‘Beidh ospidéal nua den scoth againn do pháistí atá an-tinn’

Labhair ár gcolúnaí le Cathaoirleach ar Bhord an Ghrúpa Ospidéal do Pháistí faoi scéal casta an ospidéil nua do pháistí

‘Beidh ospidéal nua den scoth againn do pháistí atá an-tinn’

Níl aon dabht ar Jim Browne ach go mbeidh an t-ospidéal nua do pháistí ar cheann de na hionaid sláinte is fearr, is nua-aimseartha agus is áille sa tír nuair a chuirfear bailchríoch air an chéad bhliain eile.

“Tá sé iontach ar fad,” a deir sé. “Ospidéal den scoth a bheas ann. Agus cuimhnigh go ndéanfaidh sé freastal ar an gceathrú chuid de dhaonra na tíre.”

Tá sé thar a bheith bródúil as an méid a baineadh amach ó ceapadh é an chéad lá in 2014 ina Chathaoirleach ar Bhord an Ghrúpa Ospidéal do Pháistí – an CHG – agus é mar aidhm ag an mBord sin plean a “scópáil” amach d’ospidéal nua do pháistí.

An obair ba mhó agus ba thábhachtaí a bhí le déanamh acu i dtosach ná oibriú le Boird na nOspidéal i gCromghlinn, i Sráid an Teampaill agus i dTamhlacht a bhí, agus atá, ag cur seirbhísí ar fáil. Bhí gá aontú a fháil uathu go gcuirfidís cúram sláinte na bpáistí faoin mBord nua.

Bhí rath ar an obair sin nuair a ritheadh an reachtaíocht a thug an CHI, Children’s Health Ireland, ar an saol i ndeireadh 2018. Tá Jim Browne, iarUachtarán na hOllscoile i nGaillimh ina Chathaoirleach ar Bhord CHI. Is é an ról atá acusan ná an obair ar fad a thabhairt le chéile, seirbhís nua sláinte do pháistí a chur ar fáil – san ospidéal nua as an bpíosa atá beagnach críochnaithe i lár na cathrach agus sna hionaid sheachtracha i dTamhlacht agus in Ospidéal Uí Chonghaile.

Oibríonn siad go dlúth leis an mBord atá i gceannas ar dhearadh agus ar thógáil an fhoirgnimh féin – an Bord Forbartha Náisiúnta Ospidéil Phéidiatraigh (NPHDB).

Níl a fhios cé mhéad dris chosáin a tháinig sa mbealach ar an obair ó cuireadh tús léi na blianta ó shin – easaontú faoin suíomh i lár na cathrach, ardú costais, ganntan oibrithe tógála agus, le dhá bhliain anuas, buille mór na paindéime. Ach tá siad ar ais ar a gcosa agus an obair ag dul ar aghaidh. Cuirfear an díon ar an bhfoirgneamh nua mí Meán Fómhair, meastar.

Ní féidir a shéanadh gurb í ceist an chostais an cheist is mó atá ag dó na geirbe ag daoine a dhéanann clamhsán faoin togra seo. Chuaigh Browne i ngleic leis an gceist an chéad lá.

Bhí an figiúr €650 milliún luaite leis an togra an lá a ndeachaigh sé chun cainte leis an Aire Sláinte ag an am, James Reilly.

Is féidir ospidéal a fháil ar €650 milliún, nó is féidir leat ospidéal den scoth ar chaighdeán domhanda a fháil, ach ní féidir an dá thrá a fhreastal, a dúirt Browne leis.

“Neosfaidh an aimsir cén costas deireanach a bheas air,” a dúirt sé an lá cheana. “Ach bhíomar i gcónaí ag iarraidh luach ar airgead a fháil, agus is infheistíocht aon-uaire í seo a ghabhfas i ngleic le riachtanais na bpáistí atá an-tinn.”

Sin rud nár thuig mé féin go baileach, nuair a bhí an díospóireacht ar siúl faoi shuíomh an ospidéil. Bhí daoine ag casaoid faoi cé chomh deacair agus a bheadh sé ar thuismitheoirí agus iad ag tiomáint le páistí chuig an ospidéal agus ag dul i ngleic le tranglam tráchta lár na cathrach.

Mhínigh Jim Browne dom gur ospidéal leibhéal 4 “géarchúraim” a bheas san ospidéal nua do pháistí i lár na cathrach, suite in aice le hOspidéal Naomh Séamus. Ar an drochuair, beidh na hothair a bheas ansin an-tinn. Tá na hionaid sheachtracha agus éigeandála ag feidhmiú cheana féin sna hospidéil i dTamhlacht agus in Ospidéal Uí Chonghaile, agus beidh seirbhís éigeandála do dhaoine áitiúla i lár na cathrach san ospidéal nua.

Mar sin, ní bheidh na sluaite tuismitheoirí ag tiomáint isteach chuig an ospidéal nua 24 uair an chloig gach lá. Den chuid is mó is ag tabhairt cuairt ar othair a bheas siad agus beifear ag iarraidh ar na cuairteoirí an traein agus an Luas a úsáid chomh mór agus is féidir.

Ag an am céanna, as an míle spás páirceála a bheas thíos faoin ospidéal, tá 675 curtha de leataobh do na teaghlaigh. Agus i gcás éigeandála nuair a chaithfear othar a thabhairt go tapa chuig an áit, tá spás leaindeála do héileacaptar ann.

An Dr Jim Browne, iarUachtarán OÉ Gaillimh; agus Cathaoirleach ar Bhord an Ghrúpa Ospidéal do Pháistí

Déanann Jim Browne cur síos bríomhar ar na háiseanna nua-aimseartha, an 14 gairdín, an 53 aonad teaghlaigh, na hallaí léachtaí, an 22 obrádlann, an tIonad Taighde agus Nuálaíochta do Pháistí, an 380 seomra singil ensuite, ionaid foghlama d’othair fhadtréimhseacha, ach ní dhéanann sé dearmad ar na hospidéil atá ag feidhmiú faoi láthair.

“Séard a bhí i Sráid an Teampaill ná dhá theach mhóra a nascadh le chéile am éigin san 19ú haois. Tá foirne den scoth ag obair sna hospidéil sa gcathair ach tá coinníollacha uafásacha amach is amach acu,” a deir sé.

“Ní daoine fásta ‘beaga’ iad na páistí,” a deir sé. “Tá dearadh ar leith ag teastáil d’ospidéal do pháistí – tá gá le spás agus tá riachtanais ag páistí nach mbíonn ag an duine fásta.”

Tá sé bródúil as an nuálachas a bhaineann leis an togra. “Is é seo an chéad ospidéal poiblí digiteach. Tá an CHI ag obair faoi láthair ar HER (Taifead Leictreonach Sláinte) a fháil don ospidéal agus cinnteoidh sé sin go mbeifear in ann gach sonra faoin othar a bhailiú agus a choinneáil go digiteach agus cuirfidh sé sin go mór le cúram agus sábháilteacht na n-othar.”

An gcuidíonn sé gur innealtóir é Jim Browne agus é i mbun na hoibre seo? Bhí sé ina innealtóir agus ina Ollamh le hInnealtóireacht san ollscoil i nGaillimh sular ceapadh ina Uachtarán ar an gColáiste é.

Deir sé gur “traenáil iontach atá san innealtóireacht do dhaoine a bheas ag réiteach fadhbanna coimpléascacha”.

“Is pribhléid domsa é a bheith in ann a chinntiú go dtabharfar an cúram sláinte is fearr ar fad do pháistí san am atá ag teacht. Tá mise agus an Bord cinnte gur cuireadh muinín ionainn ach cuimhnímid ar an oidhreacht iontach atá fágtha ina ndiaidh acu ag ospidéil Chromghlinne, Thamhlachta agus Shráid an Teampaill.”

Thagair sé freisin don taighde agus don traenáil leighis a bheas ar siúl san ospidéal nua. Go hiondúil in Éirinn bíonn ospidéal ceangailte le hollscoil ar leith. Ach sa gcás seo beidh baint ag gach ollscoil sa tír leis – beidh an fhoireann ar fad in ann traenáil agus taighde a dhéanamh ar an láthair.

Tráthúil go leor agus Comhaontú Aoine an Chéasta sa nuacht le deireanas, rinneadh socrú leis an bhFeidhmeannas i dTuaisceart Éireann go mbeadh fáil ar “chúraim áirithe” sláinte san ospidéal nua do pháistí ó gach áit sa tír, thuaidh agus theas.

Fág freagra ar '‘Beidh ospidéal nua den scoth againn do pháistí atá an-tinn’'

  • Antoine Ó Coileáin

    Fáiltím roimh an soiléiriú agus an t-eolas breise faoin ospidéal nua do leanaí. Bhí an iomarca tuairimí gan bhunús á gcraobhscaoileadh faoinábhar seo.