Beidh lá eile ag an bPaorach agus ag lucht na dtithe saoire ar chósta Chonamara

Dúisíonn an chaint faoi thithe saoire na laethanta seo ceisteanna faoin maith agus an t-olc, más fíor, a bhaineann leo

Beidh lá eile ag an bPaorach agus ag lucht na dtithe saoire ar chósta Chonamara

Bheadh plód daoine ar na tránna ar chósta thiar thuaidh Chonamara na laethanta seo murach an ceo aicídeach atá tagtha sa mullach ar an saol. Bheadh na céadta sna tithe saoire sa gceantar agus iad ligthe amach le haghaidh na Cásca i gConamara. Bheadh ceantar Chloch na Rón agus Bhaile Conaola ag cur thar maoil.

Bheadh sé ar an gcaoi chéanna i gcuid mhór áiteacha eile ar chósta an Atlantaigh. Bhaineadh na húinéirí sult agus solamar as na tithe saoire atá ceannaithe go daor acu.

Ach i mbliana, tá Rialtas na hÉireann agus an Garda Síochána ag cur fainic ar dhaoine gan a dhul siar le cósta. 

Sampla maith é an ceantar a shíneann as Cloch na Rón siar go Baile Conaola agus i dtreo bhaile mór an Chlocháin i gConamara do réigiún tithe saoire. I bpobal Bhaile Conaola féin, tá go maith os cionn leath de thithe an cheantair ag daoine a thagann anois agus aríst – lucht tithe saoire. Mórán mar a chéile atá an scéal i gCloch na Rón.

Cé gur iomaí sin tuairim ann faoi thithe saoire agus an lorg a fhágann siad ar cheantar tuaithe, ba í an imní agus an scéin a thug ar dhaoine as an áit labhairt amach le gairid. 

Bhí scéin iontu ar fhaitíos go dtiocfadh blas ar bith den choróinvíreas ina ngaireacht. 

Ach dúisíonn an chaint seo ceist na dtithe saoire agus an mhaith agus an t-olc, más fíor, a bhaineann leo.

Tóg ceantar Bhaile Conaola agus Chloch na Rón mar shampla. Tá an stair a bhaineann le tithe saoire sa gceantar sin ag dul siar na blianta suimiúil ina bhealach féin. Ag Sasanaigh ba mhó a bhí tithe saoire in iarthuaisceart Chonamara nó gur tharla na trioblóidí ó thuaidh i ndeireadh na 1960idí. 

D’imigh na Sasanaigh de réir a chéile cé is moite den bheagán acu. Ba iad na Gearmánaigh ba mhó a cheannaigh uathu cé go mbeadh riar daoine as tíortha eile san Eoraip agus as Meiriceá thart freisin. 

Le himeacht aimsire, thosaigh na Gearmánaigh ag bogadh leo agus ag díol amach aríst. Cheannaigh go leor acusan na tithe saoire ar phraghas sách íseal nó réasúnach. 

D’ardaigh an praghas agus bhí buachtáil mhaith, nó fiú buachtáil mhór, acu ar an díolachán.

Cé nach raibh cuimse tithe saoire ann aimsir na Sasanach ná fiú in aimsir na nGearmánach, tháinig borradh faoin éileamh a bhí ar thithe sa taobh sin tíre as Cloch na Rón go Baile Conaola agus as sin siar go dtí an Clochán. An phríomhchúis a bhí leis sin ná forbairt an chúrsa nua gailf i mBaile Conaola i dtús na 1970idí.

Bhí stuaim ghnó agus fiontraíochta ag baint leis an dream a chuaigh ina chionn sin. Duine acu é sin é Paul Hughes atá ina cheann feadhna i gcónaí ar an óstán cáiliúil ar a dtugtar an Abbeyglen Castle Hotel sa gClochán. Ba ghearr go raibh an scéal á scaipeadh faoin gcúrsa nua seo ar imeall an Atlantaigh agus bhí aghaidh na ndaoine air. 

Ní hé amháin go raibh lucht gailf ag triall ar an gclub ach bhí saol agus comhluadar dá mhúnla ag tarraingt aicmí éagsúla cumhachta chun na háite. Baisteadh ‘Parlaimint Bhaile Conaola’ ar an ngalfchúrsa céanna. Bhíodh lucht Fhianna Fáil, go háirithe, go tréan ann. 

Tá áit gar do láthair i gcónaí ag an iarThaoiseach, Brian Cowan agus ba mhinic leis cuairt a thabhairt ansin. Bhí muintir Lionnacháin, Brian sinsir, Brian óg, Conor, Mary O’Rourke, Michael O’Kennedy, Séamas Breanan agus go leor d’airí rialtais Fhianna Fáil ann sa samhradh agus Mark Killilea ag cur siamsaíochta agus diabhlaíochta ar fáil.

De réir a chéile thosaigh dream deisiúil Bhaile Átha Cliath ag ceannach tithe saoire sa taobh sin tíre. Cheannaigh siad ó na Gearmánaigh a bhí ag fiach ar mhalairt bráite soir i dtreo na Polainne nó na Spáinne agus brabach deas ina bpóca acu de bharr Chonamara. 

B’amhlaidh an scéal i gCloch na Rón agus daoine ar nós Ruairí Quinn agus Mary Banotti ina measc siúd a raibh bunáit acu ansin. Chomh maith leo siúd thosaigh lucht dlí as Baile Átha Cliath ag ceannacht tithe sa gceantar chomh maith le lucht leighis agus daoine acmhainneacha eile. 

As Baile Átha Cliath agus oirthear na tíre go leor acu. Tá samplaí feicthe le gairid de thithe a raibh an saol agus an aimsir feicthe acu dá gceannacht ar bhreis agus leathmhilliún euro – agus tuilleadh. Mar bharr air sin uilig caitear airgead mór scaití ag athchóiriú na dtithe seo.

Ar ndóigh tá dhá bhunchúis leis na tithe saoire: bhí an imirce an-tréan siar le cósta thiar Chonamara agus tréigeadh go leor tithe. Ní raibh mórán rogha ann sa deireadh ach iad a dhíol. Díoladh cuid acu ar airgead beag go maith. Bhí margadh ann freisin lena n-aghaidh. 

Le himeacht aimsire, thuig daoine go raibh airgead láidir le déanamh as díol tithe, seantithe scaití. Cuireadh ar an margadh iad sin freisin. 

Cén buntáiste an gnó seo do mhuintir na háite?

Tá ar bhealaí. 

Déantar cuid mhaith oibre ar na tithe agus cuireann siad go mór leis an saothrú atá ag tógálaithe. Bíonn saothrú éigin ag daoine a thugann aire do na tithe. Itheann agus ólann na húinéirí agus a gcomhluadar sa gceantar, caitheann siad roinnt airgid.

Ar an taobh eile den scéal, abraítear nach féidir le daoine óga teach a bheadh ar an margadh san gceantar a cheannacht mar nach bhfuil siad in acmhainn a dhul i gcoimhlint le lucht an airgid. Tá sin amhlaidh ach is iondúil gurbh fhearr le daoine óga teach a thógáil as an nua. Ní thagann lucht tithe saoire sa mbealach orthu ansin mar nach bhfuil aon deis ag daoine cead pleanála a fháil sa taobh sin tír (a bhfuil na cáilíochtaí is airde aige ó thaobh an tírdhreach de) murar féidir a chruthú go bhfuil gá leis an teach. 

Cuireann sin cead pleanála do theach saoire as an gcomhaireamh cé go dtugtar cead pleanála le haghaidh méadú tí, fiú is gur teach saoire é. 

Cuirtear i leith lucht na dtithe saoire scaití go bhfuil siad ag athrú nádúr an cheantair. 

Níl dabht ar bith faoi ach go n-athraíonn nádúr an cheantair nuair a thagann daoine nua isteach ach cé eile a bheadh ann anois mura mbeadh siadsan ann? Níl an obair ná an saothrú ná an t-infreastruchtúr ann leis an dream óg – pobal atá ag laghdú ina aghaidh na bliana – a choinneáil sa gceantar. 

Ar ndóigh b’fhearr an rud é dá bhféadfadh pobal na háite fanacht sa mbaile ach ní mar sin atá an saol.

San am céanna is tráth ar leith iad na laethanta seo agus tá ciall agus réasún leis an éileamh atá déanta ar lucht tithe saoire fanacht san áit a bhfuil bunáit bhuan acu faoi láthair.  

Beidh lá eile ag an bPaorach agus ag lucht na dtithe saoire ar chósta an Atlantaigh.

Fág freagra ar 'Beidh lá eile ag an bPaorach agus ag lucht na dtithe saoire ar chósta Chonamara'