Tá corp faighte ag na seirbhísí tarrthála sa chuardach do Mháire Ní Fhátharta, an snámhaí mná a chuaigh ar iarraidh ag trá i gConamara 11 lá ó shin.
Tuigtear gur lucht cuardaigh héileacaptar R115 an gharda cósta a tháinig ar an gcorp inniu san uisce amach ó Thrá na gCeann i mBearna, an áit a ndeachaigh Máire Ní Fháthartha ar iarraidh ar an 12 Samhain.
Ó chuaigh Máire Ní Fhátharta, 32 bliain d’aois, as Doire Locháin sna Forbacha ar iarraidh tá na céadta á cuardach moch is deireanach, ar muir is ar tír, ó shin.
Bailíodh breis agus €225,000 trí fheachtas GoFundme ‘Tugadh muid Máire abhaile’, ó seoladh é Dé hAoine seo caite le cuidiú leis na bádóirí atá á cuartú ó shin íoc as an mbreosla agus an trealamh tarrthála a bhí ag teastáil le haghaidh an chuardaigh.
Tá an corp tugtha go dtí Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe don scrúdú iarbháis agus níl an té a fuarthas ainmnithe go hoifigiúil go fóill.
Chuaigh an ceoltóir cáiliúil Johnny Duhan ar iarraidh ag an trá chéanna an lá céanna. Fuarthas a chorp an mhaidin sin.
Lillis Ó Laoire
Beannacht Dé le hanam Mháire.