Is minic nuair a iarrtar ar thráchtairí polaitíochta buille faoi thuairim a thabhairt faoi cheist ar leith gurb é an freagra a fhaigheann tú ‘bheinn ar mo bhealach chuig an ngeallghlacadóir dá mbeadh freagra na ceiste sin agam’. Tá ceird ar leith ag lucht an chearrbhachais agus tá daoine ann a chreideann go mbíonn léargas ar leith acu fad agus a bhaineann le tuar na polaitíochta.
Má ea, is fiú breathnú ar a gcuid suíomhanna idirlín faoi láthair. Cé nach bhfuil aon dáta ar leith tugtha, tá siad ar fad ag tuar go mbeidh ceannaire nua ar Fhianna Fáil roimh an gcéad olltoghchán eile agus go mb’fhéidir go mbeadh Jim O’Callaghan nó Darragh O’Brien in oifig an Taoisigh faoin tráth sin. Déanta na fírinne, agus ag éisteacht leis na tuairiscí faoina bhfuil ag tarlú taobh istigh de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil le seachtain anuas, is léir go bhfuil Mícheál Martin ag teannadh le deireadh a thréimhse mar cheannaire.
Tá na síniúcháin don rún mímhuiníne á mbailiú i measc bhaill an pháirtí parlaiminte, cé gur cosúil nach bhfuil cruinnithe go fóill ach na déaga. Agus má éiríonn le lucht a cháinte, an bhfuil aon duine a bhfuil a dhóthain tacaíochta aige i measc a chomhghleacaithe leis an Máirtíneach a dhíbirt? Foilsíodh ainmneacha an tseachtain seo díobh siúd atá ag iarraidh a dhúshlán a thabhairt agus chothaigh sin fearg i measc lucht a cháinte. Ní theastaíonn ó mhórán é a dhíbirt go tobann agus tá dátaí idir Nollaig na bliana seo agus tús na bliana 2027 dá lua.
Níor mhór don pháirtí a bheith cúramach agus iad ag tabhairt faoin ruathar seo. Tá go leor den chreidiúint ag dul do Mhícheál Martin as aiséirí Fhianna Fáil tar éis na tubaiste eacnamaíochta. Thug sé ar ais i rialtas an páirtí cé go bhfuil amhras ar roinnt den tseanaicme thraidisiúnta sa bpáirtí faoin bhfiúntas a bhaineann le comhrialtas le Fine Gael. Caithfear an chreidiúint sin a thabhairt dó. Tá Fianna Fáil le comóradh a dhéanamh ar chéad bliain a mbunaithe an bhliain seo chugainn – an bhfuil fonn orthu a bheith in adharca a chéile go poiblí faoin tráth sin?
Ar cheart Martin a bheith díbeartha roimhe sin agus an páirtí a bheith ag díriú ar thús nua tar éis phraiseach an toghcháin uachtaránachta, gan trácht ar chonspóid Ivan Yates. Chuir an scéal áirithe sin le fearg agus díomá na mball agus an phobail agus is cinnte go ndearna sé tuilleadh dochair d’fhear Chorcaí. Beidh fothoghchán i nGaillimh Thiar as seo go ceann leathbhliana agus cé gur drochthomhas fothoghcháin ar thacaíocht páirtí go ginearálta, má bhíonn drochthoghchán ag Fianna Fáil thiar, beidh marc eile in aghaidh a gceannaire.
Go dtí go mbíonn iarrthóir aitheanta tagtha chun cinn atá sa tóir ar cheannaireacht Fhianna Fáil, is deacair a bheith cinnte cén uair a chuirfear an ruaig ar Martin. Tá sé faoi bhrú ach go dtí go gcuireann Jim O’Callaghan nó Darragh O’Brien nó Dara Calleary iad féin sa bhearna bhaoil agus dúshlán an cheannaire a thabhairt is tuairimíocht agus cogarnaíl atá ar siúl agus ná bíodh iontas ar aon duine againn má bhaineann sé roinnt míonna eile amach mar cheannaire.
Fág freagra ar 'Bainfidh Micheál Martin tamall eile as ceal céile comhraic'