Bakhmut nach mór timpeallaithe agus cinneadh le déanamh ag na hÚcránaigh

Tá an cogadh san Úcráin i lár na chéad chéime de dhá chéim thábhachtacha faoi láthair

Bakhmut nach mór timpeallaithe agus cinneadh le déanamh ag na hÚcránaigh

Bakhmut ar Tí Titim

Is léir go bhfuil Bakhmut beagnach timpeallaithe ag na Rúisigh faoi láthair. Tá cinneadh le déanamh ag na hÚcránaigh anois; an mbeidh na buntáistí a bhaineann leis an chathair a chosaint níos mó ná na buntáistí a bhaineann le trúpaí a choimeád siar le haghaidh frith-ionsaithe níos déanaí san earrach?

Tuigeann na hÚcránaigh an siombalachas a bhainfeadh le bua na Rúise in Bakhmut agus na Rúisigh ag iarraidh an chéad bhua a fháil ó tharraing siad siar in Kherson agus ó cloíodh iad i gcúige Kharkiv anuraidh.

Ní hamháin go mbeidh siombalachas ag baint le bua, beidh na Rúisigh in ann a n-aghaidh a thabhairt ar Slovyansk agus Kramatorsk níos faide siar i gCúige Donetsk chomh maith.

Cé go bhfuil na hÚcránaigh ag iarraidh bua a shéanadh ar na Rúisigh tá sé mar sprioc acu chomh maith an fód a sheasamh sa chathair chomh fada agus is féidir chun an líon is mó trúpaí Rúiseacha a mharú agus a ghortú ionas go mbeidh an t-am acu ullmhúcháin le haghaidh frith-ionsaithe a dhéanamh. Ach tá orthu praghas a íoc ó thaobh líon na saighdiúirí atá á chailleadh acu féin agus ó thaobh na n-acmhainní airtléire ganna atá á n-ídiú acu.

Is é atá ag tarlú anois ná cé go bhfuil na Rúisigh fós ag déanamh tulionsaithe fíochmhara ar Bakhmut tá cuid dá bhfórsaí ag gabháil thart ar an taobh ó thuaidh agus ó dheas den chathair agus tá cuid den phríomhbhóthar i dtreo Slovyansk faoina seilbh cheana féin. Ina theannta sin tá roinnt bailte siar ón gcathair laistigh de raon airtléire na Rúise anois.

Tá an baol ann go mbeidh na hÚcránaigh timpeallaithe, tá an baol ann go bhfuil an iomarca acmhainní míleata, atá gann, á n-ídiú acu agus tá an baol ann go bhfuil cuid den chath ag bogadh siar ón gcathair. Má thagann na forbairtí sin salach ar spriocanna na nÚcránach seans go mbeidh sé riachtanach an chathair a thréigean seachas í a chosaint.

Feachtas Ionsaithe na Rúiseach

Tá an cogadh i lár na chéad chéime de dhá chéim thábhachtacha faoi láthair. Is í an chéad chéim feachtas ionsaithe na Rúiseach ó bhí siad ar a gcosaint roimh dheireadh mhí Eanáir. Beidh feachtas frithionsaithe na nÚcránach mar chuid den dara céim. Caithfear féachaint ar dhul chun cinn na Rúiseach timpeall Bakhmut mar chuid den fheachtas chun seilbh a ghlacadh ar Chúige Donetsk ina iomláine agus mar chuid dá n-iarrachtaí a bheith ar an ionsaí arís.

Ó bhí mí Eanáir ann tá siad tar éis ionsaithe a sheoladh fud fad na líne coimhlinte. Bunaithe ar an méid ionsaithe atá á ndéanamh acu gach lá meastar go bhfuil a bhfeachtas faoi lán seoil. Meastar freisin go bhfuil an chuid is mó de na trúpaí a bhí slógtha san fhómhar anuraidh lonnaithe san Úcráin anois. Imlonnaíodh iad mar chuid d’aonaid ionsaithe, aonaid chosanta agus aonaid tacaíochta agus slándála ar fud na gcríocha gafa. Tá na hionsaithe dírithe go príomha ar na cúig ais seo a leanas:

  • Svatove (Luhansk) i dtreo Kupyansk. Tá beagán dul chun cinn déanta acu i dtreo Kupyansk, baile a d’athghabh na hÚcránaigh anuraidh. Tá an baile laistigh de raon airtléire na Rúiseach anois agus tá na hÚcránaigh tar éis foláireamh a eisiúint do mhuintir an bhaile é a thréigean.
  • Kreminna (Luhansk) i dtreo Lynam. Tá siad tar éis dul chun cinn beagán ar bheagán a dhéanamh sna foraoisí siar ó Kreminna.
  • Timpeall Bakhmut (Donetsk).
  • Timpeall Avdiivka (Donetsk). Cé go bhfuil Avdiivka á hionsaí acu ó thús an chogaidh tá siad ag déanamh iarrachtaí gabháil thart ar thaobh ó thuaidh agus taobh ó dheas den chathair amhail mar atá á dhéanamh acu timpeall Bakhmut.
  • Vuhledar (Donetsk). Cloíodh na Rúisigh i gcath timpeall Vuhledar anuraidh agus ag an am mhol blagálaithe Rúiseacha gur chóir an ginearál a bhí i gceannas a chur faoi armchúirt toisc go raibh an t-ionsaí chomh tubaisteach sin. Tá na hÚcránaigh tar éis iad a stopadh arís in ionsaí i ndhiaidh ionsaithe timpeall an bhaile le mí anuas. Bhí ar na Rúisigh sos oibríochta a thógáil ach mar gheall ar an méid acmhainní míleata agus líon na saighdiúirí atá comhchruinnithe acu sa cheantar seans go rachaidh siad chun catha arís.

Agus Bakhmut beagnach faoina seilbh anois má éiríonn leis na Rúisigh níos mó dul chun cinn a dhéanamh ar an ais timpeall Lynam chomh maith beidh deis acu cur leis an mbrú ar an dá chathair is mó atá fós faoi sheilbh na nÚcránach i gCúige Donetsk. Ach bunaithe ar an méid ama a thóg sé chun dul chun cinn a dhéanamh timpeall Bakhmut is deacair a mheas go dtarlóidh sé sin go luath.

Má éiríonn leis na hÚcránaigh na Rúisigh a stopadh in Bakhmut gan an chathair a ghéilleadh, comhartha a bheidh sé ansin nach mbeidh na Rúisigh in ann an chuid eile de Chúige Donetsk a ghabháil le linn an fheachtais atá ar siúl faoi láthair.

Cath Bakhmut

Léiríonn an cath timpeall ar Bakhmut cuid de laigí na nÚcránach. Amhail mar a rinne siad anuraidh sa chath chun Severodonetsk a chosaint, chuir siad aonaid slógtha, nach raibh mórán oiliúna curtha orthu, ar aghaidh, go háirithe chun na ceantair mháguaird a chosaint. Bhí sin sr cheann de na cúiseanna gur éirigh leis na Rúisigh talamh a ghabháil taobh ó thuaidh agus ó dheas den chathair ní ba thapa ná mar a bhí déanta acu roimhe sin.

Léiríonn feachtas na Rúiseach cuid de na buntáistí atá acu sa chogadh faoi láthair. Ar an gcéad dul síos, bhí líon mór gallóglach ón gcomhlacht príobháideach, Wagner, ar fáil dóibh. D’éirigh le cuid d’aonaid Wagner a gcuid teaicticí a leasú chun an ceann is fearr a fháil ar na hÚcránaigh sna ceantair timpeall Bakhmut. Anuas air sin, earcaíodh sciar maith de na gallóglaigh i bpríosúin sa Rúis agus is éasca a shamhlú nach raibh Arm na Rúise ná muintir na Rúise ach oiread róbhuartha faoi choirpeach a chailleadh sa chath fíochmhar chun seilbh a ghlacadh ar an gcathair.

Ach ba é an buntáiste a bhí acu ó thaobh airtléire de, ceann de na cúiseanna ba mhó leis an dul chun cinn timpeall na cathrach. Úsáideann fórsaí ionsaithe airtléire chun an ceann is fearr a fháil ar airtléire an namhad agus chun suíomhanna cosanta an namhad a scriosadh sula dtéann siad ar an ionsaí. Ar an mbealach céanna úsáideann fórsaí cosanta a gcuid airtléire chun airtléire a gcéile comhraic a scriosadh agus chun na hionsaithe a bhriseadh suas.

Ba léir le linn an chatha timpeall na cathrach nach raibh a ndóthain sliogán airtléire ag na hÚcránaigh chun an dá thrá a fhreastal. Tuairiscítear, cé go raibh 300 sliogán ar fáil do gach gunna airtléire in aghaidh an lae roimh an Nollaig, tá ciondáil ar na sliogáin anois agus níl ach 10 sliogán ar fáil.

Is ábhar práinne do na hÚcránaigh an easpa armlón airtléire. Luaigh comhairleoir de chuid Uachtarán na hÚcráine mí ó shin go raibh siad ag cuardach an domhain ar fad chun sliogáin le haghaidh gunnaí airtléire ón ré Shóivéadach a fháil. Luaigh Ard-Rúnaí NATO le déanaí gur chóir do bhallstáit gabháil orthu féin níos mó armlón a mhonarú agus dúirt Ard-Rúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh don Chomhbheartas Eachtrach go mbeadh an cogadh thart mura bhfaigheadh na hÚcránaigh armlón breise.

Cé go bhfuil deacrachtaí den chineál céanna ag na Rúisigh níl siad ar an scála céanna, agus má chuireann an tSín armlón airtléire ar fáil dóibh beidh réiteach na faidhbe acu. Má tharlaíonn sé seo beidh tionchar nach beag aige ar an gcogadh.

Má theipeann ar na hÚcránaigh an fhadhb maidir le soláthair sliogán airtléire a réiteach seans nach mbeidh siad in ann dul ar an bhfrithionsaí nó go gcuirfear moill ar a gcuid pleananna ar a laghad.

Fág freagra ar 'Bakhmut nach mór timpeallaithe agus cinneadh le déanamh ag na hÚcránaigh'