Beidh Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den ghrúpa rap Kneecap, os comhair na cúirte in Londain Shasana arís inniu agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith.
Ligeadh amach ar bannaí é nuair a tháinig sé os comhair na cúirte mí an Mheithimh. Cuireadh cás an rapálaí siar go dtí an lá inniu mar gheall ar cheist faoi cheart na cúirte an cás a éisteacht.
Mhaígh abhcóide Uí Annaidh le linn na chéad éisteachta go raibh an iomarca ama caite, de réir reacht na dtréimhsí a mhair sé mhí, idir an uair ar tharla an eachtra ina líomhnaítear gur sháraigh Ó hAnnaidh an dlí agus an uair a cúisíodh é. Dúirt an giúistís nach mbeadh aon triail ann dá mba amhlaidh an scéal ach d’easaontaigh an t-ionchúisitheoir le maíomh lucht dlí an chosantóra.
Pléifear ceist reacht na dtréimhsí i gCúirt Dúiche Westminster ar maidin agus má leantar ar aghaidh leis an gcás déanfaidh Liam Óg Ó hAnnaidh pléadáil a thaifead agus beidh triail ann lá níos faide anonn.
Tá sé curtha i leith Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara, gur thaispeáin sé brat agus é ar stáitse i Londain mar chomhartha tacaíochta do Hezbollah, eagraíocht a bhfuil cosc uirthi sa mBreatain.
Tharla an eachtra nuair a bhí Kneecap agus Ó hAnnaidh, atá 27 bliain d’aois agus arb as Béal Feirste dó, ar stáitse i bhFóram an O2 i mBaile Kentish, Londain, ar an 21 Samhain 2024.
I ráiteas a eisíodh roimh éisteacht an lae inniu, dúirt Kneecap nach raibh sa gcás ach “carnabhal mearbhaill” ag rialtas na Breataine.
Dúradh go raibh 9,000 Palaistíneach, gasúir agus mná den chuid is mó, maraithe ag Iosrael ó bhí Ó hAnnaidh sa gcúirt mí an Mheithimh agus gur dúnmharaíodh breis is 1,000 duine a bhí sa tóir ar chúnamh in Gaza.
Dúradh go raibh iarracht ar bun sceimhlitheoir a thabhairt ar Ó hAnnaidh in ainneoin go raibh coireanna cogaidh déanta ag Iosrael agus go raibh airm agus tacaíocht curtha ar fáil ag an mBreatain.
Iarradh ar dhaoine a bheith lasmuigh de Chúirt Dúiche Westminster ar maidin chun tacaíocht a léiriú d’Ó hAnnaidh. Tá léirsithe ina nglacfaidh ceoltóirí agus gníomhaithe páirt iontu le bheith ar siúl lasmuigh den chúirt i Londain óna 9.00am. Bhailigh slua mór lasmuigh den chúirt nuair a bhí Ó hAnnaidh os comhair na cúirte den chéad uair.
Tá ócáid le tacaíocht a léiriú do Ó hAinnidh á heagrú i siopa Connolly Books i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath ag 3.00pm chomh maith.
Tá Ó hAnnaidh á chosaint ag dlíodóirí a bhfuil an-cháil orthu, ina measc Gareth Peirce, a rinne cosaint ar Sheisear Birmingham agus Ceathrar Guildford, agus Blinne Ní Ghrálaigh KC a rinne ionadaíocht ar an Afraic Theas sa chás a thug siad in aghaidh Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta anuraidh. Ar dhuine de na daoine eile atá ar “scothfhoireann” Kneecap, mar a thug an banna féin orthu, tá Darragh Mackin a rinne ionadaíocht ar mhuintir na ndaoine a maraíodh i dtine an Stardust i 1981.
Fág freagra ar 'Ball Kneecap le teacht os comhair na cúirte arís i Londain'