Ba chóir d’Údarás na Gaeltachta ‘Tionól Saoránach’ a bhunú agus ‘éisteacht leis an bpobal’

Deir an sagart aitheanta as Gaoth Dobhair Brian Ó Fearraigh gur cheart do bhord nua Údarás na Gaeltachta féachaint le ‘fóram éisteachta’ a bhunú a bheadh ionadaíoch ar phobal na Gaeltachta

Ba chóir d’Údarás na Gaeltachta ‘Tionól Saoránach’ a bhunú agus ‘éisteacht leis an bpobal’

Tá molta ag an sagart aitheanta as Gaoth Dobhair Brian Ó Fearraigh go mbunófaí macasamhail an ‘Tionóil Saoránach’ don Ghaeltacht.

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh inniu gur chóir do bhord nua Údarás na Gaeltachta féachaint le ‘fóram éisteachta’ a bhunú a bheadh ionadaíoch ar phobal na Gaeltachta.

Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt ó Fearraigh gurb é an chéad rud a chaithfeadh baill nuacheaptha bhord an Údaráis a dhéanamh ná “súil ghéar” a chaitheamh ar “fhís” na heagraíochta agus an cheist a chur “cad í an fhís atá againn le pobal beo bríomhar Gaeltachta a chothú, a láidriú agus a neartú sa Ghaeltacht?”.

Chun freagra na ceiste sin a fháil chaithfí “cluas ghéar éisteachta” a thabhairt do phobal na Gaeltachta féin agus a chinntiú go mbeadh “ionchur” ag an bpobal faoi “cá bhfuil ár dtriall”, a dúirt sé.

Cheistigh an sagart cén “gníomh údarásach” a bhí déanta ag an Údarás ar mhaithe leis an nGaeltacht a chothú agus a chaomhnú, agus dúirt sé gurb é a shamhlaigh sé féin leis an bhfocal ‘údarás’ in Údarás na Gaeltachta ná ‘cumhacht’, ‘ceannas’, ‘neart’ agus ‘máistreacht’.

“Údarás na ndaoine, sin an rud atá tábhachtach, go dtabharfaí údarás do phobal na Gaeltachta agus go suífí síos leosan agus go mbeadh sórt, cineál d’fhóram éisteachta ann.

“Tá a fhios againn le tamall anuas go bhfuil go leor cainte faoin Tionól Saoránach seo atá ag dul, an bhfuil am ann fá choinne a mhacasamhail sa Ghaeltacht fosta?” a dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh.

An tAthair Brian Ó Fearraigh

Dúirt an sagart Gaeltachta go raibh gá an “saoránach a chur i lár an mhargaidh” sa Ghaeltacht ach dúirt sé nárbh é sin “cultúr” Údarás na Gaeltachta “ar an drochuair”.

Deis a bhí i gceapachán an bhoird nua ar “athrú cultúir” a chur i bhfeidhm ar an eagraíocht fiontraíochta Gaeltachta, a mhaígh Ó Fearraigh.

Thagair Ó Fearraigh do na fadhbanna dífhostaíochta agus imirce i nGaeltacht Dhún na nGall agus dúirt go raibh “teaghlaigh briste suas” ag na fadhbanna céanna.

Cé go raibh an tÚdarás ag déanamh “a seacht ndícheall” dul i ngleic leis na fadhbanna sin, bhí gá, a dúirt sé, le hinfheistíocht “fhiúntach” agus “fhadtéarmach” a bhféadfadh pobal na Gaeltachta “muinín” a bheith acu aisti agus le “spreagadh” a thabhairt do “chomhlachtaí beaga dúchasacha” agus do chomharchumainn Ghaeltachta.

Ag labhairt dó ar an gclár céanna inniu, dúirt Máirtín Ó Méalóid, leaschathaoirleach Chomhlachas na gComharchumann agus na gComhlachtaí Pobalbhunaithe go raibh amhras air an raibh “an cineál céanna físe ná ceannródaíochta” i measc phobal na Gaeltachta is a bhí fiche bliain ó shin. Dúirt Ó Méalóid go m’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil muintir na Gaeltachta “dóite amach” ag easpa dul chun cinn, ach go bhfuil “gá le níos mó aicsin”.

Dúirt sé gurb é an rud is tábhachtaí ó thaobh Bhord nua Údarás na Gaeltachta de ná go dtabharfadh an Rialtas “maoiniú ceart” don eagraíocht chun go bhféadfaidís “a jab a dhéanamh i gceart”.

Fág freagra ar 'Ba chóir d’Údarás na Gaeltachta ‘Tionól Saoránach’ a bhunú agus ‘éisteacht leis an bpobal’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl ‘fhios agam caidé’n feidhm atá leis an eagraíocht sin ‘Údarás na Gaeltachta’ nó ní dhéanann siad ach Béarlóirí a mhealladh agus a thabhairt isteach sa Ghaeltacht – is cuma caidé’n earnáil a bhíonn siad bainteach leis.

    An bhfuil polasaí Gaeilge ag Údarás na Gaeltachta? An bhfuil fís acu don Ghaeltacht – achan Ghaeltacht agus Gael-cheantar sa tír?

    Caidé fá na heagraíochtaí fiontraíochta siúd taobh amuigh den Ghaeltacht? – An Oifig Fiontair Áitiúil, Fiontraíocht Éireann agus An tÚdarás Forbartha Tionscail (nó an IDA mar is fearr aithne air), nár cheart daofasan ionad nó oifig na Gaeilge bheith acu? Agus nár cheart do na heagraíochtaí seo bheith ag déanamh teangmáil i nGaeilg le hÚdarás na Gaeltachta??

    I mo thuairimse, tá athbhreithniú le déanamh ar Údarás na Gaeltachta agus tá stráitéis comhroghnach, comhtháite, fadthéarmach, inbhuanaithe de dhith le saol fiúntach, rathúil, sláintiúil, nach bhfuil bunaithe ar mhaoin saolta, a thabhairt do phobal na Gaeltachta.

  • Ruairí

    Bhí cineál tionól saoránach sa nGaeltacht cheana. Bhí cruinnithe ar fud na Gaeltachtaí ag Coimisiün na Gaeltachta sna 1990daí agus bhí plé sách domhan ag na cruinnithe faoi na dúshláin roimh mhuintir na Gaeltachta ag an am. An toradh a bhí ar na cruinnithe poiblí a d’eagraigh an Coimisiún ná tuarascáil! Nuair a tháinig an Straitéis 20bhliain amach is ar éigean a luadh an Ghaeltacht agus é sin in ainneoin an liosta fada moltaí dearfacha i dtuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta a foillsíodh i 2002.
    Cén fáth go mbeadh an Tionól Saoránach i dtuilleamaí bhoird neamhdhaonlathaigh Údaráis na Gaeltachta?
    Ní mór údarás dá chuid fhéin a thabhairt don tionól saoránach Gaeltachta atá molta ag an tAthair Ó Fearraigh agus ní mór iachall do bheith ar Dáil Éireann na moltaí a phlé agus aontú urthu nó diúltú dóibh. Gan sin is tuarascáil eile an toradh a bheadh ar thionól saoránach don Ghaeltacht.
    Teastódh clár sách radacach agus an éigeandáil eacnamaíoch, sóisialta agus teanga a bheith comh tromchúiseach sin ins na ceangracha ina bhfuil an Ghaeilge fós beo. Cé a leagfadh síos an clár radacach sin? Údarás na Gaeltachta? Beag an baol.

  • Gearóid de Grás

    Tá an ceart ar fad ag Ruairí anseo, faraoir. Agus in ionad tacaíocht a thabhairt do mholtaí Choimisiún na Gaeltachta, chuir siad iallach ar ball ar an sochtheangeolaí, an Dr Conchúr Ó Giollagáin, a chuid moltaí a bhaint amach as an tuarascáil aige siúd. “Tugaigí staitisticí dúinn a luífidh go breá ar an tseilf taobh leis na tuarascálacha eile ach in ainm Chroim ná tabhair moltaí dúinn faoin gcaoi le feabhas a chur ar chúrsaí! B’fhearr linn fanacht dall ar mholtaí!” Is léir le fada nach bhfuil an tÚdarás ag feidhmiú ach ar mhaithe leo féin (costaisí agus tuarastail) – tá an focal “údarás” mínithe go maith ag an sagart san alt thuas.