Ba dheacair Sinéad Burke a shárú mar réalta faisin is stíle in 2019

Tá cuid mhór aitheantais tugtha le bliain anuas don scríbhneoir le Vogue UK a bhí ar an gcéad ‘duine beag’ a fuair cuireadh chuig an Met Gala

Ba dheacair Sinéad Burke a shárú mar réalta faisin is stíle in 2019

Fógraíodh níos luaithe i mbliana go mbeadh an gradam do mhórphearsa faisin na bliana sa Bhreatain á bhronnadh ar an mainicín Naomi Campbell agus gur don dearthóir Giorgio Armani a thabharfaí an t-aitheantas mar ghaiscíoch na bliana 2019.

Dá mbeadh a leithéid de ghradaim le bronnadh sa tír seo níl amhras ar bith orm faoin duine a roghnóinn féin mar réalta faisin is stíle 2019 – an laoch faisin, Sinéad Burke.

Bhí bliain dhochreidte aici. Tá an gníomhaí ar son cearta do dhaoine atá faoi mhíchumas ina scríbhneoir aitheanta anois leis an iris cháiliúil Vogue UK ach is iomaí cúis leis an stádas agus seasamh ar leith atá aici i measc lucht faisin is stíle.

Samhlaigh dá mbeifeá le podchraoladh nua a thosú, cé a beadh uait mar aoi don chéad eagrán? Victoria Beckham a bhí faoi agallamh ar feadh 45 nóiméad ag Sinéad Burke ina podchraoladh nua ‘As Me with Sinéad’. Bhí Jamie Lee Curtis ansin aici agus an t-amhránaí Hozier.

Níos luaithe i mbliana, i mí na Bealtaine, bhí sí ar an gcéad duine beag riamh a fuair cuireadh le freastal ar an Met Gala i Nua-Eabhrac. Tá an Met Gala aitheanta mar an ócáid is mó agus is tábhachtaí i saol an fhaisin gach bliain. Dúirt sí go raibh sé mar “aidhm” agus mar “bhrionglóid” aici le fada a bheith i láthair ann ar an gcairpéad déag ag an ócáid nach féidir ticéad lena haghaidh a cheannach ar ór nó ar airgead ó tharla gur le cuireadh amháin is féidir dul ann.

Gúna a dhear Gucci go speisialta di a chaith sí an oíche sin agus bhí Sinéad, nach bhfuil ach trí troithe agus cúig horlaí ar airde, i gceartlár an aicsin. Acondrapláise nó gearrghéagacht a d’fhág gur duine beag í Sinéad ach is léir gur duine mór amach is amach í maidir le cumas agus le misneach.

Go luath ina dhiaidh sin, nuair a bhí Bantiarna Sussex Shasana, Meghan Markle ina haoi-eagarthóir ar Vogue na Breataine roghnaigh sí Sinéad Burke le bheith ar dhuine de na daoine a bheadh le feiceáil ar chlúdach na hirise do mhí Mheán Fómhair mar gur mheas sí gur ‘Force of Nature’ a bhí inti. Bhí Greta Thunberg agus Jane Fonda i measc na mban eile a roghnaigh Meghan Markle don chlúdach céanna.

Ach ní raibh deireadh déanta fós ag Sinéad Burke. Níos deireanaí sa bhliain roghnaigh an BBC í mar dhuine den 100 bean is mó cumas spreagtha agus is mó tionchar ar domhan. Sea, ar domhan.

Le linn na bliana freisin roghnaigh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn í mar bhall den Chomhairle Stáit.

Idir an dá linn, tá Sinéad Burke i mbun staidéir do chéim Ph.D. i gColáiste na Tríonóide.

Seo í an bhean chéanna a fuair aitheantas sa bhliain 2016 ón gCoiste Téarmaíochta don  téarma ‘duine beag’ mar aistriúchán ar ‘little person’, leagan atá ar fáil anois ar an suíomh téarma.ie. Deirtear ann gurbh ionann é agus duine ‘nach sroicheann gnáthairde an duine fásta mar gheall ar riocht sláinte ar nós abhcachta’.

Is léir óna bhfuil bainte amach ag Sinéad Burke le bliain anuas nach aon ghnáthdhuine í – réalta na bliana 2019 í go cinnte.    

Fág freagra ar 'Ba dheacair Sinéad Burke a shárú mar réalta faisin is stíle in 2019'