Tá mé idir dhá chomhairle fós faoi na hathraithe ar rialacha imeartha sa bPeil Ghaelach. Ba bheag an cúnamh dom ach an oiread gach a bhfaca mé sna cluichí idirchúige inar baineadh triail astu an deireadh seachtaine seo caite.
Ní fhaca mé ceachtar acu ó thús deireadh – giotaí anseo agus ansiúd. Go fiú dá mbeadh a n-iomlán feicthe agam ní móide gur mórán níb fheasaí a bheinn. Níos minicí ná a chéile ina leithéid de chás ní féidir breithiúnas ceart a thabhairt faoina bhfiúntas nó a mhalairt go mbeidh dornán cluichí sraithchomórtais nó craoibhe feicthe againn.
Agus an méid sin ráite, níos cinnte fós atá mé anois gurb í an phasáil láimhe agus coimeád na seilbhe atá ag lot an chluiche faoi láthair. Mar atá ráite agam anseo cheana níl de leigheas air sin ach tuilleadh den pheil choise a thabhairt isteach. Ní léir dom go bhfuil dóthain sna moltaí atá déanta agus a dhéanfas sin.
Ní mórán ábhar dóchais dom ach an oiread go bhfeicim nuachtáin ag maíomh go bhfuil eolas acusan cheana féin faoi leasú a bheith i ndán do chuid de na moltaí agus gan iad pléite chor ar bith fós ag teachtaí CLG.
Beidh le feiceáil.
Tugann sracfhéachaint siar ar stair CLG le fios gur eagraíocht é Cumann Lúthchleas Gael atá sásta athrú de réir mar a athraíonn an saol féin – fiú más go righin réidh a dhéanann siad amhlaidh scaití.
Murach sin ní bheidís chomh spleodrach fuinniúil bríomhar agus atá, ná chomh daingnithe sin sa bpobal – seacht scór bliain tar éis a mbunaithe.
Ba sa mbliain 1885 a liostáladh rialacha na peile den chéad uair. Bhí duine agus fiche ar chaon fhoireann – iad ar fad i lár na páirce nuair a caitheadh isteach an pheil. Ar chuma an tsacair a bhí na postaí agus ba chúil amháin a shocraigh toradh na himeartha.
D’fhág sin go mb’iomaí coimhlint a chríochnaigh agus gan aon scór i gceist – má cheapann tú go bhfuil an iomarca sna 400+ pas láimhe a fheictear i gcluichí craoibhe an lae inniu, samhlaigh mar a bheadh agus dosaen imreoirí breise ar an bpáirc!
Mar leigheas air sin a tugadh isteach na cúilíní bliain dár cionn – ach ní raibh aon fheidhm leo ach amháin sa gcás go mba ar chomhchéim ó thaobh cúl de a bhí na foirne faoi dheireadh na himeartha. Bhuafadh 2-0 ar 1-4, cuir i gcás.
Mar atá inniu i bPeil na hAstráile a bhí na postaí anois – ceithre cinn acu agus cúilín cláraithe as an liathróid a chur idir na cinn ab fhaide amach.
Faoin am a dtáinig 1901 bhí líon na n-imreoirí laghdaithe (17 anois), ionadaithe ceadaithe dóibh siúd a gortaíodh, feadóg tugtha don réiteoir, méid na liathróide féin laghdaithe agus gan cead ag an té a raibh seilbh aige uirthi níos mó ná 4 chéim a ghlacadh. Bhí maoir chúil agus líne tagtha i gceist freisin.
Tráthúil go leor 100 bliain ó shin freisin deineadh iarrachtaí foirne a spreagadh tabhairt faoi chúil a scóráil. Rinne coiste an lae inniu plé ar mholadh go gcuirfí luach ceithre chúilín ar a leithéid.
Níos flaithiúla fós ná sin a bhí siad in 1892 nuair a socraíodh go mb’ionann cúl agus cúig chúilín. Cúpla bliain dár gcionn measadh sin a bheith rófhlaithiúil agus glacadh leis na trí phointe atá i réim ó shin.
Ba i 1910 a facthas na postaí ar dhéanamh H atá againn inniu agus trí bliana dár gcionn, socraíodh gur 15 an taobh a bheadh i gceist.
Dáiríre ina dhiaidh sin, ba bheag athrú suntasach a chuir Cumann Lúthchleas Gael ar rialacha na peile go dtáinig 1945 nuair a tháinig an cic taobhlíne i gceist. Le caitheamh na liathróide a chuirtí tús leis an imirt ina leithéid de chás go dtí sin.
Socraíodh 80 nóiméad imeartha a bheith i gceist i gcluichí sna Craobhacha Sinsearacha i 1970, tráth ar ceadaíodh freisin cic saor tapa a ghlacadh.
Cúig bliana dár gcionn filleadh ar an 70 nóiméad. B’in an uair freisin ar ceadaíodh an pas leis an lámh oscailte, ar tugadh an liathróid chun cinn as easaontú leis an réiteoir agus inar socraíodh imreoir a bheadh ciontach as trí fheall pearsanta a dhíbirt den pháirc.
Le fírinne is athruithe fánach go leor iad na cinn atá feicthe ó shin sa bPeil Ghaelach agus san iomáint – ar bhonn sábhála a cuireadh go leor acu i bhfeidhm – clogaid san iomáint agus cosaint fiacla sa bpéire acu san áireamh.
Imreoirí na camógaíochta féin a d’éiligh cúigear déag a bheith freisin ar an bpáirc acusan (1999), mar a bhíonn ag na fir. Ba iad a d’iarr cead a bheith acu a chéile a ghuailleáil – mar a bhí i gcluiche na bhfear.
Níl Peil na mBan chomh fada sin ar an mbóthar agus go mbeadh mórán athruithe bunúsacha tagtha ar a gcuid rialacha siúd. Bí cinnte nuair a theastóidh a leithéid go dtiocfaidh siad mar go bhfuil an chuma agus an cháil orthu a bheith forásach go leor.
As na seacht moladh atá coiste Jim Gavin a chur chun cinn, is é an ceann a bhaineann leis an gcúl báire an ceann is mó a mbeidh tionchar aige ar an imirt ach glacadh leis. Tá sé thar a bheith simplí. Níl ach dhá áit ar an bpáirc inar féidir leis an gcúl báire glacadh le pas – ina chearnóg féin agus sa leath sin de pháirc is faide óna chúl.
Go bunúsach is athbhreithniú atá ann ar ról an bháireora agus cealú ar an mbealach ar athraigh Rory Beggan, Niall Morgan, Ethan Rafferty agus a leithéidí a chúraimí siúd ó bhonn le blianta beaga.
Agus na 1980idí ag drannadh lena ndeireadh bhí an clamhsán céanna le cloisteáil ó lucht an tsacair agus atá at teacht ó lucht leanta na peile Gaelaí inniu. Bhí a gcluiche scriosta, dar leo ag an imirt chosantach dhiúltach mhítharraingteach mhall a bhí tagtha chun cinn. Cluiche leamh, leadránach ab ea an sacar anois.
Thug Corn an Domhain 1990 leis buille maraithe na muice.
Idir an 9- 21 Meitheamh 1990 chuaigh 24 foireann chun páirce sna réamhbhabhtaí inar imríodh 36 cluiche. Chuaigh an tírín bheag sin againne glanoscartha as a meabhair ar fad agus chríochnaigh muid 1-1 le Sasana agus an Ísiltír agus 0-0 leis an Éigipt.
Tábhacht dá laghad ní raibh le huimhreacha agus ní mba mhilleán sin ná ábhar iontais.
Bhí an chuid eile den domhan iad féin ag dul as a meabhair ach go mba leadrán a bhí á gcur siúd le báiní.
Sna 36 cluiche a imríodh sna babhtaí sin bhí naoi gcinn acu taobh le haon chúl amháin, chríochnaigh foireann amháin folamh in aon cheann déag eile agus ní bhfuair ceachtar taobh aon scór i bpéire.
Ní mórán níb fhearr a bhí na babhtaí ceathrú ceannais 0-0 sa gcluiche idir an Airgintín agus an Iúgslaiv, 0-0 i bpéire eile.
Ciceanna éirice a shocraigh an dá chluiche leathcheannais a chríochnaigh 1-1 agus cúl amháin a facthas sa gceann ceannais inar bhuaigh an Airgintín ar an nGearmáin Thiar.
Ag an am ní raibh aon chosc ar imreoir an liathróid a sheoladh de chic ar ais chuig a chúl báire féin in am an ghátair – scaití ba gheall le bheith ag breathnú ar chluiche ‘ping pong’ eatarthu a bhí tú.
An t-am á mheilt ach gan aon riail á briseadh.
Thug na staitisticí a bhain leis an gcluiche idir Éirinn agus an Éigipt le fios go raibh an liathróid ina sheilbh ag Packie Bonner ar feadh sé nóiméad.
Tamall ina dhiaidh a tháinig an riail i gceist a chuir bac ar chiceáil na liathróide ar gcúl chuig an mbáireoir.
Athrú a d’oibrigh a bhí sa gceann sin.
Fág freagra ar 'Ba sa mbliain 1885 a liostáladh rialacha na peile den chéad uair – tá na rialacha á n-athrú ó shin'