Bás amháin eile, 35 cás nua agus tástáil sheachtainiúil le tabhairt isteach sna monarchana feola

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte go mbeadh seachtain eile ann sula bhfeicfear cén éifeacht a bheidh le srianta dianghlasála Chill Dara, Uíbh Fhailí agus Laoise

Bás amháin eile, 35 cás nua agus tástáil sheachtainiúil le tabhairt isteach sna monarchana feola

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil duine amháin eile básaithe de bharr Covid-19 agus go bhfuil 35 cás nua den ghalar deimhnithe.

Bhí níos lú ná cúig chás nua i gceist i gCill Dara, in Uíbh Fhailí agus i Laois, na contaetha ina bhfuil dianghlasáil i bhfeidhm i láthair nua huaire.

Bhain sé cinn den 35 cás nua le Ceatharlach, bhí cúig cinn i gcontae an Chláir agus bhain an 24 cás eile le 10 gcontae éagsúla – Cill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí ina measc.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis gníomhach na Roinne Sláinte go mbeadh seachtain eile ann sula bhfeicfear cén tionchar a bheidh ag an dianghlasáil ar scaipeadh an ghalair sna trí chontae lár tíre.

Dúirt an Dr. Glynn gurb é is dóichí “go mbeidh líon na gcásanna a dheimhneofar ag ardú agus ag ísliú an tseachtain seo”.

“Tá sé tábhachtach go bhféachfaí ar an treocht ghinearálta a bhfuil líon na gcásanna ag dul seachas ar aon lá amháin. Ní bheidh a fhios againn go dtí an tseachtain seo chugainn cibé ar oibrigh na srianta a cuireadh i bhfeidhm i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí le Covid-19 a cheansú sa cheantar sin agus an scaipeadh sa bpobal a mhaolú,” arsa an Dr Glynn.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 24 den 35 cás nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dhearfach don ghalar faighte acu. Deimhníodh gur bhain cúig cinn de na cásanna nua le scaipeadh sa phobal.

Bhí 71% de na daoine a bhí i gceist faoi bhun 45 bliain d’aois.

14 othar atá buailte ag Covid-19 atá sna hospidéil de réir na bhfigiúirí is deireanaí agus tá seachtar acusan in aonaid dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 48 cás nua tráthnóna, an t-ardú is mó in aon lá amháin ó dheireadh mhí na Bealtaine.

Fógraíodh an chéad bhás le ceithre seachtaine sa Tuaisceart inné ach ní raibh aon bhás eile le fógairt tráthnóna ón víreas.

Dúirt an tAire Sláinte Robin Swann gur “údar imní” é an méadú atá tagtha ar líon na gcásanna atá deimhnithe sa Tuaisceart le roinnt laethanta anuas.

2,330 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,773 duine ó dheas den teorainn agus 557 ó thuaidh di.

32,989 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 26,801 cás ó dheas agus 6,188 cás ó thuaidh.

Tuairiscíodh chomh maith tráthnóna go bhfuil roinnt cásanna den Covid-19 ar bharda san Ospidéal Ginearálta sa Nás i gcontae Chill Dara.

Meastar gur glantóir san ospidéil ba thúisce a bhí ag éagaoineadh agus go raibh toradh deimhneach Dé Luain ar thástáil choróinvíris. Seo an chéad uair a deimhníodh cás den víreas san ospidéal sin.

Tá dianghlasáil i bhfeidhm i gcontaetha Chill Dara, Uíbh Fhailí agus Laoise ón deireadh seachtaine de bharr ráig den Covid-19 sa cheantar. Baineann cuid mhór de na cásanna ansin le monarchana próiseála feola agus dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna go gcuirfí tús le tástáil sheachtainiúil sna monarchana próiseála feola ar fud na tíre agus sna hionaid soláthar díreach ar fad.

Rinneadh tástálacha ar na hoibrithe próiseála feola sna trí chontae atá faoin dianghlasáil le laethanta beaga anuas ach tabharfar an tástáil sheachtainiúil isteach ionas nach mbeadh oibrithe nach bhfuil aon chomharthaí sóirt den ghalar orthu ag scaipeadh an víris sna monarchana agus sa mbaile i ngan fhios dóibh féin.

Meastar go bhfuil an plean bunaithe ar an gcleachtas a tugadh isteach sna tithe altranais nuair ba mheasa a bhí an phaindéim agus go ndéanfaí amhlaidh i ngach monarcha a mbíonn níos mó ná 50 duine ag obair inti.

Dúirt an Taoiseach go raibh ráta scaipthe an víris sa bpobal ‘seasmhach’ faoi láthair agus gur grúpaí leochaileacha atá ina gcónaí in árais phlódaithe an t-údar imní is mó faoi láthair.

Tá rabhadh tugtha ag Tomás Ryan, Ollamh le hImdhíoneolaíocht i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath go bhféadfadh go mbeadh an dianghlasáil sna trí chontae lár tíre i bhfeidhm go ceann ceithre nó sé seachtaine eile.

Dúirt sé chomh maith go bhféadfadh go gcaithfí athmhachnamh a dhéanamh ar oscailt scoileanna mura gcloíonn an pobal leis an gcomhairle sláinte phoiblí.

Dúirt an tOllamh Ryan gur dóigh leis go bhfuil a lán daoine ag cloí leis an dlí maidir le masc a chaitheamh ach nach bhfuil daoine sách cúramach faoin scaradh sóisialta.

Tá os cionn 20 milliún duine ar fud na cruinne tar éis an Covid-19 a tholgadh de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins.

Tá 5 mhilliún duine sna Stáit Aontaithe a tholg an galar agus is ann chomh maith a cláraíodh an líon is mó daoine a bhásaigh de bharr an víris, breis is 163,000 duine.

De réir figiúirí ó Ollscoil Johns Hopkins tá 734,664 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas ar fud na cruinne go dtí seo.

Idir an dá linn, tá an córas scrúdaithe a bhí in úsáid mar mhalairt ar Scrúdaithe A-Leibhéal in Albain de bharr Covid-19 curtha ar ceal.

Bhí an córas sin cosúil leis an gceann atá á úsáid in Éirinn i mbliana agus torthaí réamh-mheasta le fáil ag daltaí a bheadh bunaithe ar mheasúnú scoile agus patrún torthaí na scoile le blianta beaga anuas.

Bhí conspóid in Albain an tseachtain seo caite áfach nuair a rinneadh íosghrádú ar chuid de na marcanna a fuair daltaí óna n-oidí agus iad curtha i gcomhréir leis an gcaighdeán náisiúnta.

Measadh go ndearnadh éagóir ar dhaltaí a raibh cónaí orthu i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus ghabh Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon leithscéal agus dúirt go raibh botún déanta ag an Rialtas leis an gcóras nua.

Fógraíodh tráthnóna nach ndéanfar íosghrádú ar thorthaí ar bith anois agus go bhfaighidh daltaí marc a bheidh bunaithe ar mheasúnú an mhúinteora.

Fág freagra ar 'Bás amháin eile, 35 cás nua agus tástáil sheachtainiúil le tabhairt isteach sna monarchana feola'