Beagnach 70% den phobal den tuairim go meallfadh úsáid na Gaeilge tuilleadh turasóirí – pobalbhreith

De réir an tsuirbhé náisiúnta a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, dúirt níos mó ná beirt as gach triúr - 67% - gur acmhainn faoi leith í an Ghaeilge a bhféadfadh tionchar dearfach a bheith aici ar fhorbairt na turasóireachta ar an oileán seo

Beagnach 70% den phobal den tuairim go meallfadh úsáid na Gaeilge tuilleadh turasóirí – pobalbhreith

Measann beagnach 70% den phobal ó dheas gur cheart úsáid a bhaint as an nGaeilge chun turasóirí a mhealladh.

De réir an tsuirbhé náisiúnta a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, dúirt níos mó ná beirt as gach triúr – 67% – gur acmhainn faoi leith í an Ghaeilge a bhféadfadh tionchar dearfach a bheith aici ar fhorbairt na turasóireachta ar an oileán seo.

Léirigh pobal an Tuaiscirt tacaíocht láidir d’úsáid na Gaeilge mar acmhainn turasóireachta freisin agus 52% díobh den tuairim go bhféadfadh an teanga tionchar dearfach a bheith aici ar chúrsaí turasóireachta ar fud na hÉireann.

Mar chuid den phobalbhreith chéanna, dúirt 44% den phobal ó dheas go mbeidís níos toilteanaí earraí a cheannach dá mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar an bpacáistíocht.

Dúirt 30% de na daoine a ceistíodh ó thuaidh go gceannóidís táirge ar a raibh an phacáistíocht dhátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, thairis táirge le pacáistíocht i mBéarla amháin.

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc mar shraith scéalta an tseachtain seo.

I measc na gceisteanna a cíoradh sa taighde bhí dearcadh an phobail ar úsáid na teanga, an Ghaelscolaíocht, seirbhísí stáit trí Ghaeilge, coláistí samhraidh, cearta teanga ó thuaidh agus maoiniú na teanga ó dheas.

Roghnaíodh 2,696 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.0% ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Beagnach 70% den phobal den tuairim go meallfadh úsáid na Gaeilge tuilleadh turasóirí – pobalbhreith'

  • Sibéal

    An dteastaíonn tuilleadh turasóirì agus tithe comh gann san do gach éinne sa Daingean?