Bataireacht na nGael le maidí draighin – ealaíon comhraic arbh fhiú í a athbheochan?

Ar chóir an bhataireacht a chur i measc na n-ealaíona comhraic mar spórt agus mar chaitheamh aimsire? 

Bataireacht na nGael le maidí draighin – ealaíon comhraic arbh fhiú í a athbheochan?

Is iomaí gné de thraidisiúin na hÉireann a mbíonn fonn ar dhaoine athbheochan a dhéanamh orthu. Teastaíonn athbheochan a dhéanamh ar an nGaeilge ar ndóigh ach tá nósanna eile ann freisin nár cheart a ligean i ndearmad b’fhéidir.

Ó uair go chéile cloistear trácht ar nós beagáinín neamhghnách a bheith á athbheochan. Bataireacht an ceann is deireanaí atá luaite. Mar a thuigfeá ón bhfocal troid le maidí atá i gceist. 

Ba mhinic Gaeil ag bataireacht san am a caitheadh. Bata nó sail éille draighin timpeall cheithre troithe ar fad a bhídís a úsáid.

Bhí an tráth ann nach gcuireadh arm na Breataine deireadh le troideanna le bataí a thosaíodh ar aontaí, lá pátrúin nó in áit ar bith a mbíodh slua daoine bailithe le chéile. “Is fearr go mbeidís ag troid a chéile ná ag déanamh ionsaithe orainne,” a deireadh na Sasanaigh i dtosach ach de réir a chéile shocraigh siad gurbh fhearr an bhataireacht a stopadh dá mb’fhéidir é.

Fear as Contae Liatroma, Bernard Leddy, atá ag iarraidh aird a tharraingt aríst ar an modh comhraic seo. Tuairim is deich mbliana ó shin a chuala sé cur síos ar an mbataireacht. Fear é atá ag cleachtadh ealaíona comhraic ó bhí sé ocht mbliana d’aois. Nuair a ghortaigh sé a ghlúin theastaigh bealach aclaíochta uaidh nach gcuirfeadh meáchan ar an nglúin. Sin é an t-am ar luigh sé isteach ar an mbataireacht.

Casadh fear darbh ainm Glen Doyle dó ar lean a mhuintir de nós na bataireachta i gCeanada. Go Talamh an Éisc agus go Labradar a chuaigh sinsear Glen. Coinníodh ag cleachtadh na bataireachta sna réigiúin sin ar feadh blianta ach bheadh an nós tréigthe ar fad sa deireadh murach muintir Doyle.

Le deich mbliana anuas tá Bernard Leddy ag traenáil lucht bataireachta ar fud an domhain ag seimineáir agus ar líne. Tá lámh aige i 50 scoil bhataireachta. In Éirinn atá cheithre cinn acu.

Bhí fear as ceantar Áth Liag i Ros Comáin a dtugaidís Tomás a’Bhata air. Bhí sé ar aonach lá áit a raibh dhá dhream ag faire a dhul in éadan a chéile. Bhuail clog an aingil. “An dó dhéag agus gan aon bhuille buailte fós,” a dúirt sé. Chonaic sé fear as an taobh eile ag gáirí. Chnag sé sa mullach é ó mhaol na gualann leis an mbata draighin.

Bhí fear as baile eile ag siúl an aonaigh lá nuair a thug sé faidhp dá bhata draighin d’fhear a casadh dhó. “Cén fáth a ndearna tú é sin?” a dúirt an fear. “Ní dhearna mise tada ort.” 

“Ní dhéanfaidh tú tada orm anois ar chuma ar bith,” a dúirt mo dhuine.

Tá an baol ann go ndéanfadh muid glóiriú agus móradh ar an gcineál sin saoil agus ar an gcomhrac a bhí ina dhlúthchuid de. Faicseanacht a bhí i gceist. Sa deireadh thiar thall céard a bhí ann ach Gaeil ag troid eatarthu féin mar ba mhinic leo agus na Sasanaigh ag fiodmhagadh fúthu? Gaeil, ‘an dream bocht silte nár chuir le chéile,’ mar a dúirt an file.

Bíodh sin ráite, is dócha nach dochar an bhataireacht a chur i measc na n-ealaíona comhraic mar spóirt agus mar chaitheamh aimsire. 

Níl a fhios agam féin an bhfuil aon scil ag Conor McGregor sa gceird seo?

Fág freagra ar 'Bataireacht na nGael le maidí draighin – ealaíon comhraic arbh fhiú í a athbheochan?'