Bean as an gCeathrú Rua ceaptha mar chéad Oifigeach Gaeilge OÉ Gaillimh

Caroline Ní Fhlatharta, cainteoir dúchais as Gaeltacht Chonamara, atá ceaptha mar Oifigeach Gaeilge ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Bean as an gCeathrú Rua ceaptha mar chéad Oifigeach Gaeilge OÉ Gaillimh

Tá Oifigeach Gaeilge ceaptha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh den chéad uair.

Caroline Ní Fhlatharta, cainteoir dúchais as Gaeltacht Chonamara, atá ceaptha sa phost nua. Tá breis is 16 bliain caite ag Caroline Ní Fhlatharta, arb as an gCeathrú Rua di, in OÉ Gaillimh, seal in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge san áireamh.

Dúirt an tOifigeach Gaeilge nuacheaptha gur “mór an onóir” di an deis a fháil “ról ceannródaíoch” a bheith aici mar chéad Oifigeach Gaeilge na hollscoile.

“Táim ag súil go mór le mo dhícheall a dhéanamh chun stádas agus próifíl na Gaeilge a fheabhsú agus feasacht agus inniúlacht teanga a fhorbairt agus a spreagadh ar fud phobal uile OÉ Gaillimh,” arsa Caroline Ní Fhlatharta.

Dúirt Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh go ndaingníonn an ceapachán “an teachtaireacht gur campas eiseamláireach dátheangach atá á chothú agus á fhorbairt” in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 

“Is gníomh aitheantais é ceapachán Oifigeach na Gaeilge a léiríonn an fhís shoiléir atá ag OÉ Gaillimh don ollscolaíocht Ghaeilge agus tagann sé leis na luachanna atá leagtha amach i Straitéis na Gaeilge, is é sin pobal Gaeilge na hOllscoile a mhéadú agus stádas na Gaeilge san Ollscoil a neartú,” arsa Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ, Gaillimh.

Dúirt an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí OÉ Gaillimh, go dtacódh an ceapachán le “straitéis uaillmhianach” na hollscoile i leith na Gaeilge.

Is faoi stiúir Oifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí a bheidh an tOifigeach Gaeilge nua agus deirtear go mbeidh sí freagrach “as fís na hOllscoile don Ghaeilge a stiúradh”.

Fág freagra ar 'Bean as an gCeathrú Rua ceaptha mar chéad Oifigeach Gaeilge OÉ Gaillimh'

  • Peadar

    Comhghairdeachas leat a Charoline agus n-éirí leat i do ról nua.

  • Áine Nic Niallais

    Duine éifeachtach, cumasach, díograiseach! Maith thú, a Charoline!

  • Máire

    Comhghairdeas leat a Charoline. Ní fhéadfaí duine níos fearr a bheith roghnaithe!

  • Gráinne Ní Bhrosnacháin

    Comhghairdeas!

  • Máirín Ni Dhualaing

    Comhghairdeachas a Charoline agus n-éirí leat i do phost nua.