Barr Smaise le… Sinéad Ní Uallacháin

Is í Sinéad Ní Uallacháin, a chuireann an clár ‘Sinéad ar Maidin’ i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo. Tá aithne ar Shinéad freisin mar ‘Banríon na Siamsaíochta’ ar an gclár ‘Cormac ag a Cúig’

Sinead Ni Uallachain

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

Caite le chéile!

Na pearsna aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Diane Kruger agus David Beckham – le blianta beaga anuas ar aon nós!

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Cóta geimhridh a thug m’aintín chríonna do mo Mham, agus a fuaireas-sa ansan uaithi.

Penneys, Brown Thomas nó….

…is breá liom River Island, tá éagsúlacht mhaith ann. Bíonn, áfach, scata éadaí gan dealramh ann chomh maith, gur gá a sheachaint.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…… cúpla gúna atá feicthe agam ar shuíomh For Love & Lemons le déanaí, a thaitin go mór liom.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Maothóir, pionsúirín do mo mhalaí, agus seampú tirim – chun beocht éigin a chur i mo chuid gruaige ag deireadh an lae!

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…éadaí dubha, ó bhaithis go bonn na bróige agus lippy dearg, Ruby Woo ó MAC. Táim ana-thógtha le béaldathanna MAC – ceannaím ceann aon uair go mbím san Aerfort!

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…an iomarca seodra…nó t-léine le ráiteas amaideach air.

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Is breá liom an blag Suri’s Burn Book. Cé nach mbaineann sé go díreach le cúrsaí faisin, caitheann sí súil ghéar go minic ar rig-outs na celebs!

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Bhíodh go leor t-léinte polo á gcaitheamh agam agus mé níos óige… 

Fág freagra ar 'Barr Smaise le… Sinéad Ní Uallacháin'