Bailiúchán mór scríbhinní Briotáinise aimsithe i seanscioból

An bailiúchán mór scríbhinní agus seanmóirí a bhí ar marthain i ngan fhios do chách in Erdeven, is sampla é de rud a tharlaíonn ó am go chéile, fiú más go hannamh é

Bailiúchán mór scríbhinní Briotáinise aimsithe i seanscioból

Aimsíodh bailiúchán mór scríbhinní i dteanga na Briotáinise i gceantar Gwened (Vannes) i ndeisceart na leithinse le deireanas. Is i seanscioból in aice le teach na sagart i mbaile Erdeven a bhí an stór. Tharla go rabhthas ag folmhú an sciobóil nuair a tugadh suntas don bheart mór lámhscríbhinní a bhí faoi cheilt ann. Baineadh stangadh as lucht glanta na háite nuair a thuig siad nach seanpháipéar gan tairbhe a bhí ann ach rud a chuirfeas go mór le hoidhreacht na Briotáinise. Ní láithreach bonn a tuigeadh go díreach cén saibhreas a bhí i gceist. Cuireadh fios ar na saineolaithe cuí ó Ollscoil Roazhon (Rennes), agus scríobhadh an chéad chuntas ar an mbailiúchán. Is eolas ón gcuntas seo a foilsíodh i bpáipéir na Briotáine le seachtain anuas.

Tá scríobh dhá láimh le haithint ar an ábhar, agus is fios anois gur saothar le beirt shagart a bhí ag obair i bparóiste Erdeven atá i gceist. Tá meascán ábhar ann, aistriúcháin ó Fhraincis go Briotáinis, cuir i gcás, ach is seanmóirí de chuid an bheirt sagart atá i dtromlach na scríbhinní. Idir saothar na beirte, tá 445 seanmóir le háireamh ann.

Is fiú a lua gur i gcanúint an Gwenedeg (Vannetais) atá na seanmóirí scríofa. Tá ceithre phríomhchanúint sa mBriotáinis, agus is canúint ar leith atá sa Gwenedeg. Tá ársaíocht ag roinnt le béim na siollaí inti, rud a d’imigh as na canúintí eile i dtús stair na teanga sa séú haois nó mar sin.

Bhí an Bhriotáinis á labhairt go forleathan i gceantar Gwened (Vannes) go dtí an dara cogadh domhanda, ach tá sí imithe i léig anois, go mór mór ó na seascaidí i leith. Is amhlaidh atá ar fud na Briotáine. I dtús na haoise seo caite, bhí os cionn milliún cainteoir Briotáinise ann. Lá den saol, idir 1890 agus 1920, bhí léamh na Briotáinise ar a dtoil ag sciar mór den phobal. Faoin am seo áfach, níl i líon na gcainteoirí Briotáinise ach rud is lú ná ceathrú milliún duine, agus tá nós na léitheoireachta caite i dtraipisí. Formhór na gcainteoirí Briotáinise atá fágtha, is roimh 1950 a rugadh iad ionas nach féidir a shéanadh gur laghdú suntasach eile atá i ndán as seo go ceann scór bliain.

Is mithid a rá nach bhfuil ach teanga oifigiúil amháin sa bhFrainc, an Fhraincis féin, ach bíodh sin mar atá, tá athrú meoin le sonrú ar lucht na meán i leith na Briotáinise i láthair na huaire. Baineann an t-athrú meoin seo leis an mbéim atá ar shaibhreas na réigiún i gcultúr na Fraince. Ar chlár nuachta TFI ag am lóin faoi láthair, cuir i gcás, tá sraith míreanna á craoladh a bhfuil fócas iontu ar ‘na teangacha réigiúnda’. Orthu sin tá an Bhascais, an Langue d’Oc, Gearmáinis Alscace, agus an Bhriotáinis. Bíonn beagán Briotáinise ar France 3 ó am go chéile, ach ní dóigh gur craoladh mír oifigiúil de chaint na Briotáinise ar fud na tíre ar TFI cheana.

An bailiúchán mór scribhinní agus seanmóirí a bhí ar marthain i ngan fhios do chách in Erdeven, is sampla é de rud a tharlaíonn ó am go chéile, fiú más go hannamh é. I bhfómhar na bliana 2013 más ea, aimsíodh bailiúchán seanamhrán ar an áiléar i seanteach i Lannion. Bhí 500 amhrán sa mbailiúchán, amhráin a bailíodh ó bhéal na ndaoine go háitiúil thart ar an mbliain 1900. Bean darbh ainm Constance Le Mérer (1857-1945) a bhí sa té a bhreac na hamhráin ar pháipéar. Foilsíodh an cnuasach in 2015. Is é Bernard Lasbleiz a chuir in eagar é, i bpáirt leis an Dr Daniel Giradon. Beifear ag súil le rogha de sheanmóirí Erdeven a fheiceáil i gcló amach anseo.

Fág freagra ar 'Bailiúchán mór scríbhinní Briotáinise aimsithe i seanscioból'

  • Roddy

    Alt fíorshuimiúil. Do thuigeas go raibh an teanga dúchais i ndrochstaid ansin ach “Furmhór na gcainteoirí Briotáinise atá fágtha is roimh 1950 a rugadh iad.”
    Os cionn deich mbliain ó shin agus mé sa Bhriotáin níor chualas aon dune ag caint i mBriotánais fiú i sráidbhailte bheaga i lár na tíre i bhfad ó na turasóirí. Cuireadh na hamhráin Briotáinise i láthair i bhFraincis ag an Fest Noz áitiúil.
    As an 250,000 cainteoir sin cé méid a bheadh faoi 20? An mbíonn ceist i ndonáirimh na Fraince faoin teanga baile?

  • Des O Murchu

    Da naimseoidh na scribhinn sin in Eireann bheithdis caite I skip ! Des O Murchu

  • Diarmuid Johnson

    Móradh, a Roddy! Míle buíochas as an alt a léamh. Maidir le do cheist, níl faoi bhun an scór ach roinnt milte atá ag freastal ar scoileanna Briotáinise. Silím gur 3-5 meánscoil Bhriotáinise atá ann.
    DJ

  • Risteard

    Tá an Briotáinis i droch-staid, ach mar in Éirinn, leis an nGaeilge, tá go leor cainteoirí ag troid airson a dteanga: https://www.google.co.uk/amp/s/mobile.francetvinfo.fr/societe/education/apres-40ans-d-existence-les-ecoles-d-enseignement-en-breton-de-plus-en-plus-prisees-dans-la-region_2537111.amp