Barr Smaise… le Siún Nic Gearailt

Is í an leitheoir nuachta Siún Nic Gearailt ó Nuacht RTÉ a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo.

Pic Siún

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin.

Simplí le dath láidir agus gearrtha go maith, is é sin nuair atáim ag obair. Scéal eile ar fad is ea é nuair nach bhfuil!

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Sophie Loren….i gconaí galánta. Anso ag baile, an fear san ó mo chontae féin, Paul Galvin.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Léine atá i bhfad Éireann rómhór dom, ach gur breá liom é mar sin féin!

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…bróga ar an ndearadh ‘Abel’ le Jimmy Choo.

Penneys, Brown Thomas nó…

…ag brath ar cé chomh lán is atá mo sparán!

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Balsam béil, maothóir agus línitheoir súl.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…níl a fhios agam an raghainn ar choinne chéad aithne..!

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…táim fós ag déanamh mo mhachnaimh ar an gceist seo!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom.

Go leor ar an idirlíon ach i láthair na huaire is maith liom ‘The Gloss’, atá ar fáil leis an Irish Times. Bíonn blaiseadh i gconaí den stíl atá ar fáil anso.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Barr a bhí rómhór dom a chaitheamh agus mé ar an scáileán! Ní shamhlófá cad ’dúradh fé!