Bean 21 bliain cúisithe sa chúirt as marú fir ar aimsíodh a chorp ag Sliabh Liag

Is í Nikita Burns an dara duine atá cúisithe as dúnmharú Robert Wilkin

Bean 21 bliain cúisithe sa chúirt as marú fir ar aimsíodh a chorp ag Sliabh Liag

Tugadh os comhair na cúirte i Leitir Ceanainn inniu bean 21 bliain d’aois atá cúisithe as dúnmharú Robert Wilkin.

Tugadh corp Robert Wilkin as an bhfarraige ag Sliabh Liag i nGaeltacht Dhún na nGall ar an 3 Iúil.

Bhí Nikita Burns, Westend Accommodation, Bun Dobhráin, i láthair ag suí speisialta de Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn ar maidin.

Is í Burns an dara duine atá cúisithe as dúnmharú Robert Wilkin.

Ar an 14 Iúil a cúisíodh Alan Vial, fear 38 bliain d’aois, as an dúnmharú.

Sa chúirt inniu thug an Sáirsint Mattie Murphy fianaise i leith Nikita Burns a ghabháil agus rabhadh a thabhairt di i stáisiún na nGardaí i mBéal Átha Seanaidh aréir.

Dúirt Murphy gurb é a dúirt Burns nuair a cuireadh an chúis ina leith ná, “Ní dhearna mé é”.

Thángthas ar chorp Robert Wilkin, fear sna seascaidí, ar an 3 Iúil, tar éis cuardach seachtaine.

Tá Nikita Burns cúisithe as Robin Wilkin a mharú áit éigin sa stát ar an 25 Meitheamh 2023.

Cuireadh siar faoi choimeád í go dtí an 4 Meán Fómhair nuair a bheidh sí os comhair na cúirte arís ar nasc físe.

D’iarr lucht cosanta go dtabharfaí saorchúnamh dlí do Nikita Burns, iarratas a ceadaíodh.

Ceadaíodh chomh maith a n-iarratas go dtabharfaí di gach cóir leighis agus cabhair shíciatrach a bheadh ag teastáil fad is a bheidh sí faoi choimeád.

Fág freagra ar 'Bean 21 bliain cúisithe sa chúirt as marú fir ar aimsíodh a chorp ag Sliabh Liag'