Beidh farasbarr 12 pointe ar a laghad ag Éirinn

Beidh an ceathrú bua sa gcomórtas ag Éirinn ach bímis ag súil nach n-íocfaidh muid ródhaor as ó thaobh na ngortuithe de

Beidh farasbarr 12 pointe ar a laghad ag Éirinn

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh Éire ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais de Chorn Rugbaí an Domhain in ainneoin na mbuanna sna trí chluiche go dtí seo agus gan fágtha anois le himirt i ngrúpa B ach cluiche an lae inniu i gcoinne na hAlban.

An Afraic Theas, curaidh an chomórtais, atá ar bharr thábla Ghrúpa B faoi láthair le 15 pointe ach tá ceithre chluiche imeartha acusan agus ní féidir leo cur le líon a gcuid pointí.

Ní hionann an scéal i gcás na hÉireann agus na hAlban, foirne a bheas ag tabhairt faoina chéile sa Stade de France anocht.

Má bhíonn an lá le foireann Andy Farrell nó má bhíonn siad ar comhscór leis an bhfreasúra, nó fiú má chailleann siad ach má éiríonn leo dhá pointe bónais a fháil, is iadsan a bheas ag dul chun cinn go dtí cluiche ceathrú ceannais an tSathairn seo chugainn i gcoinne na nAll Blacks.

Ach má thugann Albain an cluiche seo leo agus pointe bónais acu agus muide gan aon phointí, beidh siad féin agus na Springboks ar 15 pointe an taobh agus beidh muide ar an mbealach abhaile, in ainneoin an tsárchluiche úd i gcoinne na gcuradh seachtain ó shin.

Níl fúm croitheadh a bhaint as lucht leanúna dílis na hÉireann, ach sin iad na fíricí.

An é sin a tharlóidh?

Bhuel, sin ceist eile ar fad agus caithfidh muid fanacht go deireadh na hoíche anocht go nochtfar an fhíric thábhachtach sin.

Tá mise ar aon tuairim leis na geallghlacadóirí faoin gcluiche seo. Tá siadsan ag tuar go mbeidh bearna 12 pointe ann i bhfabhar na hÉireann. Creidimse go mbeidh an méid sin ar a laghad le spáráil againn. Ní hamháin sin, ach tá na geallghlacadóirí céanna ag tuar go bhfuil trí chomhrogha coitiantachta ann faoi láthair chun greim a fháil ar Chorn Webb Ellis, iad ar fad ar 3/1 – sin iad Éire, an Fhrainc agus an Afraic Theas. Tá siad ag cur na nAll Blacks sa gceathrú háit ar 7/2.

Tá 100/1 le fáil ar go bhfaighidh Albain greim ar Chorn Webb Ellis den chéad uair ariamh. Is ionann sin agus a rá nach bhfuil seans na ngrást ag ár ngaolta Gaelacha!

Cé nach raibh fáil ar Robbie Henshaw agus imní ann maidir le James Ryan atá ar an mbinse, is léir ón bhfoireann fíorláidir atá lán d’imreoirí chéad rogha a d’fhógair Andy Farrell don chluiche seo nach bhfuil sé ag tabhairt aon aird ar na geallghlacadóirí ná ar lucht leanúna na hÉireann ach oiread.

Níl sé ag glacadh seans dá laghad, é ag cinntiú nach mbeidh leithscéal ar bith ann maidir le bheith ag coinneáil imreoirí úra don chluiche ceathrú ceannais. B’uafásach an tubaiste dá dtarlódh sin agus gurb é an bóthar uaigneach abhaile a bheadh romhainn. Tá seantaithí ag Farrell, agus é róchríonna, le go dtarlódh sé sin.

Ní dóigh go mbeidh Farrell ag tabhairt mórán airde ar bhearna an scóir ach oiread. Bua amháin atá ar a aire aige, ceann le cheithre úd b’fhéidir. Chomh luath agus a bheas sé cinnte go bhfuil sé sin sa mála aige seans go dtabharfaidh sé imreoirí i dtír agus gur ag an am sin a bheas sé ag díriú ar an gcluiche ceathrú ceannais.

Fós féin, caithfidh muid a bheith an-chúramach maidir le hAlbain. Seo an seans deiridh dóibhsean, níl aon sólás le fáil acu ón lámh in uachtar a fháil ar Thonga ná ar an Rómáin.

Mar sin féin, níl aon leisce orm an ceathrú bua sa gcomórtas a thuar d’ Éirinn ach tá súil agam nach n-íocfadh muid ródhaor as ó thaobh na ngortuithe de.

Beidh chuile dhuine dár gcuid imreoirí ag teastáil uainn arís faoi cheann seachtaine.

Fág freagra ar 'Beidh farasbarr 12 pointe ar a laghad ag Éirinn'