‘Ba cheart Éire a athshamhlú mar thír dhátheangach trí scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de gach bunscoil’ – Ger Colleran

Caithfear a chur ar a súile do dhaoine gur “chun leas na sochaí” a bheadh sé dá mba scoil lán-Ghaeilge gach bunscoil sa tír, a dúirt iar-eagarthóir The Irish Star

‘Ba cheart Éire a athshamhlú mar thír dhátheangach trí scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de gach bunscoil’ – Ger Colleran

Ger Colleran. Pictiúr: Rolling News.

Tá molta ag an Ollamh Cúnta le hIriseoireacht in Ollscoil Luimnigh, Ger Colleran, go ndéanfaí Gaelscoil de gach bunscoil sa tír. Ina cholún ar an Irish Daily Star, dúirt iar-eagarthóir an nuachtáin sin gur cheart Éire a athshamhlú mar thír dhátheangach trí scoil lánGhaeilge a dhéanamh de gach bunscoil.

Dúirt Colleran gur theip ar an gcóras oideachais chomh fada is a bhain sé le teagasc na Gaeilge le céad bliain anuas.

Scríobh sé ar a cholún gur “teip ghlan agus cur amú airgid” a bhí i dteagasc na Gaeilge go dtí seo agus gur chothaigh an bealach inar mhúintí í olc agus ”gráin” i measc an phobail don teanga.

Dúirt Colleran áfach gur “léir don dall” réiteach na faidhbe — Gaelscoil a dhéanamh de gach bunscoil. Mhaígh sé go bhfuil gluaiseacht na Gaelscolaíochta ar cheann de ghnéithe an chórais oideachais is mó rath.

“Caithfimid a rá linn féin ‘an gcuirfidh muid suas leis an oidhreacht uafásach, dhorcha seo a fágadh againn maidir le múineadh na teanga, nó an athróimid é? Tá múnla iontach againn ann, agus ní bheadh aon fhadhb ann é a chur i bhfeidhm dá mbeadh toil an phobail agus toil na n-údarás ann chuige sin,” a dúirt sé le Newstalk ar maidin.

Dúirt iar-eagarthóir an Irish Daily Star go mba ghá an plean a mhíniú don dhaoine chun go mbeadh tacaíocht an phobail aige ach mhaígh sé go raibh an teanga “ag teastáil” ón bpobal agus go raibh “dea-thoil” ann di.

Chaithfí a chur ar a súile do dhaoine gur “chun leas na sochaí” a bheadh sé dá mba scoil lán-Ghaeilge gach bunscoil sa tír, a dúirt sé. Chaithfí a mhíniú dóibh chomh maith gurb ionann an dátheangachas agus “bronntanas mór millteach”.