Is minic a chuireann sé iontas orm go mbeadh éagsúlachtaí chomh mór sin idir dhá chluiche den mhianach céanna spóirt.
Sular thug mé aghaidh ar Chluiche Ceannais Iomána Laighean Dé Domhnaigh seo caite, bhreathnaigh mé ar theilifís ar an gcéad uair an chloig imeartha ina leathbhádóir i gCúige Mumhan.
Is mó de chosúlacht atá idir an salann agus an siúcra ná a bhí idir a bhfaca mé.
Bhí scileanna agus ealaín na hiomána chomh gléineach i nDurlas agus a bhíonn loinnir na Coiribe nuair a osclaítear na geataí ó thuaidh de Chora na mBradán i gCathair na Gaillimhe lá breá samhraidh.
Bhí an neart agus an fuinneamh céanna leis an gcoimhlint a chonaic mé le mo dhá shúil féin níos deireanaí sa lá i bPáirc an Chrócaigh, ach an babhta seo ní baileach go mba fíoruisce a bhí ann.
Ba mhó cosúlacht a bhí aige leis an bhfuarlach donn a thagann anuas ón bportach in Abhainn an Spidéil agus seachtain bháistí faighte againn.
Ná bain an chiall chontráilte as a bhfuil ráite agam. Oiread agus an buille fealltach amháin féin ní fhaca mé idir Cill Chainnigh agus Gaillimh agus chuir a gcuid imreoirí a gcroí agus a n-anam sa gcluiche chomh mór céanna agus a chuir Corcaigh agus Contae an Chláir.
Ní easpa iarrachta, cumais ná scileanna a d’fhág go mba mhó i bhfad snasa a bhí ar an gcluiche ceannais ó dheas ná a bhí ar cheann Laighean. Ba é a bhí ann go raibh cúrsaí chomh lán le teannas i bPáirc an Chrócaigh agus na himreoirí chomh mór sin ar bior agus nach raibh an t-ardán ag na scileanna, mar a bhí ó dheas.
Bhí grianghraf iontach de chuid Stephen McCarthy san Irish Examiner Dé Luain a thugann fíorléargas ar a bhfuil i gceist agam.
Pictiúir é a tógadh agus an sliotar ar tí tuirlingt ar imeall chearnóg Chill Chainnigh agus a mbáireoir siúd Eoin Murphy cromtha ar aire slat amach ón gcúl-líne. Ceithre choisméig uaidh, lasmuigh den chearnóg, tá idir chosantóirí agus ionsaitheoirí ag fanacht léi – ochtar acu plúchta i mullach a chéile in limistéar a chlúdódh braillín shingil.
Tá ceathrar de na hiománaithe chomh gar dá chéile agus i bhfostú ar bhealaí atá i bhfad níos mígheanmnaí ná mar a bhíodh na lánúineacha a bhíodh sagairt a chaitheamh amach as hallaí fadó agus iadsan ag maoirseacht ar na damhsaí ‘boilg’ mar a thugadh muid orthu!
B’in Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Na healaíontóirí ag déanamh builcíní agus an chuid ba mhó de limistéir an rince tréigthe.
Ar Pháirc Tom Semple choinnigh iománaithe Chorcaí agus an Chláir steip agus buille leis an gceolfhoireann. Ní raibh orlach den urlár ansiúd nár leagadar cos air, iad ag luascadh go grástúil, ag iompú agus ag casadh go maorga stáidiúil.
‘Tony Kelly waltzes through the Cork defence’ a dúirt an tráchtaire agus ceathrú huaire caite, sular phasáil an Ceallach an sliotar chuig David Reidy, a bhain croitheadh as an eangach. Ag an tráth sin táim cinnte go raibh fonn ar an bhfear atá freagrach as dromchla na páirce i nDurlas impí ar Podge Collins laghdú ar a chuid taistil nó idir an Coileánach agus an triomach go mbeadh toradh a chuid gairneoireachta féin scriosta faoi thráthnóna.
Bíodh do rogha de na scileanna agat.
Cúilín comhscóir Chorcaí sa chúigiú nóiméad, mar shampla. D’iompaigh Patrick Horgan agus chuir cumhacht agus treo na gaoithe san áireamh agus é ag bualadh an tsliotair. Nó an cúigiú hiarracht a chuir John Conlon thar an trasnán sa gcéad leath. Nó cumas Horgan ó bhuillí saora.
Agus mé ag cuimhneamh slán a fhágáil ag an teilifís agus ar aghaidh a thabhairt ar Pháirc an Chrócaigh bhí drogall orm imeacht agus cén t-iontas. Na foirne ar chomhscór ag 3.22pm nuair ba cheart dom a bheith imithe amach an doras. Mé fós suite deich nóiméad dár gcionn nuair a b’éigean do Podge a bheith sásta le cúilín agus eangach Anthony Nash go láidir ina intinn.
Ní raibh fanta ach dhá nóiméad nuair ab éigean dom teitheadh, ach bhí Corcaigh chun cinn, 2-23 in aghaidh 2-19, ar dhúnadh an dorais dom agus mé ag rá ‘sin, sin’.
Fós agus mé ag casadh síos Bóthar Chluain Life chuala mé ó fhear a raibh raidió aige go raibh Ian Galvin tar éis cúl a scóráil don Chlár.
Ní raibh puth de m’anáil agam nuair a chuir mé mo thóin fúm i bPáirc an Chrócaigh, ach d’fhág mianach na himeartha ansiúd go raibh neart triail agam a theacht chugam féin.
D’fhág an mianach céanna nach raibh sé baileach chomh héasca a theacht ar fhaoiseamh intinne.
Fág freagra ar 'Ba mhó de chosúlacht idir an salann agus an siúcra ná idir cluichí ceannais na gcúigí'