Ainneoin chith na ngealltanas atá feicthe againn ó thosaigh feachtas an olltoghcháin, tá gealltanas amháin nár tugadh fós, agus nach dtabharfar.
Tá ceannairí éagsúla ag tabhairt le fios nach mbunóidh siad comhrialtas le páirtithe áirithe. Tabhair faoi deara áfach nach bhfuil briathra mar seo ná a macasamhail ráite fós acu faoi pháirtí nó faoi pháirtithe eile:
‘Geallaimid nach rachaimid i gcomhrialtas leo sa Dáil nua. Geallaimid freisin nach n-athróidh ár neamhthoil fiú mura mbeidh rogha comhrialtais eile ar fáil agus fiú más olltoghchán eile a bheidh mar thoradh ar ár neamhthoil.’
Ní chloistear gealltanas dá leithéid ar chúis mhór shoiléir amháin: is féidir a bheith cinnte tar éis gach olltoghchán nach dteastaíonn toghchán eile gan mhoill ó Theachta Dála ar bith.
Ní féidir gach intinn a athrú go gasta ar ndóigh, ná gach margadh comhrialtais gan choinne a dhéanamh faoi dheifir. Tar éis an olltoghcháin in 2020 thóg sé breis agus ceithre mhí ar na páirtithe a bhunaigh an rialtas atá ar tí dul as oifig comhaontú comhrialtais a chur le chéile.
Is sampla breá den volte face polaitiúil nár chóir a chur as an áireamh riamh a ndúirt Micheál Martin roimh an olltoghchán sin agus a ndearna sé ina dhiaidh.
Ainneoin socrú muiníne agus soláthair a choinnigh Fine Gael i gcumhacht a bheith curtha i bhfeidhm ag a pháirtí ar feadh ceithre bliana roimhe sin, chuir Micheál Martin comhrialtas idir an dá pháirtí as an áireamh.
“Is mian leis an bpobal go gcuirfí Fine Gael as oifig,” a dúirt sé coicís roimh lá na vótála in 2020.
Chuir sé a ráiteas faoi mhian an phobail i leataobh áfach tar éis na vótála agus a pháirtí ag dul in oifig le Fine Gael agus na Glasaigh. Mar is léir ón stair, chuir scata ceannairí eile a ráitis réamhthoghcháin i leataobh ar dhóigh nach raibh á thuar ag mórán go dtí gur fhógair siad cur chuige nua.
Roimh olltoghchán 1989, cháin an Páirtí Daonlathach polasaithe Fhianna Fáil agus an Taoiseach Cathal Ó hEochaidh go géar. Chuaigh siad i gcomhrialtas le chéile tar éis don Teachta Daonlathach Mary Harney labhairt leis an scríbhneoir seo faoin “dualgas” a bhí ar a páirtí comhrialtas a bhunú tar éis toghcháin nár chuir aon fhéidearthacht rialtais eile ar fáil.
Roimh olltoghchán 1992, rinne ceannaire an Lucht Oibre Dick Spring cáineadh géar leanúnach ar Fhianna Fáil. Níor shíl duine ar bith sa tír go smaoineodh a pháirtí ar dhul i gcomhrialtas le Fianna Fáil ina dhiaidh, ach is amhlaidh a tharla.
Arís in 2007, is beag duine a shíl roimh olltoghchán na bliana sin go mbeadh fonn ar an gComhaontas Glas ná ar Fhianna Fáil dul i mbun comhrialtais le chéile, ná go mbeadh gá lena leithéid. Nuair a fágadh an páirtí mór gann ar vótaí sa Dáil, rinneadh margadh gan choinne leis na Glasaigh chun comhrialtas gan choinne a bhunú.
Is fiú cuimhneamh ar eachtraí dá leithéid agus breithniú tomhaiste á dhéanamh ar ráitis cheannairí Fhine Gael agus Fhianna Fáil le cúpla lá faoi chúrsaí comhrialtais.
Dúirt Simon Harris leis an Irish Times (a) go mbeadh sé in aghaidh comhrialtas le Sinn Féin ar bhonn polasaí agus (b) nach mbeadh sé i bhfabhar comhrialtais a mbeadh níos mó ná trí pháirtí ann – ráiteas a chuir as an áireamh comhrialtas le cónaidhm ina mbeadh an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus an Comhaontas Glas páirteach.
Tá cónaidhm dá leithéid molta ag Ivana Bacik agus ag na Glasaigh gan focal ina choinne ná ina fhabhar ráite fós ag na Daonlathaithe Sóisialta. Ach sin scéal eile.
Bhí a ndúirt Micheál Martin faoi chúrsaí comhrialtais Déardaoin simplí agus, déanta na fírinne, páistiúil. Dar leis nár léirigh ceannaire Aontú Peadar Tóibín meas mar ba chóir ar Fhianna Fáil nuair a thug sé crotal folamh idé-eolaíoch* ar an bpáirtí le linn díospóireacht na gceannairí ar RTÉ. Theastódh meas air féin agus ar a pháirtí, a dúirt sé, agus ní bhunódh sé comhrialtas le hAontú dá éagmais.
Is leor cuimhneamh ar ionadaíocht Aontú sa Dáil dheireanach mar léiriú ar an ainmheasarthacht áiféiseach a bhí follasach i gcaint Mhicheál Martin.
Tuilleann a ndúirt ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael dearcadh níos déine agus níos amhrasaí i measc vótálaithe agus i measc iriseoirí go háirithe.
Ní ar thuairimí ná ar roghanna na gceannairí is dóichí a chuirfear an chéad chomhrialtas eile le chéile. Ní fúthusan ach faoi na vótóirí atá sé na roghanna is cinniúnaí a dhéanamh Dé hAoine seo chugainn.
Is ar na páirtithe agus ar na neamhspleáigh a thoghfar, b’fhéidir, a bheidh an dualgas, mar a thug Mary Harney air sular bunaíodh an chéad chomhrialtas gan choinne i 1989, déileáil le toradh iomlán na vótála.
Idir an dá linn, cuimhnigh ar a ndúirt Bertie Ahern ar chlár teilifíse sa Bhreatain sular bunaíodh comhrialtas gan choinne idir na Coimeádaigh agus na Liobrálaigh in 2010.
Is éard a theastaíonn thar aon rud eile chun comhrialtas a bhunú i bparlaimint ar bith, a dúirt sé, a bheith ábalta comhaireamh.
* “A hollow ideological husk” a thug Peadar Tóibín ar Fhianna Fáil.
Fág freagra ar 'A cheannairí uaisle, ná cuirigí an iomarca ama amú ag cur roghanna comhrialtais as an áireamh'