Ba mhasla do phobal na Gaeilge é dá mbeadh díospóireacht uachtaránachta ag TG4

Cinneadh stuama ab ea é ag TG4 gan aon díospóireacht idir iarrthóirí thoghchán na huachtaránachta a bheith acu, ach díol suntais ab ea an míniú a tugadh

Ba mhasla do phobal na Gaeilge é dá mbeadh díospóireacht uachtaránachta ag TG4

Pictiúr: Photocall Ireland / Tony Kinlan

Tá an-díomá ar Liadh Ní Riada faoin gcinneadh nach mbeidh díospóireacht i nGaeilge ar TG4 idir iarrthóirí thoghchán na huachtaránachta.

Dar léi gur “masla do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta” é nach mbeidh a leithéid ann.

Tá a dintiúir cruthaithe go maith ag iarrthóir Shinn Féin fad is a bhaineann sé le seasamh a thógaint ar son na teanga sa tsaol poiblí agus Gaoluinn amháin a labhair sí i bParlaimint na hEorpa ó toghadh í in 2014.

Is trua nach bhfuil a thuilleadh dá leithéid ann thall agus abhus, ach tá léamh eile a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an scéal seo chomh maith.

Is é sin nach údar díomá in aon chor é gur shocraigh TG4 nach mbeadh díospóireacht acu agus gur mhasla do phobal na Gaeilge a bheadh ann dá gcraolfadh TG4 a leithéid.

Ba stuama agus ba shuimiúil an míniú a thug urlabhraí an stáisiúin an tseachtain seo caite ar an gcinneadh seo.

“Ní léir go bhfuil aon bhealach ar féidir díospóireacht chothrom a riaradh, gan sciar mór den chaint a bheith i mBéarla,” a dúirt sé.

Caint chiallmhar í sin, go háirithe i bhfianaise na díospóireachta uachtaránachta a craoladh ar TG4 in 2011.

Ceann de na dúshláin ba mhó a bhain le Teilifís na Gaeilge ó thús ná conas láimhseáil chothrom a dhéanamh ar cheist an Bhéarla ar an stáisiún.

Ghlac formhór na ndaoine leis go gcaithfeadh Béarla éigin a bheith ann chun go dtiocfadh an stáisiún slán, ach leagadh síos prionsabail áirithe i gcaitheamh na mblianta chun a chinntiú nach rachfaí thar fóir leis an gcúram.

Bhí riail leathoifigiúil le fada ann, mar shampla, nach bhféadfadh níos mó ná 30% d’aon chlár Gaeilge a bheith i mBéarla. Bhí tuiscint leis ann gur i nGaeilge amháin a bheadh cláracha beo an stáisiúin.

Mar sin, díscaoileadh an tseanreachta teanga a bhí i gceist le clár uachtaránachta 2011, díospóireacht iarbheo a raibh 90% di i mBéarla. Má bhí an díospóireacht olltoghcháin idir ceannairí na mórpháirtithe in earrach na bliana céanna ar cheann de bhuaicphointí scéal an stáisiúin, ba cheap magaidh ar an-chuid slite díospóireacht uachtaránachta an fhómhair sin.

Micheál D Ó hUigínn an t-aon duine den ochtar iarrthóirí a labhair i nGaeilge le linn na díospóireachta céanna agus ba bhocht an radharc é ag Gaeilgeoireacht leis féin ar an stáisiún Gaeilge a bhunaigh sé 15 bliain roimhe sin.

B’ionann an rud ar fad agus TG4 a bheith ag fógairt gurbh é an rud is tábhachtaí dóibh ná a bheith i lár an aonaigh, ba chuma cérbh í teanga an aonaigh.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo, agus seacht mbliana níos déanaí tá an chuma ar an scéal go dtuigtear anois nach raibh an cur chuige sin cothrom ar na hiarrthóirí agus nach raibh sé cothrom ach oiread ar phobal na Gaeilge.

Údar díomá é gan amhras nach bhfuil dóthain de chéad teanga oifigiúil na tíre ag dóthain de na daoine a bhfuil súil acu a bheith mar chéad saoránach na tíre chun go mbeadh díospóireacht cheart acu ar TG4.

Ach is dea-scéal é nach bhfuil TG4 ag géilleadh athuair don chur i gcéill agus an teaspach gan dúchas a bhain le díospóireacht 2011.

Ní hamháin sin ach ba mhaith an rud é dá scaipfí níos leithne sa stáisiún an tuiscint seo go bhfuil a leithéid de rud ann is an iomarca Béarla i gclár Gaeilge.

Ní tearc na ceisteanna a d’fhéadfaí a chur faoin míniú atá tugtha ag TG4 ar cad ina thaobh nach mbeidh díospóireacht uachtaránachta idir na hiarrthóirí acu.

Ar cheart, mar shampla, cláracha faisnéise a bheith á ndéanamh ag TG4 nach féidir iad a dhéanamh gan “sciar mór” díobh a bheith i mBéarla, go maith os cionn 70% i gcásanna áirithe? Cé chomh dílis is atáthar anois don treoir sin a thugtaí do lucht léiriúcháin nár mhór ar a laghad 70% de chláracha, nach cláracha Béarla iad, a bheith i nGaeilge? Nó cad faoi chláracha beo ar chuma Fleadh TV The Irish Post Awards, ar cuireadh i láthair go dátheangach iad?

Bíonn an dá chineál clár á choimisiúnú ag TG4, cláracha don lucht féachana náisiúnta agus cláracha don chroíphobal teanga.

Sin í an straitéis atá ag lucht an stáisiúin agus iad ag iarraidh a slí a dhéanamh feadh an chosáin achrannaigh a bhíonn le siúl ag gach aon chraoltóir i mionteanga.

Pé is maith nó nach maith linn é, bíonn ar TG4 lucht féachana náisiúnta mór a dhóthain a mhealladh chun a chruthú gur fiú ann iad. Tá dualgais áirithe reachtúla chomh maith orthu.

Ach cá stopann an mealladh agus cá dtosaíonn an géilleadh?

Sin díospóireacht arbh fhiú í a bheith ann.

Fág freagra ar 'Ba mhasla do phobal na Gaeilge é dá mbeadh díospóireacht uachtaránachta ag TG4'

  • Aindrias

    Cuma sa tsioc leothu fé 100% desna fógraí a bheith i mBéarla

  • Urlabhra Each

    Níl ciall leis an méid a scríobhann an t-údar chomh fada is a bhaineann sé le heaspa díospóireachta Gaeilge. Tarlaíonn sé seo i gCeanada agus cuirtear ateangaireacht ar fáil do na hiarrthóirí gan Fraincis, craoltar an leagan aistrithe don lucht féachana agus an té sin ag caint Bhéarla. Cé go mbíonn cumas sa dá theanga ag roinnt iarrthóirí, is minic go mbíonn ach Béarla ag scata acu. Cad chuige nach bhfuil TG4 sásta socrú mar seo a úsáid?

    Is fiú a rá freisin, mura bhfuil díospóireacht uachtaránachta i nGaeilge ann nó fiú le linn toghcháin ghinearála- nach bhfuil TG4 ag cur in iúl do lucht na polaitíochta nach bhfuil aon ghá Gaeilge a bheith acu. Chuile uair a tharraingítear an cheist seo aníos, tuigeann ceannairí na bpáirtithe agus meabhraítear dóibh go mba cheart dóibh Gaeilge áirithe a bheith acu, d’fhonn freastal ar an bpobal sin. Gan na díospóireachtaí seo, tá TG4 ag normálú an Bhéarla. Géilleadh atá ann, dar liom. Is trua é nár thug údar an ailt é sin faoi deara.

  • Concubhar

    Creidim gur cheart go mbeadh diospóíreacht uachtarántacht ar TG4 don Ghaeilge, fiú is go bhfuil ceathrar as an seisear gan Gaeilge a ndóthain chun a bheith páirteach. Deir TG4 go mbeadh an diospóireacht míchothrom nó go mbeadh an iomarca Béarla ann. Ar ndóigh, ní hí an Ghaeilge nó TG4 a chruthaigh an mhíchothromas. Is iad na h-iarrthóirí nach bhfuil Gaeilge acu – nár chuir an dua orthu féin í a fhoghlaim i laethannta a scolaíochta agus seans cothrom ag gach éinne an Ghaeilge a fhoghlaim nó, nuair a chinn siad pé am é go mbeadh siad ag cuir a n-ainmneacha ós comhair an phobail chun a bheith ina n-iarrthóírí d’Uachtarántacht na hÉireann, tír arbh í an Ghaeilge a teanga oifigiúil de réir ár mbunreacht. I gcás iarrthóir amháin ar a laghad, is é sin Seán Gallagher, ba cheart ciall cheannaigh a bheith aige. Ach ar ndóigh, le claonpháirtíocht TG4 agus, is cosúil, eagarthóir Tuairisc, is féidir leis éaló leis an bhfaillí. Tá cead aige a bheith chomh h-aineolach ar cheist na Gaeilge an uair seo is a í sé an uair dheireannach. Ní h-amháin go raibh sé aineolach ach bhí sé maslach anuas ar sin arís sa mhéid is gur chuir sé i ileith na Gaeil go rabhmar ag tromaíocht air. Ag tromaíocht air? Mar go rabhmar ag iarraidh meas a léiriú don teanga naisiúnta agus don Uachtarántacht a raibh sé ag lorg? Ní doigh liom é.
    Tuigimíd go léir na cúinsí ina bhfuil an Ghaeilge faoi láthair agus an mó duine a labhrann í agus nach labhrann í ach ní h-ionann sin is a rá gur gá an prionsabal a géilleadh. Is é an prionsabal ná go go mba cheart go mbeadh cumas sa Ghaeilge ag Uachtarán na tíre agus, go deimhin, ag ceannairí na tíre seo. Prionsabal eile ba chóir a chuir san áireamh go mba cheart go mbeadh pairc imeartha cothrom dos na h-iarrthóírí ar fad agus tá sé eagothrom ar na h-iarrthóirí le Gaeilge go bhfuil diospóireacht i nGaeilge á séanadh orthu a thugadh deis doibh a léiriú go bhfuil siad níos cáilithe don ngradam seo ná na h-iarrthóirí gan Gaeilge. Is comórtas é seo, toghchán, agus má tá iarrthóirí atá níos cáilithe ná iarrthóirí eile, ar rud atá tabhachtach dar liomsa i gcomhlíonadh an róil, tá sé tabhachtach go mbeadh ardán acu sin a léiriú i ndiospóireacht ar an gcraoltóir a bhfuil an Ghaeilge ag croí a misean. Bheadh sé míchothrom an deis sin a shéanadh orthu.
    Samhlaigh dá mba rud é gur taithí gnó an cailíocht a bhí riachtanach nó ábharach don bpost, an leanfadh RTÉ le diospóireacht fiú dá ndéarfadh iarrthóir nó beirt nó fiú ceathrar ná raibh an taithí seo acu? Cinnte leanfadh.
    Nior cheart go mbeadh cros ag iarrthóirí gan Gaeilgear dhiospóireacht Gaeilge ar TG4 nó ar an staisiún. Níor cheart gur ag an duine is lú cumais sa seomra atá an cumhacht stop a chur le imeacht a bheadh ar leas gach éinne eile sa seomra. Tá sé faoin gcraoltóir bealach timpeall ar na fadhbanna a bhaineann le seo a shamhlú ach ní ar TG4 nó ar na h-iarrthóirí le Gaeilge an locht as ucht easpa cumais sa Ghaeilge na n-iarrthóirí eile. Is mór an trua – agus is mór an náire – léargas atá chomh cúng is chomh neamh dhaonláthach a bheith ag eagarthóir Tuairisc agus é ag tacú le seasamh éagórach TG4.
    https://tuairisc.ie/ba-mhasla-do-phobal-na-gaeilge-e-da-mbeadh-diospoireacht-uachtaranachta-ag-tg4/