Agus mé istigh i siopa ábhar ealaíne an lá cheana thug mé suntas don fhuadar a bhí ar na custaiméirí.
I lár an tsamhraidh ghléigil bhí an strus le léamh orthu agus ba gheall le seachtain na Nollag an brú brú sa gcarnán ag an gcuntar. Nuair a chonaic mé na liostaí agus na leanaí sea chuimhnigh mé gur ionann an fómhar agus athoscailt na scoileanna.
Sibhse a cheapann go gcaitheann múinteoirí an samhradh díomhaoin, mhínigh bean óg aitheantais a bhí ansin go raibh sí ag cuartú agus ag ceannach stoc don scoil agus do na gasúir mar go rabhadar píosa fada as Gaillimh.
Mheabhraigh sin dom an plé ar fad a bhaineann le hábhar léitheoireachta spéisiúil i nGaeilge a fháil do dhéagóirí a bhfuil an domhan mór le fáil acu i dteangacha eile.
Chuir sin ag póirseáil mé go bhfuair mé catalóg shnasta atá curtha le chéile ag Cló Iar-Chonnacht ar a dtugann siad Leabhair don tSraith Shóisearach. Tá cúig úrscéal le cúigear údar éagsúil molta acu do dhaltaí na chéad bhliana a bhfuil Gaeilge acu.
Daideo le Áine Ní Ghlinn – buachaill óg agus seanfhear a chasann ar a chéile ar thraein Bhaile Átha Cliath agus iad beirt ag éalú óna muintir. Scéal bleachtaireachta leis an údar céanna é Fuadach agus iníon taidhleora fuadaithe.
Tá Anna Heussaff aitheanta as an gcaoi a sníonn sí na cluichí ina cuid scríbhneoireachta agus as an réimse leathan seánraí atá foilsithe aici. An féidir leis na cluicheoirí óga uafás a réiteach sa leabhar Hóng?
Duibhlinn na Lochlannach atá ag Máire Zepf ina leabhar Lá Leis na Lochlannaigh agus obair le déanamh ag na déagóirí óga. Déarfainn nach aon strainséir í Zepf don dream óg mar gur dóigh go mbeidh leabhar aoibhinn do pháistí dá cuid feicthe acu roimhe seo.
Smuigléireacht sa nGaeltacht atá ag Micheál Ó Ruairc ina leabhar Tóraíocht Taisce.
Do na daltaí sa dara agus sa tríú bliain den tSraith Shóisearach tá cúig leabhar eile luaite sa gcatalóg seo ó CIC. Deirtear linn go mbeidís seo feiliúnach do dhaltaí T1 agus T2, rud a insíonn a scéal léanmhar féin faoin rangú sin.
Na cluichí ríomhaireachta agus an teicneolaíocht atá arís ag Anna Heussaff san úrscéal Sárú agus an t-athrú aeráide agus an bhulaíocht lárnach sa scéal.
Labhairamach.com an teideal atá ar úrscéal Áine Uí Fhoghlú agus mar a thuigfeá ón teideal tá an bhulaíocht agus na meáin shóisialta ina lár.
Tromluí a thug Áine Ní Ghlinn ar an úrscéal seo agus buachaill ina aonar i mbothán agus gan fhios aige céard a rinne sé, cé hé féin nó an fíor a bhfuil á leagan air.
Cúpla atá ar úrscéal údar eile na Rinne, Ógie Ó Céilleachair, agus an bheirt deirfiúracha ag réiteach don ‘Teastas Sóisearach’ ach ag cúig bliana déag is iomaí sin uafás a thagann an bealach.
Oisín i ndiaidh na Féinne atá mar ábhar ag an scríbhneoir as Cill Chiaráin, Jackie Mac Donncha ina úrscéal An Mianadóir. Nuair a fhilleann an t-imirceach ní aithne is suáilceas atá roimhe ach amhras is doicheall.
Tá cúig leabhar eile ag Cló Iar-Chonnacht ina bhfuil na gearrscéalta atá leagtha síos don dá dhream sa tSraith Shóisearach [T1 agus T2] – Bróga Johnny Thomáis le Jackie Mac Donncha, Sciorrann an tAm le Orna Ní Choileáin, Idir Dhá Thír le Alex Hijmans, Katfish agus Scéalta Eile le Ógie Ó Céilleachair agus Ó Pheann an Phiarsaigh le Pádraic Mac Piarais.
Chomh maith leis na leabhair sin moltar leabhair agus tairgtear comhairle maidir le stoc don leabharlann scoile. Comhairle í sin arbh fhiú tarraingt uirthi mar tá cleachtadh ag an gcéad bhliain sin ar leabhar a roghnú dóibh féin sa mbunscoil. Luaitear saothair eile ó na húdair chéanna ach clasaicí na Gaeilge chomh maith – Ó Conaire, Ó Flaithearta, Ó Direáin.
Is fiú cuimhneamh ar an saothar le Cathal Ó Sándair atá díreach athfhoilsithe ag an nGúm céad bliain ó rugadh an t-údar. Le gairid thug mé An tEitleán Dofheicthe do bhean óg a raibh an teicneolaíocht ón mbroinn léi agus níor chroch sí a smut as go deireadh, rud a chuir iontas orm féin. Thaitin Ó Am go hAm le Patricia Forde [Futa Fata] thar cionn leis an mbeagnach-déagóir céanna. Na Mairbh a d’Fhill an ceann nua eile le Cathal Ó Sándair agus tá Réics Carló ar Oileán Mhanann ar fáil freisin. Tá dhá leabhar ag Alan Titley a thaitin le déagóirí ar m’aithne Gluaiseacht agus Amach.
B’fhiú go mór breathnú ar shuíomhanna na bhfoilsitheoirí eile chomh maith mar tá lear mór foilsithe ag Coiscéim leis na blianta. Tá leabhair áille aistrithe ag Futa Fata do dhaoine faoi 12 agus b’fhiú seiceáil leis an mbunscoil céard atá léite ag na daoine óga ar bheagán Gaeilge a bheidh sa gcéad bhliain.
Ní cóir na haistriúcháin deas nádúrtha atá curtha ar an margadh le cúpla bliain a chur as an áireamh – lón léitheoireachta agus machnaimh sa leabhar Khalil a d’aistrigh Máirín Nic Con Iomaire ón bhFraincis. Coinnigh súil ar an aistritheoir sin mar tá saothar eile ar an mbealach uaithi.
Mura gcothaítear pléisiúr na léitheoireachta go hóg, beidh sé rómhall agus cé go bhfuil fómhar na ndéagóirí fós gortach go maith sa nGaeilge, ag bláthú atá sé.
Baintear sásamh as. Cothaíonn éileamh margadh.
Eilís Ní Anluain
Mholfainn freisin An Garda Cósta agus Raic leis an duais-bhuaiteoir Oireachtais Máire Uí Dhufaigh/Ní Chonghaile as Inis Oírr.