Mí Dheireadh Fómhair – an mhí dheiridh d’fheachtas an toghcháin uachtaránachta sna Stáit Aontaithe. An mhí freisin ina dtarlaíonn eachtra nó ina bhfoilsítear scéal a chuireann cor cinniúnach sa bhfeachtas ar son nó in aghaidh iarrthóra ar leith.
Is i 1980 a tosaíodh ag caint ar an rud a dtugann siad ‘The October Surprise’ air i bpolaitíocht na Stát Aontaithe. An mhí sin 1980 a thit an socrú a ceapadh a bheith déanta faoi ghialla Meiriceánacha san Iaráin as a chéile.
Bhí imní ar lucht feachtais Ronald Reagan go ndéanfadh saoradh na ngiall dochar dá fheachtas agus thug bainisteoir an fheachtais William Casey le fios go raibh siad den tuairim go raibh iarrachtaí ar bun le fógra a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair a chuirfeadh “iontas” ar dhaoine agus a chuirfeadh le tacaíocht Jimmy Carter a bhí sa tóir ar an dara téarma.
Ar deireadh d’fhógair an Iaráin agus an tUachtarán Jimmy Carter i mí Deireadh Fómhair nach mbeadh aon duine dá ligean amach go mbeadh an toghchán thart. I mí Eanáir 1981 a scaoileadh amach na gialla agus cuireadh i leith fheachtas Reagan go ndearna siadsan idirbheartaíocht leis an Iaráin lena chinntiú nach saorfaí aon duine ar fhaitíos go mbeadh tionchar ag an scéal ar an bhfeachtas toghcháin.
Tá iliomad scéalta ann ó lár 19ú haois faoi eachtraí, líomhaintí agus aighnis a tharla i mí Deireadh Fómhair agus a bhí cinniúnach i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Tá baint ag dáta na dtoghchán i dtús mhí na Samhna leis sin ar ndóigh.
Thosaigh na scéalta ag éirí níos forleithne ó lár an 20ú haois ar aghaidh agus le teacht na teilifíse. I 1968 d’fhógair an tUachtarán Lyndon Johnson, nach raibh san iomaíocht arís é féin, go mbeadh deireadh leis an mbuamáil i gcogadh Vítneam. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, tar éis cainteanna síochána fadálacha, a d’fhógair Henry Kissinger, ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, go raibh an Teach Bán den tuairim go raibh socrú déanta ar deireadh.
Ag filleadh ar an Meánoirthear, is i mí Deireadh Fómhair 1992 a fógraíodh go raibh Casper Weinberger le cúiseamh as bréaga a insint le linn scannal Iran-Contra (nuair a ceadaíodh airm a dhíol leis an Iaráin agus toirmeasc air sin). Mhaígh na Poblachtánaigh go ndearnadh an fógra le dochar a dhéanamh d’fheachtas George H W Bush an dara téarma sa Teach Bán a bhaint amach agus is amhlaidh gur chaill sé.
Tá liosta le háireamh d’eachtraí éagsúla sna blianta dár lean a bhain le cúrsaí sa Mheánoirthear agus iarrachtaí na Stát Aontaithe Saddam Hussein a chur dá chosa. Nach tráthúil go bhfuil eachtraí sa Mheánoirthear ag dul chun donachta arís i mbliana agus an baol ann go mbeadh tionchar ag an gcás ar vóta Kamala Harris in áiteanna ina bhfuil pobal mór Ioslamach cosúil le Michigan.
Tá go leor nach bhfuil amhras dá laghad orthu ach gurbh é fógra James Comey in 2016 faoi ríomhphoist Hillary Clinton an iarraidh a mharaigh an mhuc dá feachtas sin. Ar an 28ú lá de Dheireadh Fómhair, aon lá dhéag roimh lá an toghcháin a rinne Comey an fógra. Tá rabhadh tugtha ag Clinton cheana féin do Kamala Harris a bheith ar an airdeall faoi scéalta a thagann chun cinn as seo go ceann míosa.
Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an Rúis agus an tSín ag iarraidh ladar a chur sa toghchán, a deir Clinton, is deacair a thuar céard a d’fhéadfaí a thabhairt chun solais. Tá an rabhadh céanna ag dul d’fheachtas Trump ar ndóigh – is i mí Deireadh Fómhair 2016 a foilsíodh na taifid dósan is é ag maíomh faoi ionsaithe mígheanasacha ar mhná.
Tá beagnach ceithre seachtaine mar sin againn a bheith ag tnúth le hiontas mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo.
Fág freagra ar 'Beidh trácht ar ‘iontas Dheireadh Fómhair’ nó go mbeidh an mhí caite'