocfaidh na deontaisí agus an t-aitheantas cuí de réir a chéile, cheapfainn…