Beirt as Conamara ag dul chun páirce d’fhoireann shinsir na Gaillimhe den chéad uair tráthnóna

Tá Seán Andy Ó Ceallaigh as Leitir Móir agus Rónán Ó Beoláin as Mícheál Breathnach ainmnithe ar an bhfoireann a thabharfaidh aghaidh ar Shligeach sa chomórtas FBD anocht

Beirt as Conamara ag dul chun páirce d’fhoireann shinsir na Gaillimhe den chéad uair tráthnóna

Rachaidh beirt d’imreoirí peile óga Chonamara chun páirce d’fhoireann shinsir na Gaillimhe don chéad uair tráthnóna agus Seán Andy Ó Ceallaigh as Leitir Móir agus Rónán Ó Beoláin as Mícheál Breathnach ainmnithe ar an bhfoireann a thabharfaidh aghaidh ar Shligeach sa chomórtas FBD.

Tá Seán Andy Ó Ceallaigh i measc na gcosantóirí óga is mó a bhfuil gealladh fúthu sa tír, agus murach gur thug sé an samhradh seo caite i Stáit Aontaithe Mheiriceá, meastar go mbeadh a sheans faighte cheana aige le foireann na sinsear.

Cé gur chaill peileadóirí Faoi-21 na Gaillimhe cluiche ceannais na hÉireann i mí Bealtaine seo caite, ba bheag locht a bhí ar a lánchúlaí as Leitir Móir. 

Con O’Callaghan, réalta óg Bhaile Átha Cliath, a bhí á mharcáil ag Ó Ceallaigh sa chluiche ceannais sin agus cé gur aimsigh O’Callaghan cúl sa dara leath, fuair fear na Gaillimhe an ceann is fearr ar a chéile comhraic.

Thuill taispeántas Uí Cheallaigh sa chluiche ardmholadh ó leithéidí Thomáis Uí Shé agus bronnadh gradam Peileadóir na Seachtaine GAA.ie air.

Agus é faoi agallamh i ndiaidh an chluiche, dúirt bainisteoir na Gaillimhe, Gerry Fahy, go raibh taispeántas Uí Cheallaigh, “chomh maith le taispeántas ar bith eile” dá bhfaca sé riamh ó imreoir CLG. 

Tá fadhbanna ag foireann shinsir na Gaillimhe le roinnt blianta anuas le hionad an lánchúlaí agus is cinnte go mbeidh súil ghéar á coinneáil ag an lucht bainistíochta ar fhear Naomh Anna Leitir Móir.

Fear óg Gaeltachta eile a bhfuil gealladh faoi is ea Rónán Ó Beoláin, cúl báire Mhícheál Breathnach a bhí ar dhuine de scata imreoirí ó Chonamara agus Oileáin Árann ar fhoireann Faoi-21 na Gaillimhe a shroich cluiche ceannais na hÉireann.

Rachaidh an cúl báire óg as Cois Fharraige chun páirce den cheád uair d’fhoireann shinsir an chontae chomh maith agus tús á chur ag Gaillimh le feachtas na bliana 2018 i dTuar Liostráin ag 7pm tráthnóna.

Tá beirt ó Mhaigh Cuilinn a d’imir ar fhoireann Faoi-21 na Gaillimhe anuraidh, Peter Cooke agus Séan Kelly, ainmnithe freisin ar an bhfoireann don chluiche FBD in aghaidh Shligigh.

Fág freagra ar 'Beirt as Conamara ag dul chun páirce d’fhoireann shinsir na Gaillimhe den chéad uair tráthnóna'

  • Páid Ó Donnchú

    Seán Óg de Paor?
    Seán Ó Domhnaill?
    Kevin Walsh?

  • John

    An chéad uair ag an mbeirt (i.e Seán Andy & Rónán) a bheith ag dul chun páirce ar fhoireann shinsireach na Gaillimhe, atá i gceist, glacaim leis.