Ba chóir caiteachas sláinte an stáit a phleanáil dáiríre in áit síorfhógairt agus síor-athrú

B’fhearr pleanáil chinnte airgeadais ná síorfhógairt agus síor-athrú an bhuiséid sláinte

Ba chóir caiteachas sláinte an stáit a phleanáil dáiríre in áit síorfhógairt agus síor-athrú

Bhí an Dáil, an Seanad agus coistí an Oireachtais go léir díomhaoin i rith na seachtaine. Thug an briseadh deis don Taoiseach cuairt a thabhairt ar an gCóiré Theas, agus deis don scríbhneoir seo breathnú go mion ar an scór go dtí seo sa chluiche bliantúil sláinte.

Is léir faoin am seo rialacha an chluiche agus na céimeanna a thógtar ann bliain i ndiaidh bliana:

  1. Iarrann an Roinn Sláinte maoiniú breise don bhliain dár gcionn.
  2. Ceadaíonn an rialtas caiteachas níos lú ná iarratas na Roinne.
  3. Tugtar le fios nach leor an méid atá beartaithe a chaitheamh.
  4. Ní thairgeann an rialtas breis airgid don bhliain dár gcionn.
  5. Deirtear le hairí nár cuireadh dóthain ar fáil don bhliain reatha.
  6. Cuirtear breis airgid ar fáil i meastachán breise don bhliain reatha.
  7. Fógraíonn an HSE ‘plean seirbhíse’ don bhliain dár gcionn, ach…
  8. Léirítear go mbeidh easnamh i mbuiséad na bliana sin freisin.
  9. Iarrann an Roinn Sláinte maoiniú breise don bhliain dár gcionn.
  10. Tosaíonn an cluiche céanna arís, agus arís, agus arís eile.

Maith dhom a léitheoir dhil go bhfuil ‘cluiche’ á thabhairt anseo ar an bpróiseas seo. Is cur síos leathmhagúil ach leathchruinn é ar phleanáil lochtach airgeadais nach gcuireann fíorchostais ná fíormheastachán fáis san áireamh agus buiséad an rialtais á dhréachtú.

Is idir céim a ceathair agus céim a sé den ghnáthsceideal imeartha atá cluiche na bliana seo, a pléadh ag cruinniú de choiste sláinte an Oireachtais an tseachtain seo caite.

Céim a haon. D’iarr an Roinn Sláinte €2 billiún sa bhreis ar dheontas na bliana seo.

Céim a Dó. Thairg an rialtas €800 milliún sa bhuiséad.

Céim a Cúig. Tugadh le fios ó shin go mbeidh easnamh thart ar €1.5bn i mbuiséad Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi dheireadh mhí na Nollag.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte Robert Watt (a d’iarr agus a fuair ardú ar an ngnáththuarastal in 2021 nuair a d’aistrigh sé ón ard-rúnaíocht sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe) leis an gcoiste go raibh mór-athruithe de dhíth sa tseirbhís sláinte.

Bhí caiteachas sláinte an rialtais méadaithe faoi dhó ó 2016, a dúirt sé, ach níor tháinig ach méadú 10-20 faoin gcéad ar líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu sa tréimhse chéanna.

Chuir Watt an milleán (maith dhom an béarlagair, ach sin mar a labhair sé) ar dhroch-infreastruchtúr, ar easpa úsáide na teicneolaíochta faisnéise agus ar mhodhanna lochtacha oibre. Thagair sé freisin don chonradh a chuir bac go dtí seo ar rannpháirtíocht na gcomhairleoirí ospidéil i gceannasaíocht an chórais.

Dúirt príomhfheidhmeannach an HSE Bernard Gloster go gcuirfeadh deontas an rialtais bac ar fhorbairt na seirbhíse an bhliain seo chugainn. Choinneofaí leibhéal na seirbhíse bord ar bhord lena leibhéal i mbliana. Fiú ar an mbonn sin áfach tá an Fheidhmeannacht ag glacadh leis go mbeidh easnamh eile sa bhuiséad in 2024.

D’admhaigh Gloster nach raibh smacht ar earcaíocht chomh láidir agus a bhí riachtanach (chuir Paschal Donohoe i leith an HSE go raibh níos mó oibrithe breise á n-earcú acu ná mar a socraíodh lena roinn). Ní foláir cuimhneamh gur i mí an Mhárta i mbliana a thosaigh tréimhse Gloster mar phríomhfheidhmeannach.

Chuir urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane i leith an rialtais go raibh cinneadh déanta acu gan an tseirbhís sláinte a mhaoiniú i gceart an bhliain seo chugainn agus go gcuirfí othair i mbaol dá bharr.

Ní nach ionadh níor admhaigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly go mbeadh contúirt i gceist ach ní tearc an fhianaise gur shocraigh an rialtas gan dóthain airgid a chur ar fáil faoi láthair don tseirbhís sláinte in 2024.

Is léir arís i mbliana faraor nach bhfuil caiteachas sláinte á phleanáil i gceart. Ní haon rún é, mar shampla, go bhfuil an daonra ag dul i méid agus in aois agus riachtanais ag méadú dá réir.

Ní haon rún é ach oiread gur gá airgead a chur san áireamh i ngach buiséad i gcomhair caiteachas gan choinne. Níl ciall ach oiread le buiséad ar bhonn go dtiocfaidh easnamh chun solais ann gach bliain.

Bheadh an drochriar agus an drochphleanáil dona go leor dá mbeadh buiséad leagtha amach le plean ‘Sláintecare’ (a foilsíodh in 2017) a chur i bhfeidhm. Faraor, níl plean ná clár ama lena aghaidh leagtha amach fós.

Beidh a thuarastal breá tuillte ag an Ard-Rúnaí Watt má éiríonn leis na cúrsaí seo a fheabhsú.

Fág freagra ar 'Ba chóir caiteachas sláinte an stáit a phleanáil dáiríre in áit síorfhógairt agus síor-athrú'