Nach muid atá buíoch go raibh na ceamaraí i láthair chun eipic iomána Uladh a thaispeáint

Deir ár gcolúnaí go raibh an cluiche idir Sleacht Néill agus Bun Abhann Dalla i mbabhtaí leathcheannais Uladh an deireadh seachtaine seo caite chomh maith le haon chluiche atá feicthe aige

Nach muid atá buíoch go raibh na ceamaraí i láthair chun eipic iomána Uladh a thaispeáint

Ruairí Óg agus Se McGuigan. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Tar éis dom deis a fháil anáil a tharraingt faoi dheireadh oíche Dé Sathairn seo caite i ndiaidh an chluiche dochreidte iomána a bhí feicthe agam, rinne mé cuid maith machnaimh faoi cad a bhí feicthe agam ar an teilifís ó Pháirc Lúthchleasaíochta Ard Mhacha.

An chéad rud a rith liom ná ar cheapas gur cluiche ‘ceart‘ iomána a bhí feicthe agam idir Sleacht Néill agus Bun Abhann Dalla i gcluiche leathcheannais Uladh? Níl ach freagra amháin air sin, is dócha. Táim ar an saol seo sách fada gur cuimhimh liom cluichí iontacha ó na seascaidí, ó na seachtóidí agus agus ó na hochtóidí agus is cinnte gur léirigh ceann an tSathairn seo caite gach a bhfuil go fíormhaith faoinár gcluiche ársa.

Ó thosaigh foirne iomána ag foghlaim agus ag tógáil ón bpeil roinnt blianta ó shin, tháinig cúlú ar an iomáint mar thaispeántas. Bhí an iomarca béime ar fad ar sheilbh na liathróide agus tá fós. Bhí an iomarca foirne freisin ag úsáid an chosantóra le cois rómhinic ar fad.

Tá an iomáint níos iontaí agus níos tarraingtí ná an pheil mar chluiche agus léiríodh é sin an samhradh seo nuair a chonaiceamar cluichí den scoth, cluiche ceannais na hÉireann ina measc, a bhí seanfhaiseanta ar bhealaí.

In Ard Mhacha seachtain ó shin, bhí cluiche thar na bearta eile againn idir cumann Eiméid as Sleacht Néill agus fir Ruairí Óg Bhun Abhann Dalla. Bhí RTÉ ar an láthair agus iad ag craoladh a gcéad chluiche riamh ó Chraobh Shinsir Iomána Uladh agus buíochas le Dia go raibh.

Bhí an cluiche seo ina eipic lán d’eachtraí ó thús go deireadh agus muid faoi gheasa aige i rith an ama. Léirigh an dá thaobh ardráta agus ardchumas scórála agus breis is seasca scór feicthe againn ar fad, Sleacht Néill ag buachan ar scór 1-36 in aghaidh 3-26.

Is iad an dá fhoireann is láidre sa chúige agus ní hé seo an chéad uair go raibh cluiche den scoth eatarthu agus dhá eipic eile eatarthu in 2014 agus ’15, cluichí a bhuaigh cleas Aontroma faoi dhó le scór amháin i ndiaidh am breise.

Ó thús an chluiche ar an Satharn bhí sé an-soiléir go raibh an dá fhoireann chun an modh díreach a úsáid ach nach raibh faitíos ar imreoirí iarrachtaí ar scór a thógáil ó bheagnach aon áit ar an pháirc. Chonaiceamar cuid mhaith cúilíní míorúilteacha agus trí chúl iontacha ón réalta Neil McManus, a chríochnaigh le 3-9 agus gan ach trí phointe de sin faighte ón imirt. Bhí an cúl a fuair sé ag fíordheireadh an ghnáth-ama thar barr. Bhí a gcuid réaltaí féin ag Sleacht Néill freisin agus seacht bpointe faighte ag laoch peile Dhoire, Brendan Rodgers, a bhí go hiontach ar fad, mar a bhí an t-imreoir láir páirce Jack Cassidy, a scóráil 0-6.

Fir Phort an Pheire a sheasann anois idir Sleacht Néill agus craobh an chúige agus an chluiche ceannais sin le bheith ann Dé Domhnaigh seo chugainn.

N’fheadar an mbeidh aon eipic againn i gcúige Laighean an Domhnach beag seo agus an dá chluiche leathcheannais ar siúl. Sa chéad chluiche beidh Baile Chaisleáin Mhic Eochagáin na hIarmhí, agus iad lán de mhuinín i ndiaidh an ghreadta a thugadar do Bhaile Mhic Andáin an Domhnach seo caite, i gcoinne sheaimpíní Uíbh Fhailí, Cill Chormaic–Cill Achaidh.

An rud is annamh is iontach do leaids na hIarmhí ach beidh orthu an gaisce a dhéanamh arís amárach i gcoinne Chill Chormaic agus Adam Screeney agus Cillian Kiely i measc na n-imreoirí cumasacha atá acu. Beidh sé sin deacair measaim.

Beidh an cluiche sin le feiceáil ar TG4 ach ní bheidh an cluiche leathcheannais eile idir na Fianna ó Bhaile Átha Cliath agus Naomh Máirtín Loch Garman.

Ag an bpointe seo, agus seaimpíní Chill Chainnigh cloíte, caithfidh go bhfuil a lán dóchais agus misnigh ag na ceithre foirne atá fágtha go bhfuil siad maith go leor le Corn Uí Néill a bhuachaint. Chaill na Fianna sa gcluiche ceannais anuraidh agus d’fhéadfadh an taithí sin iad a spreagadh amárach.

Fág freagra ar 'Nach muid atá buíoch go raibh na ceamaraí i láthair chun eipic iomána Uladh a thaispeáint'

  • Carraig

    ‘An iomarca béime ar sheilbh an tsliotair.”
    Galar is ea é sin atá ag galrú, ag bochtú, ag milleadh agus ag moilliú na hiomána go mór, dar liom.
    Tosaithe istigh sa chearnóg bheag is iad ag iarraidh an sliotar a thabhairt chun láimhe nuair atá béal an chúil oscailte amach rompu.
    Trí ghluaiseacht ar leithligh a thógann sé chun an sliotar a ardú ón talamh, ach is leor aon bhuille amháin chun tarraingt air agus é ‘chuir i gcúinne an eangaigh.
    Leath-shoicind amháin…faitheadh na súl.
    N’fheadair an báireoir faic mar gheall air.
    Cuireann sé le báiní mé nuair a fheicim an mhéiseáil sin.
    Agus bítear ag callaireacht mar gheall ar thapúlacht an chluiche iomána nua-aimseartha seo.
    An aithris leadránach shíoraí ó láimh go láimh ceann eile acu, sall is anall, siar is aniar, lupadaíl lapadáil.
    Galar na peile ag dul fén iomáint.
    An clár céanna, an stíl chéanna, an leagan céanna.
    An bhfuil níocháin intinne déanta ar aigne an iománaí anois chomh maith le cách?
    Nuair a chacann gé cacann siad go léir!

  • Carraig

    trí ghníomh chun an sliotar a ardú agus í ‘bhualadh…