‘Ba bhreá liom cláirseach Ghaelach ach glacfaidh mé le triantán le sreanga air!’ – emoji nua le seoladh

Beidh an chláirseach, siombail náisiúnta na hÉireann, i measc na emoji nua a sheolfar i mí Mheán Fómhair

‘Ba bhreá liom cláirseach Ghaelach ach glacfaidh mé le triantán le sreanga air!’ – emoji nua le seoladh

Ní fada go mbeidh emoji eile ar fáil do mhuintir na hÉireann lena nÉireannachas – nó a spéis sa cheol – a chur in iúl. Fógraíodh Dé Máirt seo caite, Lá Idirnáisiúnta Emoji, go bhfuil an chláirseach, siombail náisiúnta na hÉireann, le bheith i measc na emoji nua a sheolfar i mí Mheán Fómhair na bliana seo

‘Cláirseach – uirlis cheoil thriantánach a sheinntear trí na sreanga ingearacha a phiocadh leis na méara’ an cur síos atá déanta ag an mbunachar emoji Emojipedia ar an uirlis a shamhlaítear go mór le hÉirinn. Tá an chláirseach ina comhartha suaitheantais ag Rialtas na hÉireann, Uachtarán na hÉireann agus ar bhoinn Éireannach an euro.

Tá an chláirseach mar lógó ag an gcomhlacht Guinness freisin, branda a shamhlaítear le hÉirinn ar fud an domhain mhóir, agus samhlaítear í le carachtair thábhachtacha i stair agus seanchas na hÉireann, leithéidí Bhriain Bhóirmhe, Ard-Rí Éireann, agus Toirdhealbhach Ó Cearrbhalláin ‘An Cláirseoir Caoch’.

Cuireadh an chláirseach leis an dréachtliosta Emoji 16.0 níos túisce i mbliana agus meastar go mbeidh sé ar fáil in Unicode 16.0 i mí Mheán Fómhair. Is iondúil go dtógann sé cúpla seachtain ar na hardáin mhóra – leithéidí Apple, WhatsApp, X, agus eile –  a leagan féin den emoji a dhearadh agus a chur ar fáil. Táthar ag súil go mbeidh an chláirseach ar roghchlár na emoji ar fad i míonna tosaigh 2025.

De réir an sceidil atá leagtha amach d’eisiúint na emoji nua, beidh an chláirseach ar fáil ar One UI Samsung i mí Dheireadh Fómhair, ar Google i mí Dheireadh Fómhair nó mí na Samhna, ar WhatsApp i mí Eanáir nó mí Feabhra, ar sheirbhísí Apple i mí an Mhárta nó mí Aibreáin, ar Facebook i “samhradh na bliana 2025”, agus ar Facebook i “bhfómhar na bliana 2025”.

Fágfaidh an nuashonrú seo go mbeidh trí emoji ar fáil a bhaineann go sonrach le hÉirinn – trídhathach na hÉireann, an tseamróg, agus an chláirseach. Is minic a úsáidtear an tseamair Mhuire ar na meáin shóisialta nuair atáthar trácht ar Éirinn freisin, cé gur dócha ná a mhalairt gur botún é seo agus gur seamróg a bhíonn i gceist ag na tráchtairí.

Dúirt an cláirseoir Úna Ní Fhlannagáin, atá ina cónaí in Inis Meáin, go bhfuil “ríméad” uirthi go mbeifear in ann an chláirseach a úsáid mar emoji chun ár “bhféiniúlacht náisiúnta” a chur in iúl.

“Is uirlis draíochta an chláirseach agus iliomad cruthanna uirthi thar timpeall an domhain. Tá traidisiún cláirseoireachta na hÉireann, atá tuairim is míle bliain d’aois, an-uathúil. Tá ríméad orm go mbeidh an tsiombail nua seo againn chun ár bhféiniúlacht náisiúnta a chur in iúl, agus tagairt a dhéanamh dár ndúchas saibhir ceoil.

“Is dúshlán a bheidh ann do na dearthóirí grafaicí siombail a chruthú a léiríonn codanna de gach cineál cláirsí – go pearsanta, ba bhreá liom an chláirseach lámhchruinn chuarach Ghaelach a fheiceáil. Mar sin féin, glacfaidh mé le haon triantán a bhfuil sreanga air, agus bainfead leas as go minic!” a dúirt Ní Fhlannagáin le Tuairisc.

Fág freagra ar '‘Ba bhreá liom cláirseach Ghaelach ach glacfaidh mé le triantán le sreanga air!’ – emoji nua le seoladh'