‘Baol mór Breatimeacht gan mhargadh trí thimpiste’ – An Taoiseach

Deir Donald Tusk go gceadóidh an tAE síneadh ama gearr le hAirteagal 50 ach go gcaithfidh parlaimint na Breataine glacadh ar dtús le margadh Breatimeachta Theresa May

‘Baol mór Breatimeacht gan mhargadh trí thimpiste’ – An Taoiseach

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna go bhfuil “baol mór go dtarlódh Breatimeacht gan mhargadh de thimpiste”.

Dúirt an Taoiseach gur cheart “scód a ligean” le Rialtas na Breataine maidir lena n-éileamh go gcuirfí an Breatimeacht siar.

Tháinig ráiteas an Taoisigh sna sála ar ráiteas Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk go gceadóidh an tAE síneadh ama gearr le hAirteagal 50 ach go gcaithfidh parlaimint na Breataine glacadh ar dtús le margadh Breatimeachta Theresa May.

Scríobh Príomh-Aire na Breataine, ar diúltaíodh dá margadh imeachta faoi dhó in Westminster cheana, chuig Tusk ag iarraidh go gcuirfí an dáta Breatimeachta – an 29 Márta – siar go dtí deireadh mhí an Mheithimh.

Tá May meáite ar a margadh a chur faoi bhráid na parlaiminte arís an tseachtain seo chugainn.

Thug Donald Tusk le fios tráthnóna go gceadófaí síneadh ama ach go mbeadh coinníoll mór ag baint leis.

“Bunaithe ar an bplé atá déanta agam le cúpla lá anuas, creidim go bhféadfadh go mbeadh síneadh ama gearr ar fáil. Ach bheadh de choinníoll ag dul leis go vótálfaí i dTeach na dTeachtaí ar son an tsocraithe aistarraingthe. Ní mór a shocrú go fóill cén fhad a bheadh i gceist leis an síneadh ama sin.”

De réir ráitis Tusk níl ach dhá rogha ag feisirí pharlaimint Westminster – glacadh leis an margadh ar dhiúltaigh siad faoi dhó cheana dó nó aghaidh a thabhairt ar Bhreatimeacht gan mhargadh.

Cé gur mhol an Taoiseach tráthnóna go dtabharfaí deis do Rialtas na Breataine a bplean is déanaí a chur i gcrích, níor chuir sé in aghaidh fainic Tusk. Dhearbhaigh Tusk agus an Taoiseach araon nach mbeadh aon athrú ar an gcúlstop ná aon bhabhta ath-idirbheartaíochta faoin margadh imeachta.

Ina litir go dtí Donald Tusk d’iarr May síneadh ama chun go mbeadh deis aici a margadh a chur faoi bhráid na parlaiminte den tríú huair.

Níl ráite aici fós cad a tharlódh sa chás go ndiúltófaí arís don mhargadh. Ach dúirt sí nach mbeadh síneadh ama níos faide ná an 30 Meitheamh ann fad is a bheadh sí féin i gceannas, rud a tharraing caint go n-éireodh sí as mura n-éireodh lena plean is déanaí.

Faoin bparlaimint a bheadh sé an cúrsa a leagan amach sa chás go ndiultófaí dá margadh arís an tseachtain seo chugainn, a dúirt May.

Thug May le fios go gcuirfeadh sí moltaí nua faoi bhráid an DUP agus na Breatimeachtóirí eile is diongbháilte i gcoinne a margaidh chun iad a mhealladh.

Moltaí iad seo nach mbeadh ach beannacht Rialtas na Breataine amháin acu.

Chuir Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, i leith May nach raibh “plean dá laghad aici” agus go raibh sí ag “cur na tíre i mbaol”.

Cé go bhfuil síneadh ama fada curtha as an áireamh anois aici, thug May le fios cheana go mbeadh a leithéid ag teastáil sa chás go ndiúltófaí arís dá margadh.

Fágann rogha neamhbhalbh Tusk go bhfuil an DUP anois idir dhá thine Bealtaine cheart agus brú mór ag baile orthu, go háirithe i measc lucht gnó, a dtionchar a úsáid chun Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint.

Ag an am céanna, ní cosúil go bhfuil aon athrú mór i ndán don chúlstop, an polasaí árachais chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint. Is é an cúlstop an chúis is mó ag an DUP agus an ERG, an grúpa Breatimeachtóirí a bhfuil Jacob Rees-Mogg ina chathaoirleach air, i gcoinne an mhargaidh imeachta a aontaíodh leis an AE.

Fág freagra ar '‘Baol mór Breatimeacht gan mhargadh trí thimpiste’ – An Taoiseach'